Ceartú le déanamh ar aistriúchán ar theastas digiteach vacsaíne a deir go bhfuil an galar ort

Tá geallta ag an Roinn Sláinte don Choimisinéir Teanga go gceartófar an t-aistriúchán Gaeilge ar an teastas vacsaíne agus go gcuirfear seirbhís Ghaeilge ar fáil ar an líne chabhrach

Ceartú le déanamh ar aistriúchán ar theastas digiteach vacsaíne a deir go bhfuil an galar ort

Tá leithscéal gafa ag an Roinn Sláinte as an aistriúchán Gaeilge míchruinn atá ar an Teastas Digiteach Covid-19.

Thug an Roinn le fios don Choimisinéir Teanga go raibh sé i gceist an t-aistriúchán ar an teastas vacsaíne a chur ina cheart an mhí seo.

Níor aistríodh go Gaeilge ar chor ar bith ocht líne ar an Teastas Digiteach Covid agus is beag ciall atá le cuid den mhéid a aistríodh.

An bhrí a bhainfí as cuid áirithe den aistriúchán Gaeilge ná go raibh Covid-19 ar an té a raibh an teastas aige seachas go raibh vacsaín faighte aige ina aghaidh.

‘Galar a ghnóthaigh an duine seo (SARS-CoV-2 nó ceann dá leaganacha)’ an Ghaeilge a cuireadh ar an teastas ar ‘Disease or agent targeted: COVID-19 (SARS-CoV or one of its variants)’.

Tá cás an teastais a fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, i ndiaidh d’urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gearán a dhéanamh leis faoin scéal.

Pléadh le déanaí ag cruinniú de Chomhchoiste Sláinte an Oireachtais an phraiseach a rinneadh d’ainmneacha Gaeilge agus den aistriúchán ar na teastais ar deimhniú é go bhfuil an vacsaín faighte ag duine.

‘Dímheas damanta’ –  tugann an Ghaeilge ar Theastas Covid an AE le fios go bhfuil an galar ort

Nuair a chuir an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Lorraine Clifford-Lee na státseirbhísigh faoi bhrú maidir le cás na Gaeilge ar an teastas, dúirt Muiris O’Connor, Rúnaí Cúnta sa Roinn Sláinte, go mbeadh sé “místuama” é a athrú anois mar go raibh sé in úsáid ar fud na hEorpa.

Mhaígh Rúnaí Cúnta na Roinne go raibh “a balance of Irish and English” ar an teastas.

Ach tá geallta ag an Roinn Sláinte anois don Choimisinéir Teanga go gceartófar an t-aistriúchán “gan mhoill”.

Bhí cruinniú ag Oifig an Choimisinéara Teanga leis an Roinn Sláinte le déanaí agus táthar ag súil le freagra scríofa a fháil faoi chás an teastais.

Maidir leis an bpraiseach a rinneadh den síneadh fada in ainmneacha daoine ar na mílte teastas táthar ag súil iadsan a atheisiúint.

Maidir leis an líne chabhrach a bunaíodh don teastas, dúradh leis an gCoimsinéir Teanga go bhfuil daoine breise á n-earcú chun seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Gealladh chomh maith don Choimisinéir go mbeadh na teachtaireachtaí réamhthaifeadta béil i nGaeilge agus i mBéarla, mar a éilíonn Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Tá córas féinfhreastail ar líne le cur i bhfeidhm chomh maith, a cheadóidh do dhaoine a gcuid sonraí pearsanta féin a cheartú ar na Teastais agus gealladh go mbeadh an córas seo dátheangach freisin.

Phléigh Oifig an Choimisinéara Teanga chomh maith leis an Roinn fadhb a bhí ag daoine lena seoltaí agus Eircode agus seoltaí daoine a bheith curtha as a riocht. Fiosraíodh chomh maith an teastas a bheith ar fáil i mBéarla amháin ar an aip ‘Covid Tracker’ agus an litir a ghabh leis a bheith á heisiúint tríd an bpost i mBéarla amháin. Dúirt an Roinn go raibh leagan dátheangach den litir ullamh agus go mbeidh sí á seoladh nuair a eiseofar arís na teastais agus sínte fada ceartaithe orthu. Tá an fhadhb Eircode á fiosrú ag an Roinn.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, gur léir go bhfuil “neamhaird” déanta ag an rialtas ar chomhairle an Choimisinéara Teanga i rith na paindéime agus go bhfuil “cúrsaí imithe i bhfad in olcas” agus go bhfuil an Roinn Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus an Rialtas “ag déanamh praiseach de chearta Gaeilgeoirí gan aon bhaol pionóis”.

Fág freagra ar 'Ceartú le déanamh ar aistriúchán ar theastas digiteach vacsaíne a deir go bhfuil an galar ort'