‘Ceci n’est pas une teorainn’ – moltaí Rialtas na Breataine curtha i gcomparáid le saothar osréalach

Deir Comhordaitheoir Breatimeachta Pharlaimint na hEorpa go mbaineann dearcadh Rialtas na Breataine faoi theorainn na hÉireann le saothar ealaíne de chuid René Magritte seachas le saol na polaitíochta mar atá

‘Osréalach’ – sin an cur síos a rinne Comhordaitheoir Breatimeachta Pharlaimint na hEorpa ar phleananna rialtas na Breataine don teorainn in Éirinn.

Ag labhairt dó ag cruinniú de chuid an Choiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta sa Bhruiséil inné, d’athdhearbhaigh Guy Verhofstadt nach raibh teorainn chrua nó dhaingnithe mar aidhm ag an Aontas Eorpach.

“Cé nach bhfuil rud ar bith curtha as an áireamh faoi láthair, ná bímis ag tabhairt le tuiscint gur ann do ‘theorainn dhofheicthe’. Má tá sé dofheicthe, ní teorainn ar bith é,” arsa an polaiteoir Beilgeach.

Ansin luaigh an tUasal Verhofstadt pictiúr clúiteach de chuid René Magritte ‘Ceci n’est pas une pipe (ní píopa é seo)’ – pictiúr nach bhfuil a dhath ann ach píopa.

“Tá rialtas na Breataine ag rá ‘sea, tá teorainn againn ach ní teorainn í’ ach baineann an dearcadh sin le saothar ealaíne René Magritte agus ní bhaineann sé le réaltacht pholaitíochta an lae inniu.”

Dúirt an tUasal Verhofstadt nár cheist í an teorainn in Éirinn a bheadh éasca a réiteach ach nach raibh sé “100 faoin gcéad cinnte” faoi mholtaí rialtas na Breataine i dtaobh na ceiste.

“Níl ná baol air. Mar sin, tá níos mó samhlaíochta ag teastáil,” ar sé.

Dúirt an tUasal Verhofstadt freisin go raibh an t-am ann nuair nach raibh teorainneacha ar bith san Eoraip. 

“Níor stopadh Montaigne ag an teorainn lena phasa thaispeáint nuair a chuaigh sé isteach san Iodáil mar ní raibh teorainneacha ar bith ann. Cuireadh tús le teorainneacha san Eoraip sa 19ú haois,” ar sé.

Fág freagra ar '‘Ceci n’est pas une teorainn’ – moltaí Rialtas na Breataine curtha i gcomparáid le saothar osréalach'