Ceist an ghinmhillte ó thuaidh – ní fhanfaidh na mná atá ag éileamh athrú ina dtost

Tá ceist an ghinmhillte á tabhairt ar ais chun cúirte i mBéal Feirste agus an chóir leis an bhfeachtas a éilíonn leasuithe ar an dlí

Ceist an ghinmhillte ó thuaidh – ní fhanfaidh na mná atá ag éileamh athrú ina dtost

Chaill lucht an fheachtais ar son athruithe ar an dlí maidir le ginmhilleadh i dTuaisceart Éireann an babhta is deireanaí, ach tá a bhfeachtas ag bailiú nirt. Theip ar a gcás sa Chúirt Uachtarach ar phointe teicniúil dlí ach d’eisigh na Tiarnaí Dlí barúlacha gur sárú ar chearta daonna na mban é dlí an Tuaiscirt faoi ghinmhilleadh. Bhí feisirí Parlaiminte i Westminster den bharúil chéanna.

Níor chuir an vóta Parlaiminte ná tuairimí mhóramh na dTiarnaí sa Chúirt Uachtarach ceangal ar rialtas na Breataine an toirmeasc ar ghinmhilleadh a chur ar ceal. Thug sé sin uchtach don fheachtas in éadan an ghinmhillte a mhaíonn gur gnó do Stormont amháin é; tá siad meáite de go dtabharfadh Teachtaí logánta an t-eiteachas do leasú d’ainneoin moltaí a bheith acu ó mheitheal oibre a mhol athruithe.

Níl aon chosúlacht ar an scéal go gcuirfear Stormont ar a bhoinn arís go luath. Níl aon seans ach oiread go bhfanfaidh na mná atá ag éileamh athruithe ar bhonn cearta ina stad ná ina dtost. Bhí feachtas láidir acu le blianta agus thug an reifreann ó dheas uchtach breise dóibh. Anois tuigtear ó bharúlacha na dTiarnaí Dlí go n-éireodh le cás cúirte a thionscnódh bean ar ceileadh ginmhilleadh uirthi. Ba ar an bpointe teicniúil nach raibh an seasamh ag Coimisiún Thuaisceart Éireann um Chearta Daonna chun cás dlí a thógáil ach go raibh an ceart sin ag bean a raibh ginmhilleadh á cheilt uirthi. I bhfianaise na dtuairimí sin, dúirt Sarah Ewart go ngabhfadh sise chun na hArd-Chúirte i mBéal Feirste mar gur sáraíodh a cearta nuair a b’éigean di a dhul go Sasana le haghaidh foirceannadh toirchis mar nach raibh a leanbh inmharthana.

Má éiríonn leis an gcás sin tuigim go gcuirfeadh rialú na cúirte ceangal ar rialtas na Breataine. In éagmais Stormont agus ós sárú ar Alt 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine a bheadh i gceist bheadh freagracht ar rialtas na Breataine gníomhú chun breithiúnas na cúirte a chur ar bhonn reachtúil. Ní saineolaí ar an dlí mise, ach maíonn an-chuid údar gur geall le treoir don Ard-Chúirt é anailís na dTiarnaí sa Chúirt Uachtarach.

Díol suntais ab ea an méid a dúirt an Chúirt Uachtarach faoi údarás na reachtóirí i gcomórtas leis na cúirteanna. Maíonn feachtasóirí in aghaidh an ghinmhillte go seasta nach bhfuil sé de cheart ag aon dream ach rialtas díláraithe reachtaíocht a rith faoin gceist íogair achrannach seo. Ba chosúil gur aontaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste leis an tuairim sin anuraidh ach is fiú freagra an Bhantiarna Hale, Uachtarán na Cúirte Uachtaraí a scrúdú.

Ar sise, “this is not a matter on which the democratic legislature enjoys a unique competence”. Baineann sé, a dúirt an Bhantiarna, le cearta bunúsacha –ábhar a bhfuil na cúirteanna chomh cáilithe leis an Reachtas chun é a mheas. Seans go bhfuil na cúirteanna níos oilte sna ceisteanna sin, dar léi, mar go dtig leo an fhianaise agus na hargóintí a mheas go fuarchúiseach gan brú ná tromaíocht ó ghrúpaí seachtracha.

Níor ghlac sí leis an maíomh a dhéanann an DUP, TUV agus feachtais ‘ar son na beatha’ go raibh móramh i dTuaisceart Éireann in aghaidh leasuithe ar an dlí. Ní raibh fianaise ar bith ar fáil go raibh móramh in éadan leasuithe ar an dlí maidir leis na réimsí a bhí faoi bhráid na cúirte – ginmhilleadh nuair nach mbeadh féatas inmharthana, i gcás éignithe agus tar éis ciorrú col. A mhalairt atá fíor, a dúirt sí. Bhí sí níos géire ná breithiúna eile ina barúil gur íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach é an chaoi a gcaitear le mná sna trí réimse a bhí faoi chaibidil.

Dúirt Leas-Uachtarán na Cúirte Uachtaraí, an Tiarna Manse, go raibh an dlí i dTuaisceart Éireann do-chosanta agus nár mhór é a athscrúdú ó bhonn. Bhí cúigear den seachtar Tiarna Dlí den bharúil go bhfuil an dlí díréireach. Mheas ceathrar acu gur sháraigh sé cearta daonna sna trí rang: féatas neamh-mharthana, éigniú agus ciorrú col. D’aontaigh tiarna eile leo i gcás an linbh nach mairfeadh.

Dúirt an Státrúnaí Karen Bradley go scrúdódh rialtas na Breataine an breithiúnas go cúramach. Bheidís i mbun machnaimh. Más treoir ar bith na ceisteanna ar gheall Karen Bradley go ndéanfaí machnamh orthu go dtí seo ní bheidh aon deifir uirthi agus ceangal na gcúig gcaol ag an DUP ar Rialtas Theresa May. Ní imeoidh an cheist le gaoth áfach; tá an chóir leis an bhfeachtas a éilíonn leasuithe ar an dlí agus luath nó mall caithfear déileáil léi.

Fág freagra ar 'Ceist an ghinmhillte ó thuaidh – ní fhanfaidh na mná atá ag éileamh athrú ina dtost'