Céimeanna dochtúireachta Gaeilge le bronnadh ar athair agus mac i gCorcaigh inniu

Liam P. agus Tomás L. Ó Murchú beirt den triúr a mbronnfar céimeanna dochtúireachta Gaeilge orthu i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh níos déanaí inniu

Close up of a graduation cap and a certificate with a ribbon --- Image by © Royalty-Free/Corbis
© Royalty-Free/Corbis

Bronnfar céimeanna dochtúireachta níos déanaí inniu ar thriúr de lucht léinn na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Athair agus mac, Liam P. Ó Murchú agus Tomás L. Ó Murchú beirt den triúr a mbronnfar céim orthu agus is é Donncha Ó Duibhir, as Dún Droma i dTiobraid Árann an duine eile a dtabharfar aitheantas dó as a chuid taighde ar Ghaeilge an chontae sin.

Léachtóir Sinsearach sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh is ea Liam P. Ó Murchú, arb as cathair Chorcaí ó thús é. Gheobhaidh Ó Murchú céim D. Litt. Celt. ón Ollscoil Náisiúnta mar chomhartha aitheantais ar fheabhas a shaothair fhoilsithe i ngort na Gaeilge ó na seachtóidí amach. w_rms_blob_common

Is é a chuir an t-eagrán deifnídeach de Cúirt an Mheán-Oíche le Brian Merriman ar fáil, agus tá taighde tábhachtach déanta aige ar Ghaeilge labhartha chontae an Chláir sa bhfichiú haois, obair ar bronnadh chéad ornóracha air as a hucht i 1975.

Bronnfar, leis, céim PhD ar Thomás L. Ó Murchú, mac do Liam. Dhein seisean taighde ar Shéamas Óg Mac Coitir, duine de shliocht ardghradaim a cuireadh chun báis le linn na bPéindlíthe. Caitliceach agus Seacaibíteach ab ea é a raibh tailte agus airgead aige agus ba bhagairt dá réir é do na Protastúnaigh, a dhein iarracht pusachán a chur air agus é a choimeád socair. Chuireadar éigniú mná ina leith agus chiontaigh siad é as a ucht.

Tháinig sé chun solais, áfach, gur feall ab ea an ciontú a deineadh air. Ag caint dó faoina bhás, dúirt an tOllamh Breandán Ó Buachalla, nach maireann, ‘Filí na Gaeilge féin, níl aon trácht acu ar aon chrochadh eile lena linn; níor spreag aon bhás eile de chuid na haoise an oiread céanna filíochta’.

Chum filí na linne os cionn dosaen marbhnaí mar chaoineadh air. Ba scéal mór i dtéarmaí náisiúnta is idirnáisiúnta san am é. Tomas-O-Murchu-222x297

Tá Tomás L. Ó Murchú tar éis bliain a thabhairt in Ollscoil Ottowa Cheanada ag teagasc na Gaeilge faoi scáth ICUF, agus bhí ina theagascóir Gaeilge in Ollscoil Notre Dame roimhe sin faoi scéim Fulbright. Thug seal in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh freisin.

An tríú duine atá chun céim a fháil ná Donncha Ó Duibhir, ó cheantar Dhún Droma i dTiobraid Árann. Staidéar ar an nGaeilge i dTiobraid Árann ó 1700-1901 a dhein seisean, ag tabhairt cuntais ar scríobhaithe, ar leabhair Ghaeilge agus ar labhairt na teanga sa chontae sin le linn na mblianta thuasluaite.

Is fada i mbun léinn Ó Duibhir, a bhain a chéad cháilíocht amach mar mhúinteoir bunscoile sna caogaidí. Chaith na blianta leis an taighde dochtúireachta seo ó d’éirigh sé as timpeall na bliana 1999.

Ba é an Dochtúir Neil Buttimer a stiúraigh tionscnaimh Thomáis Uí Mhurchú is Dhonncha Uí Dhuibhir.

Ag 3.30pm inniu a bhronnfar na céimeanna orthu triúr.

Fág freagra ar 'Céimeanna dochtúireachta Gaeilge le bronnadh ar athair agus mac i gCorcaigh inniu'