Céard sa diabhal a dhéanfaidh muid leis an bhfadhb seo Maria?

Tá ceist mhór le réiteach ag Leo Varadkar: cad ba chóir a dhéanamh le Maria Bailey?

Céard sa diabhal a dhéanfaidh muid leis an bhfadhb seo Maria?

Maria Bailey. Pictiúr: RollingNews.ie

D’fhógair an Taoiseach mí ó shin go bhfiosrófaí a ndearna an Teachta Dála Maria Bailey ó thit sí de luascán i dteach ósta i mBaile Átha Cliath. 

Is ar an 29 Bealtaine a dúirt sé le cruinniú de pháirtí parlaiminteach Fhine Gael gur iarr sé ar an abhcóide sinsearach, David Kennedy a fháil amach cad a tharla. Dúirt sé freisin gur thug Maria Bailey geallúint dó go gcomhoibreoidh sí leis an bhfiosrúchán.

Níor gheall Leo Varadkar go bhfoilseofaí an tuairisc, ach thug sé le fios go mbeadh sí ar fáil faoi cheann coícíse.

Mí tar éis ráiteas an Taoisigh, ní fios fós cén uair a chuirfear an tuairisc ar fáil. Tuigtear go gcuirfear cóipeanna ar fáil don Teachta Bailey agus do dhaoine eile sula gcuirfear í chuig Leo Varadkar, agus go mb’fhéidir go mbeadh sí aige an tseachtain seo chugainn.

Idir an dá linn, ní haon dochar é cuimhneamh ar an bhfáth gur mórchúis imní don Taoiseach agus dá pháirtí é an míshásamh a spreag an cás. B’fhiú dóibh araon smaoineamh ar mhíshásamh an phobail seachas a bheith ag iarraidh aird a tharraingt ar cheist imeallach.

Gan dabht, is fiú fiafraí cé a thug faisnéis phríobháideach faoi chás dlí don seanadóir Michael McDowell agus don Irish Independent? Ach ní fiú brobh féir an freagra, más féidir teacht air, le hais na bpríomhcheisteanna.

Cén fáth nár ghlac Maria Bailey le tairiscint an óstáin inar thit sí de luascán in 2015 a costais chóireála leighis a ghlanadh?

Cén fáth nár chuir Maria Bailey, a dúirt nach raibh ach cúiteamh €7,000 á lorg aici, a cás faoi bhráid na cúirte dúiche inar féidir cúiteamh suas le €15,000 a dhámhachtain? Is sa Chúirt Chuarda (uasteora cúitimh: €60,000) a chuaigh sí chun cinn lena cás, go dtí gur tharraing sí siar é.

Cén fáth go gceapann Maria Bailey gur chóir d’óstán maoirseacht a dhéanamh ar luascán agus daoine fásta mar í á luascadh air?

Cé mar a bhí Maria Bailey ábalta rás deich gciliméadar a rith agus in imeacht 54 nóiméad sa tréimhse sin (de réir a héileamh féin ar chúiteamh) nach raibh sí ábalta rith in aon chor lena linn?

An raibh aon pháirt ar bith ag an aire Josepha Madigan, a bhí ag obair mar dhlíodóir sa chomhlacht a thug comhairle do Mharia Bailey in 2015, i láimhseáil an cháis?

An féidir le Fine Gael cur ina luí ar an bpobal gur mian leo damáistí as cuimse a shrianadh murar féidir le Maria Bailey a thaispeáint go bhfuil freagra réasúnta aici ar na ceisteanna thuas?

“Níl aon dul as ag Leo ach í a dhíbirt,” a dúirt foinse shinsearach i bhFine Gael i nDún Laoghaire (an dáilcheantar inar toghadh Maria Bailey mar Theachta Dála an chéad uair in 2016) leis an scríbhneoir seo. 

“Ní bheidh rath orainn mura ndíbrítear í. Níl le socrú ach an rogha: díbirt iomlán, nó tréimhse ar fionraí.”

Níor tháinig trioblóid riamh ina haonar. Tá ceisteanna fós á gcur faoi chás Alan Farrell, Teachta Dála as Baile Átha Cliath Thuaidh ar dámhadh damáistí €2,500 dó sa chúirt dúiche tar éis miontimpiste bóthair in 2015. Mhaígh sé gur chuir fuiplascadh as dó ar feadh bliain go leith tar éis na timpiste – tréimhse inar imir sé cluiche peile lena linn le foireann sacair an Oireachtais.

Tá a sháith le déanamh ag Leo Varadkar agus é ag déileáil leis an  mBreatimeacht, stailceanna sna hospidéil agus go leor ábhar achrannach eile. Ní oireann sé dó féin ná dá pháirtí a bheith cráite ag scéalta (a) a bhaineann go hiomlán le cúrsaí pearsanta, ach (b) a chuireann olc ar an bpobal agus ar lucht gnó go háirithe, agus (c) ar gá gníomh chomh maith le caint lena gcur as cuimhne an phobail agus an fhreasúra.

Tá aighneas inmheánach le réiteach ag Fine Gael sna Déise, áit ar ritheadh rún mímhuiníne sa Teachta John Deasy ag cruinniú i nDún Garbháin a deirtear a bhí trodach go maith.

Ach tá ceist níos simplí ag teannadh le Leo Varadkar, ceannaire an pháirtí. Má léiríonn an tuairisc inmheánach a d’iarr sé ábhar a tharaingeoidh droch-aird ar Fhine Gael, cad ba chóir dó a dhéanamh le Maria Bailey a shásóidh a pháirtí agus na vótóirí?

Fág freagra ar 'Céard sa diabhal a dhéanfaidh muid leis an bhfadhb seo Maria?'

  • Des O Murchu

    Bain an toin as an cathaoir rioga!