Céim eile do Choimpléasc Chonamara – cosaint na n-éan

Tá i bhfad níos mó airde ar cheisteanna dúlra agus timpeallachta i gConamara na laethanta seo

Céim eile do Choimpléasc Chonamara – cosaint na n-éan

Criathrach mór fairsing. Beagnach scór míle heicteár cearnach atá ann; meascán de chnocáin, moingeanna, cíb, lathacha, lochanna agus poill bháite. Is iomaí duine a dúirt gur beag maitheas a bhí ann mar thírdhreach, sliabh seo Chonamara, mura gcuirfeá slám caorach amach air nó fód móna a bhaint ann. D’imigh go leor uaidh go sráideanna Londan, go Boston, nó áiteacha eile anonn agus anall i bhfad ón bportach agus talamh righin riascach Chonamara.

Ach tá ainm níos faiseanta ar na mílte acra sléibhe sin anois. Seo é Coimpléasc Phortach Chonamara. Is gearr go n-ainmneofar é go foirmeálta mar ‘Limistéar Cosanta Speisialta Choimpléasc Phortach Chonamara 004181.’ Tugann an caomhnú seo cosaint ar leith do chineálacha áirithe éanacha agus cuireann sé bac eile ar ghníomhaíochtaí éagsúla feilméarachta sa gCoimpléasc.

Na céadta feilméara agus úinéir talún – bheadh lámh sa gcoimín sléibhe ag go leor acu – a fuair fógra faoin gcosaint seo le gairid, ach ní gá dóibh tada a dhéanamh. Socraíodh é roimhe seo. Baineann sé le Treoir an Aontais Eorpaigh “maidir la hÉin (2009/147/CE)”. Tá ionann agus chuile orlach den Choimpléasc ina Cheantar Speisialta Caomhnaithe – nó SAC – cheana féin.

Ag déanamh an bhealaigh aniar dhuit, tosaíonn an Coimpléasc i gceantar an Chlocháin agus Bhaile Conaola. Is dóigh gur thart ansin a tháinig an Coimpléasc ar an saol oifigiúil i dtosach agus bhí cur, cúiteamh agus conspóid ag baint leis. Fágaimid é sin go fóilleach. As sin, téann an chéad stráice den Choimpléasc soir chomh fada leis an gCaiseal agus an Sraith Salach.

Tá bearna ansin nach bhfuil sa gCoimpléasc agus tosaíonn an dara stráice san Sraith Salach aríst agus síneann sé soir chomh fada leis an Teach Dóite agus go Ros Muc. Ansin, tosaíonn an tríú stráice den choimpléasc– agus an ceann is mó – thart ar chrosbhóthar Scríbe agus as sin soir go dtí an Spidéal. Scór míle heicteár uilig agus é aitheanta mar cheantar fíorthábhachtach dúlra agus nádúir.

Tá sé níos mó ná deich mbliana fichead ó shin nuair a chualathas trácht go poiblí i dtosach ar thábhacht timpeallachta na gceantar portaigh i gConamara. An plean go ndéanfaí forbairt ar aerfort leath bealaigh idir Baile Conaola agus an Clochán a spreag an chaint na t-am úd.

Chuir grúpa lucht gnó in iarthar agus i dtuaisceart Chonamara iarratas ar fhorbairt aerfoirt gar d’ionad tuirlingthe Alcock agus Brown faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Diúltaíodh don phlean sin ar an mbunús gur talamh caomhnaithe a bhí ann. Is beag duine sa taobh sin tíre a thuig san am go raibh caomhnú déanta ar phíosaí fada fairsing sléibhe faoin teideal ASI (Limistéir Inspéise ó Thaobh Eolaíochta). Bhí an caomhnú seo ar bun ag an Stát ach ní raibh úinéirí na talún curtha ar an eolas go raibh an caomhnú déanta. Chuaigh comhlacht an aerfoirt chun cúirte – an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach – agus iad ag áitiú go raibh an córas éagórach agus as bealach.

Bhuaigh comhlacht an aerfoirt a gcás agus fuarthas reidh leis na Limistéir Inspéise ó Thaobh Eolaíochta (ASI) i dtús na 1990idí. Cuireadh córas nua caomhnaithe náisiúnta ina n-áit agus cead achomhairc leis. Chaithfí úinéirí na talún a bhí le caomhnú a chur ar an eolas faon gcaomhnú sin ina nduine agus ina nduine. Tháinig na Ceantair Speisialta Chaomhnaithe (SACanna) isteach i lár na nóchaidí agus bunús dhlí na hEorpa leo.

Leis an sruth nua caomhnaithe sin tháinig áit “nua” isteach i dtíreolaíocht Chonamara faoin teideal ‘Portach Chloch na Rón’. Ar imeall an réimse sléibhe sin a bhí an t-aerfort ceaptha a bheith. Ach is cinnte gur chuir an caomhnú nua an chaidhp bháis ar an bhforbairt sin. Tá a fhios go raibh cruinnithe corracha go maith idir lucht an aerfoirt agus an tAire Micheál D. Ó hUigínn sna nóchaidí nuair a bhí seisean freagrach as cúrsaí caomhnaithe, agus ina Aire Gaeltachta freisin.

Bhí lucht timpeallachta ar nós Tim Robinson (bhí cónaí air féin agus a bhean Mairéad i gCloch na Rón san am sin) go láidir in aghaidh an aerfoirt ar an bportach agus i bhfabhar caomhnaithe. Ach murar éirigh le feachtas an aerfoirt ag suíomh Alcock agus Brown, bhí toradh eile air.

Cuireadh an pobal ar an eolas faoin lorg a d’fhágfadh rialacha caomhnaithe ar a gcuid talún agus na srianta a chuirfeadh sé ar a gcuid oibre. Spreag an t-eolas seo feachtas láidir i measc na n-eagraíochtaí feilméarachta agus chuir an Stát agus údaráis na hEorpa cúiteamh ar fáil dóibh siúd a raibh a gcuid talún caomhnaithe. Níltear sásta fós go bhfuil ajn cúiteamh sin dóthanach ach tá buntáistí leis.

Leathnaíodh amach an caomhnú.

Le cois an bhranda Limistéar Speisialta Caomhnaithe (SAC) neartaíonn an t-aitheantas is deireanaí seo cosaint na n-éan ar an gcriathrach mór seo. Níl aon dabht ach go bhfuil lorg na gceangal seo fágtha ar Chonamara; murach na SACanna bheadh seans i bhfad níos fearr ann go bhféadfaí múnla nua bóthair a dhéanamh sa gceantar a mbeadh glacadh leis i ndeisceart Chonamara. Ba é an cás céanna é ar an N59 sa taobh ó thuaidh, áit a raibh cóngaireacht SAC Grád 1 (an stádas is géire) ina chúis le diúltú an Bhoird Pleanála d’fhorbairt an bhóthair sin idir an Clochán agus an Teach Dóite. Is cinnte gur buillí móra iad sin don cheantar.

Ar an taobh eile den scéal, tá i bhfad níos mó airde ar cheisteanna dúlra agus timpeallachta na laethanta seo agus toghadh Comhairleoir Contae don Chomhaontas Glas (Alistair McKinstry) i dtoghcheantar Chonamara cúpla bliain ó shin.

Ábhar coimpléascach é Coimpléasc Chonamara ach ciallaíonn an cor is deireanaí go bhfuil saoirse Chonamara ag éanacha an aeir.

Fág freagra ar 'Céim eile do Choimpléasc Chonamara – cosaint na n-éan'