Céard is brí le ‘pósadh traidisiúnta’ ar aon nós?

Is iomaí bainis a cuireadh ar athlá in 2021 ach bíonn gach bainis difriúil mar is léir ó scéal Máire Phatch Mhóir Uí Churraoin

Céard is brí le ‘pósadh traidisiúnta’ ar aon nós?

Bliain eisceachtúil a bhí sa mbliain 2021. Sin mar a chuireamar síos air agus muid ag scríobh giotaí poiblíochta don tsraith teilifíse Ar an Sliabh a chuaigh amach ar RTÉ agus a bheas ag gabháil amach go gairid ar BBC NI.

I gcaitheamh na bliana, chuaigh daoine isteach agus amach as an dianghlasáil ach faoi dheireadh na scannánaíochta i mí Lúnasa, bhí gach cosúlacht ar an scéal go raibh an chuid ba mheasa de thart.

Chonaic muid daoine sna cláir dheireanacha nach raibh feicthe againn roimhe sin, toisc iad a bheith ag ‘clutharú’ ó thús 2021 – agus ba bheag nach raibh an pobal uilig ag ceiliúradh amuigh sa ghairdín ag teacht le chéile i Sliabh Eachtaí sa chlár deireanach.

Ba chosúil le bainis é, cheap mé. Sort ‘cóisir ghairdín’ le bia deas agus cúpla deoch.

Anois agus mé ag smaoineamh siar ar an am sin ach go háirithe, measaim gurbh é sin an uair ab fhearr a bhíomar i mbliana, an uair ab fheiliúnaí le cóisir nó fiú amháin an bhainis féin a eagrú.

Ach ba í ‘bliain an mhéar fhada’ í 2021, faraor.

Níl a fhios cé mhéid uair a cuireadh bainiseachaí ar ‘ceal’ ar fud na tíre agus daoine ag fanacht leis an uair go gceadófaí an bhainis ‘thraidisiúnta’ leis na céadta duine, óstán mór galánta, banna ceoil agus dioscó, smideadh agus cóiriú gruaige, bronntanais do chuile dhuine –  ó sea, agus an dara lá ag ceiliúradh le beárbaiciú agus cóisir eile sa ghazebó.

Chuala mé roinnt mhaith scéalta – ó mháithreacha na mbrídeog go hiondúil, faoi chailíní croíbhriste, toisc go raibh orthu gearradh siar ó 250 aoi go dtí 100, b’fhéidir. Nó, Dia idir sinn agus an t-olc, slua beag suarach 25 duine. Tá ceann nó dhó a bhfuil eolas agam féin orthu, fós ag fanacht agus an bhainis curtha ar athló acu trí huaire.

Is é an fáth go bhfuil mé i mo chineál saineolaí ar na cúrsaí seo, ná, go bhfuil dhá ghúna, bróga, mála agus éarlais ar thicéad eitleáin agam le dhá bhliain agus gach ball éadaigh ag imeacht as faisean go tréan, i gcófra thuas staighre.

Ach tharla an bhainis áirithe sin ar deireadh, tar éis í a bheith curtha ar athló den tríú huair an samhradh seo. Ní raibh aoi ar bith as an tír seo i láthair, agus bhí chuile shórt go maith, cloisim.

Ag smaoineamh siar ar an mbainis sin a bhí mé agus mé ag iarraidh ord agus eagar a chur ar na cófraí thuasluaite an lá cheana. Mar is dual dom, tháinig mé ar leabhar a tharraing chuige mé agus d’fhág mé an glantachán ar leataobh fhad is a thum mé isteach i saol seanmhná as na Forbacha.

Máire Phatch Mhóir Uí Churraoin a d’inis A Scéal Féin do Dhiarmuid Ó Gráinne i 1995, nuair a bhí sí 83 bliain d’aois. Casadh dhom í uair nó dhó nuair a bhí cónaí orm i nDoire Locháin Thoir agus bhí sise i dteachín álainn ceann tuí in Aill a’ Phréacháin. Bhínn ag siúl ‘timpeall’ ó bhaile amháin go dtí an baile eile, agus ar ais ar an bpríomhbhóthar.

