Ceist na tuaithe cíortha gan aon olagón i gCorca Dhuibhne

Léirigh 7Lá na seachtaine seo go bhféadfadh sé tarlú cheal tacaíochta gur préacháin agus lucht tithe saoire a bheidh mar chomharsain ag a chéile i gCorca Dhuibhne

Ceist na tuaithe cíortha gan aon olagón i gCorca Dhuibhne

‘Pobal tuaithe na hÉireann faoi léigear; an athrú saoil é seo nó an polasaí stáit é?’ B’in í an cheist a chuir Páidí Ó Lionáird chugainn ag tosach eagrán Dé Máirt de 7Lá. Ba chlár speisialta a bhí againn an tseachtain seo óir go raibh sé ag teacht chugainn ó stáisiún Raidió na Gaeltachta i mBaile na nGall. Ba léir sin ón gcéad luí súl agus cúlbhrat 7Lá ar foluain taobh le ceann RnaG.

Creimeadh ar shaol na tuaithe a bhí mar théama ag an gclár agus cuireadh clár tathagach agus taitneamhach os ár gcomhair. Díríodh ar phobail Pharóiste Múrach agus Pharóiste na Cille in Iarthar Duibhneach mar go bhfuil cúpla buille buailte ar sheirbhísí ansin le tamall. Is le déanaí a dúnadh Tigh a’Phoist, siopa grósaera a bhí ag friotháilt ar an bpobal leis na cianta cairbreacha.

Lena chois sin ní fada ó shin ó iadh na doirse in Oifig an Phoist i mBaile na nGall, tigh is teaghlach eile a bhí i mbun a gcúraimí le cúpla glúin. Fágann sin nach bhfuil aon siopa sa dá pharóiste seo agus go bhfuil ar an bpobal taisteal ’on Daingean nó siar ar an mBuailtín. Is bocht an scéal é seo do cheantar ina raibh ceithre shiopa dhéag sna daichidí.

Bhí tuairisc ealaíonta, mhothúchánach ag Seán Mac an tSíthigh ag tosach an chláir is é ag trácht ar phobal a bhfuil ‘a ndrom le Cnoc Bréanainn agus a n-aghaidh le fiántas an Atlantaigh’ acu. Cé go bhfuil buanseasmhacht, cruachtaint

agus crógacht ag baint leis an bpobal a cuireadh inár láthair fágann buillí ar sheirbhísí, cinn phríobháideacha agus phoiblí, gur tréimhse chinniúnach í seo don cheantar.

Ina dhiaidh sin dhein Páidí Ó Lionáird dreasanna cainte le seisear de mhuintir na háite. Taibhsíodh dom gurbh ait an rud é nach raibh na haíonna suite chun boird, rud a d’éascódh caint is plé nádúrtha. Ina theannta sin chuaigh an fhuaim sa bhfraoch anois is arís agus í beagáinín as sionc.

Ceist chigilteach, iltoiseach is ea creimeadh shaol na tuaithe a bhfuil baint aici le seirbhísí, le nósanna maireachtála, le cúrsaí oideachais, fostaíochta, agus daonra agus a lán rudaí eile nach iad. Tá rannpháirtithe an chláir le moladh as léargas a thabhairt ar an ábhar fíorchasta seo seachas a bheith báite go hiomlán san olagón. Labhair an gníomhaí pobail Tommy Jim Mac Gearailt  go paiseanta faoin ndaonra a bheith buanseasmhach go maith in ainneoin na ndúshlán ar fad. Míorúilt ab ea í, dar leis.

Thrácht an t-iascaire Seáinín Mac Eoin ó Bhaile na nGall ar chomhdhéanamh a bhaile féin; tithe saoire iad formhór na dtithe agus níl ach seachtar as an tríocha a seacht duine atá ina gcónaí ar an mbaile idir fiche agus seasca bliain d’aois. Labhair Sharon Ní Chonchúir agus Denise Uí Bheaglaoich go tomhaiste, meáite faoi chúrsaí gnó agus cad a d’fhéadfaí a dhéanamh. Dúirt Denise go bhféadfadh a thuilleadh tacaíochta a bheith tugtha ag an bpobal do na siopaí beaga áitiúla. Thug Pádraig Firtéar, iar-phríomhoide scoile agus gníomhaí pobail, le fios go ngnóthaíonn 80% d’ógánaigh na leithinse cáilíochtaí tríú leibhéal, rud a thugann léargas ar an mbaint atá ag oideachas/fostaíocht leis an bhfadhb.

Ní inniu ná inné a tháinig drochmhianach ar an bpobal faoi chúrsaí pleanála agus léirigh Breanndán Ó Beaglaoich é sin go paiteanta is é ag cur síos ar a odaisé pleanála féin. ‘Tá Corca Dhuibhne á thréigint, níl faic againn ach tithe préacháin,’ a dúirt sé go seanbhlastúil agus le drochmhianach. Bhí an méid ag teacht sin le caint Shéamuis a mhaígh nach féidir le daoine áitiúla tithe a cheannach agus iad á n-alpadh ag lucht na dtithe saoire. Maireann Seán Ó Cuinn leis féin agus níl aon mhótar aige agus sí a chaint siúd a thug léargas ar an scoiteacht agus uaigneas a bhaineann le saol na tuaithe.

‘Is fearr comharsain mhaith ná do chuid féin,’ a dúirt

Seán John Bán ón bhFeothanaigh le Denise Uí Bheaglaoich uair amháin is é ag trácht ar an tslí go mbíonn seanlánúineacha ag brath ar chomharsain nuair atá a seolta ardaithe ag a gclann.  Is léir ón gclár seo gur tréimhse chinniúnach í seo do na paróistí seo, agus ceantair eile nach iad.  Caithfidh áisíneachtaí an Stáit agus na pobail iad féin aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhifriúla nó d’fhéadfadh sé tarlú gur préacháin agus lucht tithe saoire a bheidh mar chomharsain ag a chéile.

Fág freagra ar 'Ceist na tuaithe cíortha gan aon olagón i gCorca Dhuibhne'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Tá sé de cheart ag éinne nó ag aon dream siopa a oscailt nó a dhúnadh, fé mar ar tharla sna cásanna thuasluaite. Ach tá siopa ag brath ar éileamh an phobail áitiúil. Tá sé de nós ag daoine an lae inniu go bhfuil mótair acu a gcuid siopadóireachta a dhéanamh in ollmhargaidh an bhaile mhóir. É sin ráite, tá Siopa an Bhuailtín agus Oifig Phoist Cheann Trá ag dul i ngleic leis na dúshláin seo agus seirbhísí á gcur ar fáil acu a chruthaíonn éileamh. Ach ina n-ainneoin, tá an duine aonarach gan mótar fágtha ar lár agus an t-am tagtha athuair, b’fhéidir, le siopa taistil a sholáthraíonn na riachtanaisí bunúsacha a chur ar bun. Múnann gá seift.