‘Céim iontach dearfach’ – scéim chónaithe Ghaeilge a bhunú in Ollscoil na Banríona

D’fhógair OÉ Gaillimh freisin le gairid go mbeadh scéim chónaithe Ghaeilge san ollscoil den chéad uair le breis is 20 bliain 

‘Céim iontach dearfach’ – scéim chónaithe Ghaeilge a bhunú in Ollscoil na Banríona

Tá fáilte curtha roimh chinneadh Ollscoil na Banríona scéim chónaithe Ghaeilge a fhorbairt san ollscoil.

D’fhógair an ollscoil i mBéal Feirste le gairid go rabhthas chun tús a chur le scéim chónaithe do mhic léinn a bhí i mbun staidéir ar theangacha agus go gcuirfear áiteanna ar fáil ar dtús dóibh siúd atá ag staidéar na Gaeilge.

Meastar go mbeidh an scéim ar fáil do mhic léinn mí Mheán Fómhair seo chugainn. 

Tá feachtas ar bun ag An Cumann Gaelach in Ollscoil na Banríona agus dreamanna eile le tamall chun a leithéid de scéim a chur ar bun san ollscoil.

Chuir Aisling Reilly MLA fáilte roimh an scéal go bhfuil lóistín speisialta le cur ar fáil do Ghaeilgeoirí san ollscoil.

“Céim iontach dearfach atá anseo agus cabhróidh sí le feiceálacht na teanga ar an champas,” a dúirt an comhalta de chuid Shinn Féin.

“Scríobh mé chuig an Leas-Seansailéir ag impí ar an ollscoil an scéim seo a chur i bhfeidhm agus tá ríméad orm go bhfuil deimhnithe acu go bhfuil sé ar intinn é sin a dhéanamh.

“Ba mhaith liom an feachtas atá ar bun ag mic léinn agus baill foirne a d’oibrigh chomh crua sin chun é seo a bhaint amach, an Cumann Gaelach QUB go háirithe, a mholadh.”

Dúirt Cumann Gaelach Ollscoil na Ríona gur “bua suntasach” a bhí sa scéal agus, cé go raibh “dúshláin” ann go fóill, go rabhthas ag súil dul i mbun oibre leis an ollscoil chun an scéim a chur i bhfeidhm.

Dúirt Ollscoil na Banríona go raibh an scéim bunaithe ar a leithéidí in institiúidí tríú leibhéal eile.

Tá scéimeanna cónaithe, ina gcuirtear lóistín ar leith ar fáil do mhic léinn atá ag iarraidh cónaí le Gaeilgeoirí eile, á reáchtáil i roinnt institiúidí tríú leibhéal in Éirinn – an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil Mhá Nuad.

D’fhógair OÉ Gaillimh freisin le gairid go mbeadh scéim chónaithe Ghaeilge i bhfeidhm san ollscoil arís an fómhar seo den chéad uair le breis is 20 bliain.

Tá sé i gceist ar dtús lóistín a chur ar fáil do 16 mac léinn. Cuirfear an lóistín ar fáil i gceithre árasán atá in aon teach amháin i mBaile na Coiribe ar champas na hollscoile.

Tá súil ag an Ollscoil an scéim a fhorbairt amach anseo agus é ráite go bhfuiltear ag súil gur “baile Gaelach seachas teach Gaeilge” a bheidh ann amach anseo.  

Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig Oifigeach na Gaeilge OÉ Gaillimh, oifigeachnagaeilge@oegaillimh.ie, chun spéis a léiriú sa scéim chónaithe.

Fág freagra ar '‘Céim iontach dearfach’ – scéim chónaithe Ghaeilge a bhunú in Ollscoil na Banríona'