Tá bliain caite ó chuir Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe an cinneadh i gcás Roe v Wade ar neamhní.
Tá stáit, go háirithe i ndeisceart na tíre, ar a míle dícheall ó shin ag iarraidh a mbrí féin a thabhairt don bhreithiúnas sin ó tharla dlíthe a bhaineann le ginmhilleadh, agus go minic sláinte na mban, a bheith faoi chúram na stát arís seachas Washington.
An tseachtain seo, tá duine díobh siúd atá sa tóir ar ainmniúchán na bPoblachtach, an t-iarLeas-Uachtarán Mike Pence, ag éileamh go dtacódh gach uile Stát le cosc ar ghinmhilleadh ó chúig seachtaine déag ar aghaidh.
Tá sé ag iarraidh ar an dáréag eile atá sa tóir ar ainmniúchán freisin tacú go poiblí leis an éileamh atá aige. Cúis cheiliúrtha a bhí sa mbreithiúnas a chuir deireadh le Roe v Wade, a deir Pence agus is cóir a chinntiú go mbeidh an toradh sin daingnithe i ndlí na Stát Aontaithe.
Cén chaoi gur féidir leis na hiarrthóirí a leithéid de dhearbhú a thabhairt nuair a léiríonn pobalbhreitheanna go bhfuil 60% ag iarraidh go mbeadh seirbhísí ginmhillte ar fáil mar a bhí siad faoi Roe v Wade.
Ach ar athraigh an dlí taca an ama seo anuraidh, thapaigh trí cinn déag de stáit an deis le cosc iomlán a chur ar ghinmhilleadh ina gcuid stát. Tá sé in aghaidh an dlí i gcuid acu taisteal go stát eile le ginmhilleadh a fháil. Tá cosc dá chur ag gobharnóir Alabama, Tommy Tubberville, ar ardú céime sna fórsaí cosanta d’aon bhean a raibh ginmhilleadh aici.
Tá deighilt i measc mhuintir na Stát Aontaithe ar an iliomad ábhar faoi láthair agus tá ceist an ghinmhillte i measc na gceisteanna is íogaire díobh. Tá an pobal ag iarraidh nach mbeadh cosc iomlán ar ghinmhilleadh.
Tá eite den pháirtí Poblachtach glan in aghaidh ginmhilleadh a bheith ar fáil ag aon tráth agus iad ag iarraidh a chinntiú go mbeidh a gcuid tuairimí i lár an aonaigh le linn an fheachtais uachtaránachta. Tuigeann leithéidí Chris Christie go bhfuil an cheist seo achrannach agus deir sé gur cheart an cheist a fhágáil mar atá, faoi chúram na Stát.
Tá na hiarrthóirí eile – Trump ina measc – ag seachaint na ceiste mar go dtuigeann siad go gcothóidh sé deacrachtaí dóibh i measc na mban.
Idir an dá linn, is mian leis na Daonlathaigh leas polaitiúil a bhaint as an ábhar agus ceist an ghinmhillte a bheith sáite i lár an fheachtais. Is é leas an pháirtí daoine a bheith oibrithe faoin nginmhilleadh agus na Poblachtaigh a bheith deighilte.
Beidh tús dá chur leis an bhfeachtasaíocht i ndáiríre an mhí seo chugainn nuair a bheidh an chéad díospóireacht idir na hiarrthóirí Poblachtacha.
Tá Trump ag bagairt ócáid dá chuid féin a reáchtáil, rud a chuideoidh leis an cheist a sheachaint. B’fhéidir go mbeadh sé in ann í a sheachaint ar an 23 Lúnasa ach tá le fiafraí cé chomh fada eile. Cloisfear go leor faoi chearta ginmhillte sna Stáit Aontaithe as seo go ceann bliain go leith.
Sléibhteoir
Tá cosc ar ghinmhilleadh sa tír seo th’éis 12 seachtain, níl Pence ag iarradh ach teorann 15 seachtain a chur i bhfeidhm. Polasaí níos liobrálaí ná an dlí reatha in Éirinn! De réir pobalbreithe RTÉ ag an am ní raibh ach 51% sa tír seo i bhfábhar an 12 seachtain a chur ar fáil fiú an uair sin.
Ghlac Cúirt Uachtarach Mheiriceá ról pairliminte chuici féin nuair a cinneadh Roe v Wade. Ceist pholaitiúil a bhí ró-chonspóideach don chóras daonlathach, agus is amhlaidh a dheimnigh an chúirt go raibh sé i gceist ag Bunreacht na tíre, (a scríobhadh san 18ú aois) ceart ginmhillte gan srian a bhronnadh ar mhná. D’fhéadfá ginmhealladh a dhéanamh ar leanbh lán-forbartha ag naoi mí de réir Roe v Wade.
“Ní gá dúinn an cheist chonspóideach faoi chathain a thosnaíonn beatha [linbh] a réiteach” a dúirt na Breithiúna an uair sin.
Ní dhéanann sé aon mhaitheas don daonlathas má ghlacann na cúirteanna ról an reachtóra. Déanann ionadaithe tofa an phobail dlíthe a chruthú, déanann cúirteanna iad a mheas agus a chur i bhfeidhm. Níl aon mhaitheas ach oiread i mbreithiúna a phioctar ar bhonn polaitiúil ionas go gcuirfidh siad polasaithe a bpáirtí i bhfeidhm ana cúirteannaibh.