Ceart dom, ceart duit?

An é an eitpheil trá an t-aon spórt amháin ina mbíonn sé seacht n-oiread níos deacra teacht ar thicéid do chluichí na mban ná do chluichí na bhfear?

Katie Taylor, Sonia O’ Sullivan, Briege Corkery ó Inpho.
Katie Taylor, Sonia O’ Sullivan, Briege Corkery ó Inpho.

Agus na Meitheamh teo curtha dínn, tá mí na gcluichí ceannais imithe tharainn go ceann bliana eile. An iomáint, an chamógaíocht, an pheil, an iomáint (arís) agus peil na mban, mí Mheán Fómhair, mí na gcluichí ceannais. Imríodh dhá chath mhóra le déanaí agus thugamar an béalghrá céanna do cheann amháin acu, is é sin, craobhchomórtas peile na mban. Léiriú is ea é ar an tsaincheist atá curtha ar an méar fhada againn le tamaillín anuas: an dtugaimid an meas cuí d’imreoirí agus do lúthchleasaithe mná spóirt? Nílim ag caint ar an meas céanna a thugtar d’fhir, ach, an meas cuí.

Cé go bhfuil dul chun cinn mór déanta chun stádas chluichí na mban a ardú le roinnt blianta anuas – a bhuí go mór le TG4 – ní leor sin. Má chuimhnítear siar ar an alt úd a scríobhadh faoi fhoireann rugbaí na mban dar tús ‘I never play a game without my tan’, ar an uafás agus ar an alltacht ar bhí ar dhaoine ag an am, tráchtairí ag gearán faoin gcaoi a ndearnadh cur síos ar na himreoirí, nár tugadh an meas ceart dóibh, nár tarraingíodh aird ar a scileanna rugbaí, srl., níor mhór smaoineamh ar dhá phointe ar leith:

  • níorbh iriseoir spóirt a scríobh an t-alt úd. Mar sin, cad ina thaobh a mbeadh cur síos ann ar scileanna rugbaí na n-imreoirí?
  • cá bhfuil na tráchtairí glórmhara úd anois?

Is é an dara pointe atá ag dó na geirbe agam – an béalghrá atá á thabhairt againn ar fad d’imreoirí mná spóirt. An sinne na tráchtairí céanna a d’fhág Twickenham nuair a bhí foireann rugbaí na mban ag imirt i ndiaidh fhoireann na bhfear ag tús na bliana? An mó duine againn a d’fhreastail, nó fiú a chaith súil ar chraobhchomórtas camógaíochta idir Corcaigh agus Cill Chainnigh? An ndearnadh aon chomparáid idir craobhchomórtas peile na bhfear agus na mban i mbliana, go háirithe idir stíl imeartha an dá chluiche? An é an eitpheil trá an t-aon spórt amháin ina mbíonn sé seacht n-oiread níos deacra teacht ar thicéid do chluichí na mban ná do chluichí na bhfear?

Nílim ag maíomh gur cheart neamhaird a thabhairt ar na fir ná díriú ar chluichí na mban amháin, ach molaim do na tráchtairí a luaitear thuas beart a dhéanamh de réir a mbriathair agus an meas cuí a thabhairt do na himreoirí mná trí fhreastal ar chuid dá gcluichí in áit iad a chosaint ar pháipéar agus ar líne amháin.

Is fíor go mbíonn dhá insint ar gach scéal agus caithfidh na himreoirí céanna a bheith in ann glacadh le hanailís chriticiúil faoin gcaoi a mbíonn siad ag imirt chomh maith. Ba éacht mór é d’fhoireann rugbaí na mban cluiche leathcheannais an domhain a bhaint amach, ach ba bheag anailís chriticiúil a rinneadh orthu i ndiaidh dóibh an cluiche a chailleadh. Níor imríodar go maith ar an lá, cosúil le foireann iomána Chorcaí i gcoinne Thiobraid Árann i gcluiche leathcheannais na hiomána i mbliana. Ach ba mhór an difear idir an anailís, an scrúdú iarbháis, a rinneadh i ndiaidh an dá chluiche agus leagadh síos dhá shlat tomhais tráchtaireachta:

  • tá sé maith go leor imirt mar sin agus cluiche leathcheannais rugbaí an domhain a bhaint amach
  • ní raibh sé thar mholadh beirte imirt mar sin agus cluiche leathcheannais iomána a chailleadh

Léireofaí go bhfuil meas ag an bpobal ar imreoirí spóirt, idir fhir agus mhná, dá mbeadh na sluaite i láthair ag na cluichí. Is beag imreoir mná spóirt, nó lúthchleasaí mná fiú, a bhfuil an meas cuí faighte aici ón bpobal nó ó na meáin – Katie Taylor, Sonia O’ Sullivan, Briege Corkery agus dornán eile, b’fhéidir. Mar fhocal scoir, ní mór dúinn ar fad beart a dhéanamh de réir ár mbriathair – ceart dom, ceart duit, ceart dúinn ar fad.