Céard atá ar bun ag an Tánaiste béalscaoilte Leo Varadkar?

Agus aontas níos mó de dhíth ar an gcomhrialtas nua is binn béal Tánaiste ina thost

Céard atá ar bun ag an Tánaiste béalscaoilte Leo Varadkar?

An Tánaiste, Leo Varadkar. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Tá doiléire á cur i leith an rialtais ó thosaigh an chaint ar an liosta glas trí seachtainí ó shin. Ach ó foilsíodh an liosta faoi dheireadh Dé Máirt seo caite, níl leithscéal ná cúis éiginnteachta ag duine ar bith.

Má bhí an mearbhall a bhí ar dhaoine áirithe roimhe seo intuigthe, ba chóir go mbeadh aon duine réasúnta in ann an chiall cheart a bhaint as an gcomhairle oifigiúil anois.

I mbeagán focal, moltar do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn taisteal neamhriachtanach thar lear a sheachaint. Tá dualgas i gcónaí ar gach duine a thagann anseo ón iasacht féin-aonrú ar feadh coicíse, ach amháin i gcás an 15 tír atá ar an liosta glas.

Mar a bhí soiléir ó thús, níl dualgas féin-aonraithe de réir dlí á chur ar thaistealaithe ar theacht i dtír dóibh. Tá neartú ar mhaoirseacht an chórais á bhreithniú faoi láthair ach ní léir fós conas ná cén uair a dheimhneofar go bhfuil an dualgas á chomhlíonadh.

Agus scéal an liosta ghlais á phlé, ní foláir a admháil láithreach gur ar iriseoirí agus ar na meáin atá cuid mhór den mhilleán nár tuigeadh na sonraí go forleathan. Ba léir le tamall an sult as cuimse, beagnach, a baineadh as a rá go raibh teachtaireacht an rialtais doiléir nó dothuigthe. Rinne go leor cur síos ar chomhairle an rialtais amhail is nach raibh difríocht fhollasach idir rud a cheadaítear don phobal a dhéanamh agus rud a iarrtar ar an bpobal gan é a dhéanamh.

Ní foláir áfach cuimhneamh i gcónaí ar a ndúirt Leo Varadkar sa ráiteas aisteach a d’eisigh urlabhraí ar a shon cúpla uair an chloig sula ndearna an rialtas cinneadh go bhfoilseofaí an liosta glas.

Bhí teachtaireachtaí éagsúla faoi chúrsaí taistil á n-eisiúint ag an rialtas, a dúradh i ráiteas Varadkar.

Dá mbeadh an chomhairle a thabharfaí maidir leis na tíortha a bheadh ar an liosta glas ar aon dul leis an gcomhairle a thabharfaí maidir le tíortha eile, a dúirt sé, b’fhearr gan liosta ar bith fhoilsiú.

Cuimhnigh go raibh a fhios ag an Tánaiste agus a ráiteas á eisiúint aige go mbeadh gach ar bhain leis an liosta glas á phlé ag cruinniú rialtais faoi cheann cúpla uair an chloig, agus go raibh sé ionann agus cinnte go bhfoilseofaí an liosta díreach i ndiaidh an chruinnithe.

Ní raibh iontas ar mhórán nuair a tharraing ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Alan Kelly, béalscaoilteacht Leo anuas sa Dáil Dé Máirt. Bhí an cheist a chuir sé ar Mhicheál Martin leathmhagúil agus leathdháiríre: ‘I’m beginning to wonder who’s the Taoiseach?’

Is breá le hiriseoirí béalscaoilteacht ar ndóigh, ach is go príobháideach a bhíonn airí rialtais béalscaoilte leo de ghnáth, go háirithe i gcás chomhaltaí sinsearacha an rialtais.

Déanann cúlbhinseoirí ar nós John McGuinness agus Éamon Ó Cuív rith aonair ó am go ham, ach de ghnáth ní chuireann a ráitis ná a ngníomhartha isteach ar sheasmhacht rialtais.

Léirigh Leo Varadkar fonn cainte roimhe seo agus é ina aire rialtais, nós nár thaitin lena chomrádaithe rialtais. Mhol sé, mar shampla, uaisleacht agus crógacht an Gharda Maurice McCabe sula raibh deis ag airí eile labhairt go soiléir faoin bhfear a tharraing aird ar mhí-iompar sna Gardaí.

Cothóidh caint chomh hoscailte míshásamh agus teannas idir Varadkar agus an Taoiseach agus idir na páirtithe sa chomhrialtas má chloistear a leithéid rómhinic. Tá údarás agus eagar ag teastáil go géar sa rialtas, mar a léirigh an vóta inar toghadh Catherine Connolly seachas iarrthóir an rialtais Fergus O’Dowd mar Leas-Cheann Comhairle.

Tá meas ar chaon taobh de Dháil Éireann ar an Teachta Dála neamhspleách as Gaillimh Thiar, ach beidh aontas níos láidre, agus tost ón Tánaiste, de dhíth ar an rialtas nuair a vótálfar ar roghanna níos déine ar ball.

Fág freagra ar 'Céard atá ar bun ag an Tánaiste béalscaoilte Leo Varadkar?'

  • Eoin Ó Murchú

    Nach é Varadkar an Taoiseach i bhFírinne cé go bhfuil an ‘Taoiseach’ sealadach’ ag cur i gcéill dó féin nach amhlaidh atá?