Céim nua seolta chun dul i ngleic le ganntanas ‘scanrúil’ múinteoirí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton an Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge don bhunmhúinteoireacht in Institiúid Marino inné

Céim nua seolta chun dul i ngleic le ganntanas ‘scanrúil’ múinteoirí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta

Agus tús curtha leis an scoilbhliain nua is cosúil nach bhfuil aon mhaolú tagtha ar an ghéarchéim múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Phátrúnachta gur “aitheantas tábhachtach” a bhí sa chéim nua san oideachas trí mheán na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino ar an ghanntanas múinteoirí a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Dúirt urlabhraí de chuid an INTO go raibh sé “scanrúil” a laghad múinteoirí le Gaeilge atá ar fáil.

Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna Richard Bruton an Baitsiléir san Oideachas trí Mheán na Gaeilge don bhunmhúinteoireacht in Institiúid Marino inné, cúrsa nua céime a mbeidh áit air do suas le 35 mac léinn nuair a chuirfear tús leis an fómhar seo chugainn.

Dúirt an tAire Oideachais gur “céim thábhachtach chun tosaigh” an cúrsa nua Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile maidir leis an ghá dul i ngleic leis an ghanntanas múinteoirí le Gaeilge líofa.

D’aithin an tAire go raibh “dúshláin” ag baint le leigheas a fháil ar an easpa múinteoirí oilte do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Tuairiscítear go bhfuil go leor deacrachtaí ag gaelscoileanna ar fud na tíre teacht ar mhúinteoirí don scoilbhliain nua. I measc na scoileanna sin, tá Scoil Mobhí i nDroim Conrach, a bhfuil post fógartha acu ceithre huaire an samhradh seo agus duine amháin tar éis cur isteach air.

Tá deacrachtaí chomh maith, mar shampla, ag Gaelscoil de hÍde agus Gaelscoil Mhainistir Na Corann i gcontae Chorcaí folúntais a líonadh.

Mhaígh an tAire Oideachais inné go raibh an chéim nua in Institiúid Marino “ar cheann de raon beart atá á ghlacadh” ag an Roinn Oideachais “chun dul i ngleic leis na fadhbanna” a bhíonn ag scoileanna lán-Ghaeilge.

“Cuirfidh na céimithe a thiocfaidh as an gclár nua Lán-Ghaeilge seo go mór leis an soláthar múinteoirí bunscoile do na scoileanna Gaeltachta agus do ghaelscoileanna,” arsa an tAire Bruton.

Tá conradh ocht mbliana, ar fiú €5.5 milliún é sínithe ag an Roinn Oideachais le hInstitiúid Oideachais Mharino chun an chéim, atá ag Leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí, a reáchtáil.

Dúirt An tOllamh Chris Morash, Leas-Phropast, Choláiste na Tríonóide, go raibh sé “an-sásta” gurb é an coláiste sin, a bhfuil Marino mar chuid de,  atá i mbun na céime nua.

Dúirt Uachtarán Institiúid Oideachais Marino, an Dr Teresa O’Doherty go raibh “géarghá” san earnáil lán-Ghaeilge “le múinteoirí le hardchumas sa Ghaeilge a bhfuil eolas ar leith acu ar an tumoideachas agus a bhfuil an inniúlacht acu ábhair uile an churaclaim a mhúineadh trí mheán na Gaeilge”.

Dúirt Uachtarán Institiúid Oideachais Marino go gcuirfí béim sa chéim ar an Ghaeilge, ar an tumoideachas, ar ábhair uile an churaclaim a mhúineadh trí mheán na Gaeilge agus ar mhúineadh i scoileanna éagsúla.

Is i scoileanna Gaeltachta agus i scoileanna Lán-Ghaeilge a dhéanfaidh mic léinn na céime nua a dtaithí múinteoireachta go léir.

Fág freagra ar 'Céim nua seolta chun dul i ngleic le ganntanas ‘scanrúil’ múinteoirí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta'

  • Seán Ó hAodha

    Níl cúrsa triú leibheal ar bith ann chun múinteoirí phraiticiúla a réiteach don teagasc tré mheán na Gaeilge sna meánscoileanna.
    Ealaín, Tíos, Corpoideachas, Líníocht Ghrafach Theiciniúil, Foirgneolaíocht, Adhmadóireacht agus Miotalóireacht -sin an triú cuid des na múinteoirí in aon mheánscoil Gaeltachta nó LánGhaeilge.
    Ní mór don Roinn Oideachas cúrsaí lánaimseartha a chur ar fáil le múinteoirí phraiticiúla a oiliúint chun teagasc tré mheán na Gaeilge ag an dara leibhéal. Is bagairt do Ghaeloideachas na tíre ar fad é an t-easpa seo.