Tá an leabhar roinnte suas ina chaibidlí faoi ábhair éagsúla – ‘Taibhsí agus Púcaí,’ ‘Leigheasanna’, ‘Bás agus Sochraidí,’ agus ar ndóigh, an scéal ba mhó ar chuir mé féin suim ann, ‘Pósadh agus Teacht go hAill an Phréacháin.’

Chuir sé ag smaoineamh mé ar céard is brí le ‘pósadh traidisiúnta’ ar aon nós. Ní raibh aon ‘ghazebo’ ag Máire Phatch Mhóir, ní raibh aon bheárbaiciú acu ar an dara lá, ní raibh an gúna bán ná cailíní freastail aici. Agus an rud eile nach raibh acu? Fágfaidh mé fúithi féin a scéal a insint:

Phós mise i 1935. Phós mé Dé Sathairn agus bhí mé sa gcúirt ag an Spidéal Dé Luain. Phós mé ag a dó dhéag sa lá agus ní raibh Aifreann ar bith ann an t-am sin. Tháinig muid abhaile agus tar éis rúinne a ithe thosaigh an damhsa, an ceol agus na hamhráin. Ar ndóigh bhí braon de bhainne na heasóige ag teacht ag chuile dhuine…Bhí a raibh ann caochta le poitín.

B’shin a thug chomh fada le Teach na Cúirte sa Spidéal iad maidin Dé Luain. [Nach mór an mhaith nach raibh sí imithe go dtí na Seychelles?] Ar aon nós, nuair a éistíodh an cás cúpla mí ina dhiaidh sin, b’é an Breitheamh Sean Forde a bhí i mbun na cúirte.

Leag an sáirsint an buidéal poitín ar bhord na cúirte agus séard a dúirt an giúistís leis nach raibh sé ag tabhairt aon sásamh d’aon gharda a bhéarfadh ar phoitín ag aon sochraid ná bainis níos mó ‘ach beirigí’, a deir sé, ‘ar na stilléirí’. Caitheadh amach an chúis. Sin mar a chaith mise mo honeymoon ag goil siar is aniar ag an Spidéal agus ag goil ag cúirteanna agus ní dheachaigh glas orainn, míle buíochas le Dia.

Bhí cuinneog mhór bhainne le déanamh aici lá arna mhárach, an t-im le tógáil agus an bláthach le tabhairt isteach Gaillimh ag na báicéirí sna hancaird. Ach bheadh cuimhne aici ar an mbainis go dtí i bhfad ina dhiaidh. Is dócha nach raibh aon ‘albam’ pictiúr’ ná fístéip den cheiliúradh aici ach an oiread.

An té a bheadh ag cuartú bainis ‘thraidisiúnta’ sa lá inniu, is dócha nach mbeadh mórán tóir acu ar leithéid bhainis Mháire Phatch Mhóir. Chuirfeadh sé iontas ar go leor, nach raibh aon Aifreann aici.

Ach sin traidisiún eile atá imithe le blianta beaga anuas. Is iomaí duine a phósann anois cois locha, amuigh sa bhfarraige, thíos faoin bhfarraige, ar bharr sléibhe, i seomra óstáin, nó in oifig an Chláraitheora.

Agus maidir leis an mbainis nár éirigh linn freastal uirthi thar lear? Ní raibh aon Aifreann ansin ach an oiread. Dlíodóir nua-cháilithe a bhí i ndeirfiúr an fhir óig a bhí ag gabháil a’ pósadh. Bhí sí cáilithe le daoine a phósadh agus rinne sise an beart.

Mar sin, an chéad uair eile a mbeidh quiz agaibh beidh freagra na ceiste seo agaibh- ‘cén uair atá deirfiúr in ann a deartháir a phósadh?’ Sea, cuimhneoimid ar 2021 go ceann píosa. Go dtí deireadh 2022 ar aon nós…

Máire Phatch Mhóir Uí Churraoin A Scéal Féin

Fág freagra ar 'Céard is brí le ‘pósadh traidisiúnta’ ar aon nós?'