Ceisteanna bunúsacha le freagairt ag aon fhiosrúchán faoin bpaindéim i dtithe altranais

Má tá ceacht ar bith le foghlaim ó na hÁrais Máithreacha agus Leanaí is é nach mbíonn ó dhaoine go hiondúil ach an fhírinne faoin méid a tharla dóibh féin agus dá ndaoine muinteartha

Ceisteanna bunúsacha le freagairt ag aon fhiosrúchán faoin bpaindéim i dtithe altranais

Tá ag méadú ar an mbrú go mbunófaí fiosrúchán faoin mbealach ar láimhseáladh géarchéim an Covid-19 i dtithe altranais na tíre. Bhí alltacht ar an bpobal i dtús na paindéime faoi na tuairiscí faoi dhaoine aosta a bhí ag fulaingt leis an ngalar i dtithe altranais, faoi easpa áiseanna, easpa foirne agus easpa acmhainní. Rinne os cionn 1,800 teaghlach ar fud na tíre clamhsán le HIQA, an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, faoin imní a bhí orthu faoi gcaoi ar láimhseáladh an galar sna tithe altranais agus an bealach ar caitheadh lena gcuid daoine muinteartha. Bhí ar a laghad cás amháin den ghalar in 82% de thithe altranais na tíre.

Tá cróinéirí na tíre ag cur leis an mbrú go mbunófaí fiosrúchán neamhspleách faoin Covid-19 sna tithe altranais. Deir na cróinéirí nach bhfuil ar a gcumas na cásanna atá ag teacht os a gcomhair a láimhseáil mar is ceart. Baineann obair na gcróinéirí le fiosrúchán a dhéanamh faoin tsiocair bháis a bhí ag duine.

Baineann go leor de na ceisteanna sna cásanna seo leis an gcaoi ar tholg duine an galar, an bealach ar láimhseáladh é agus an fáth nach raibh níos mó práinne chun gnímh ann nuair a tuigeadh go raibh ráig den ghalar in ionad ar leith.

De bharr na srianta ní raibh cuairteoirí ag dul isteach sna tithe altranais. Ní raibh ar chumas teaghlaigh labhairt lena gcuid gaolta aosta ná cuairt a thabhairt orthu.

Baineann go leor de na ceisteanna mar sin lena laghad eolais agus atá acu agus na ceisteanna nár freagraíodh nuair a cuireadh iad.

Tá leide faighte againn cheana féin go bhfuil sé i gceist ar tharla sna tithe altranais sa tír a fhiosrú. Tá drogall ar an Aire Sláinte Stephen Donnelly a leithéid a bhunú mar go gcreideann sé go bhféadfadh go mbeadh deacrachtaí ó thaobh an dlí ag baint leis agus go mbeadh an fiosrúchán sáinnithe sa dlí ar feadh i bhfad.

Nach tráthúil agus muid i lár conspóide nua faoin mbealach ar láimhseáladh an fiosrúchán faoi árais na máithreacha agus leanaí go mbeadh ceisteanna á gcur in athuair faoin bhfiúntas a bhaineann lena leithéid agus na deacrachtaí a chruthaíonn siad do na húdaráis.

Má tá ceacht ar bith le foghlaim ó na hÁrais Máithreacha agus Leanaí is é nach mbíonn ó dhaoine go hiondúil ach an fhírinne faoin méid a tharla dóibh féin agus dá ndaoine muinteartha.

Bíonn imní ar lucht deartha na bhfiosrúchán seo faoin gcostas a bhainfidh le cúiteamh agus cásanna dlí. Cé go mbíonn ceisteanna éagsúla le freagairt is í an cheist is bunúsaí a bhíonn ag formhór na ndaoine de ghnáth – ar caitheadh mar is ceart le mo dhuine muinteartha agus an bhfuair siad an cúram a bhí dlite dóibh?

Ní mór a cinntiú nuair a bhunaítear pé fiosrúchán a dhéanfar ar deireadh faoi Covid-19 sna tithe altranais gurb iad sin na ceisteanna a bheidh á gcur ionas go mbeidh freagraí ar fáil do dhaoine agus nach gcuirfear lena mbriseadh croí trí bheith ag iarraidh eolas a bhainistiú nó a cheilt ar mhaithe le cúiseanna dlí a sheachaint.

Fág freagra ar 'Ceisteanna bunúsacha le freagairt ag aon fhiosrúchán faoin bpaindéim i dtithe altranais'

  • An Teanga Bheo

    Fiosrúchain ach níl aon duine ag foghlam uatha obair do dliodóirí atá i gceist iontu.

  • Jo

    An-alt a Mháirín, agus aontaím go hiomlán leat. Ba léiriú í tréimhse na paindéime go ligtear de na tithe altranais feidhmiú gan mhonatóireacht mar is ceart. Tá ceisteanna le freagairt ag na comhlachtaí, agus teaghlaigh, atá ina mbun faoin gcaighdeán sna tithe seo. Na cinn phríobháideacha ach go háirithe.

    Freisin, bhíodh na comhlachtaí seo roimh na paindéime an-sásta idirdhealú a dhéanamh eatarthu féin agus cinn Stáit, ach ní raibh drogall orthu tacaíocht as cuimse á lorg nuair a tháinig an crú ar an tairne.

  • Antóin

    Géarghá le fiosrúchán d’ainneoin drogall an Aire Sláinte. Fiosrúchán á lorg faoi líon ard básanna sna tithe altranais agus An tAire Sláinte ag tarraing a chos ina dhiaidh! Náireach. Ba cheart do a cheann a chromadh. Agus ba cheart don rialtas déanamh amhlaidh.

    Lean ort ag scríobh faoin ábhar seo.