Ceathrar ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhuaigh comórtas díospóireachta Ghael Linn

Tá comórtas Bréagchúirt Uí Dhálaigh dírithe ar mhic léinn dlí a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna abhcóideachta

Ceathrar ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhuaigh comórtas díospóireachta Ghael Linn

Foireann ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhí sa chéad áit ag Bréagchúirt Uí Dhálaigh Gael Linn i mbliana.

Ba iad Caoimhe Ní Choimín, Róisín Ní Mhadaoin, Cian Ó Bolgair Ó hAodh agus Daithí Nesbitt an ceathrar a thug leo an comórtas díospóireachta atá á reáchtáil le breis agus fiche bliain anuas.

Tá an comórtas dírithe ar mhic léinn dlí a bhfuil Gaeilge líofa acu agus atá ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid scileanna abhcóideachta.

San iomaíocht i mbliana bhí mic léinn ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Óstaí an Rí, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Is iondúil go mbíonn an comórtas ar siúl sna Ceithre Cúirteanna ach reáchtáladh ceann na bliana seo ar Zoom mar gheall ar phaindéim an Covid-19.

Craoladh an craobhbhabhta beo ar leathanach Facebook Gael Linn, agus bhí an  tAbhcóide Sinsir Cormac Ó Dúlacháin, an tAbhcóide Daithí Mac Cárthaigh agus an tAbhcóide Alice Maguire-Spencer ar an mbinse mar bhreithiúna.

Bronnadh buantrófaí Gael Linn agus duais €600 ar na buaiteoirí ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tháinig Aoife Nic Craith, Sorcha Dianamh Ní Néill Fulham, Seána Davey agus Deirdre Donnelly ó Óstaí an Rí, sa dara háit agus bronnadh €300 orthu.

Ghlac Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn, buíochas leis na hAbhcóidí Kate Ní Chonfhaola agus Alice Maguire-Spencer a chuidigh le reáchtáil na hócáide.

Mhol sé freisin an comhoibriú a fhaigheann Gael Linn ó Óstaí an Rí agus ón tSeirbhís Cúirteanna.

Tá an comórtas ainmnithe in ómós don iaruachtarán agus iar-phríomhbhreitheamh, Cearbhall Ó Dálaigh.

Fág freagra ar 'Ceathrar ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a bhuaigh comórtas díospóireachta Ghael Linn'