Ceist an Chomhionannais á cíoradh in OÉG

Cruinniú práinneach á lorg le hUachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag Trevor Ó Clochartaigh agus Matt Carthy leis an imní atá orthu maidir le ceist cearta comhionannais san ollscoil sin a phlé leis.


NUI Galway

Tá Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, agus a chomhghleacaí, an Feisire Eorpach Matt Carthy, ag lorg cruinniú ar bhonn práinne le hUachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, leis an imní atá orthu maidir le cearta comhionannais san ollscoil a phlé leis.

An tseachtain seo caite, chas polaiteoirí Shinn Féin le baill de SIPTU san ollscoil atá ag iarraidh go mbunófaí fiosrúchán neamhspleách faoi gach gné de pholasaí comhionannais na hOllscoile agus a chreideann go bhfuil cleachtas na héagothromaíochta chomh forleathan in ollscoileanna áirithe go bhfuil eagla ar oibrithe labhairt amach faoi.

Tá lucht SIPTU den tuairim go bhfuil ceisteanna le freagairt ag údaráis na hollscoile i gconaí faoi dheireadh a bheith curtha, dar le baill an cheardchumainn, “le chuile ghné de leithcheal struchtúrtha san institiúid”.

Le déanaí, chinn an Binse Comhionnanais go n-íocfaí €70,000 leis an Dochtúir Micheline Sheehy Skeffington, atá éirithe as, agus go dtabharfaí ardú céime di mar léachtóir sinsearach agus go gcúiteofaí dá réir í ó thaobh tuarastail de, ag dul siar go dtí Meitheamh 2009.

Tá achomharc á dhéanamh ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh i dtaca le cinneadh eile a rinne an Binse Comhionannais go n-íocfaí €81,000 leis an léachtóir Mary Dempsey toisc gurbh é fionnadh an Bhinse gur deineadh leithcheal uirthi ar bhonn inscne, stádas teaghlaigh agus míchumais.

Tá SIPTU ag iarraidh go gcuirfí moltaí an Bhinse Comhionannais i bhfeidhm ina iomláine; go dtabharfaí saineolaí neamhspleách seachtrach isteach le scrúdú a dhéanamh ar gach gné d’obair na hollscoile; go mbeadh deis ag fostaithe fianaise a chur ar fáil don duine sin; go n-aontófaí le SIPTU an té atá le roghnú don obair; agus go dtabharfaí céimeanna le dul i ngleic leis an bhfadhb ar bhonn náisiúnta.

I gcomhráiteas uathu inniu, dúirt Seanadóir Shinn Féin, Trevor Ó Clochartaigh, agus an Feisire Eorpach, Matt Carthy, gur “den íoróin é go bhfuil cáil acadúil ar an ollscoil seo [OÉG] maidir lena cuid oibre go hidirnáisiúnta i réimse na gcearta daonna agus go bhfuil ceisteanna tromchúiseacha á n-ardú anois maidir lena cleachtais inmheánacha oibre féin i dtaca le cearta bunúsacha”.

“Tá muid ag lorg cruinniú ar bhonn práinne le hUachtarán na hOllscoile, Jim Browne, le gur féidir linn an imní atá léirithe dúinn a chur in iúl agus a chur ina luí air chomh tábhachtach is atá sé go dtógfaí moltaí praiticiúla agus stuama na gceardchumann ar bord,” a dúirt Ó Clochartaigh agus Carthy.