Céard atá amach romhainn sa tSraith Náisiúnta Peile, 2015?

Labhraíonn Tuairisc.ie le saineolaí ó na ceithre chúige chun a cuid tuairimí a fháil ar an méid atá amach romhainn

Imreoirí Bhaile Átha Cliatha ag ceiliúradh tar éis an tsraith a bhuachan i 2014
Imreoirí Bhaile Átha Cliatha ag ceiliúradh tar éis an tsraith a bhuachan i 2014

Le teacht an earraigh, tá an tSraith Náisiúnta Peile á thosú arís an deireadh seachtaine seo, agus tar éis bhriseadh an gheimhridh, tá daoine ar fud na tíre ag feitheamh air arís.

Chun cabhrú linn súil a chaitheamh chun cinn ar céard atá le teacht sa tsraith, chuaigh Tuairisc.ie ar aistear chuig na ceithre chúige chun tuairimí daoine eolacha a fháil. Céard iad a gcuid smaointe faoin shéasúr na bliana seo, mar sin?

1. Cé a bhuafaidh Roinn 1 den tSraith Náisiúnta Peile?

Sean Ban BreathnachSeán Ban Breathnach (Craoltóir RTÉ RnaG):

Baile Átha Cliath. Is dóigh go mbeidh fonn orthu chuile chluiche i mbliana a bhuachan. Scaoil siad leo Craobh na hÉireann anuraidh agus beidh siad ag iarraidh é sin a chur ina gceart. Chonaic muid nach raibh aon Phlean B ag Gavin ach is dóigh gur fhoghlaim sé go leor uaidh sin. Tá seans ann go bhfeicfidh muid cuid de na pleananna sin i rith na sraithe.

Aodan Mac Gearailt 25/8/2002 DIGITALAodán Mac Gearailt (Iarimreoir Chiarraí):

Baile Átha Cliath. Is iad an contae leis an bpainéal is láidre a dhéanann go maith sa tsraith de ghnáth. Is dóigh liom go bhfuil Ciarraí fós chun deiridh maidir leis an traenáil chruaidh agus b’fhearr dóibh acu díriú air sin. Thabharfainn seans do Mhaigh Eo chomh maith. Dúradh anuraidh go raibh a rás rite ach ní aontaím leis sin. Má bhreathnaíonn tú ar na cluichí leathcheannais anuraidh, ní raibh faic idir iad féin agus Ciarraí. Tá foireann bainistíocht maith acu is dóigh liom agus tá a phainéal sách láidir.

Barry Cahill with Kevin Cassidy 25/8/2014Kevin Cassidy (Iarimreoir Dhún na nGall):

Baile Átha Cliath. Chonaic muid céard a tharla dóibh anuraidh sa chraobh agus cé go bhfuil na tosaithe acu, bhí trioblóid acu sna cúlaithe. Beidh siad ag iarraidh é sin a chur ina gceart i mbliana. Beidh siad sách dáiríre agus dírithe ar an tsraith.

David Gallagher and Aindriu Mac Lochlainn 25/6/2012Aindriú Mac Lochlainn (Iarimreoir Chill Dara):

Baile Átha Cliath. Chonaic mé iad ansin i gcluiche ceannais Corn Uí Bhróin agus bhí siad an-mhaith. Tá painéal an-láidir acu agus tá imreoirí nua tugtha isteach acu. Cé gur foireann sách óg iad, tá go leor taithí acu agus is é sin an difríocht a bhí idir iad féin agus Cill Dara an lá cheana.

2. Pioc foireann, taobh amuigh de Roinn 1, an gceapann tú go n-éireoidh go maith leo i rith na sraithe?

Seán Bán: Ba cheart súil a choinneáil ar Ard Mhacha. Tá a fhios againn uile céard atá siad a dhéanamh le McGeeney maidir le traenáil agus beidh siad rómhaith do Roinn 3. Tá mé féin ar an intinn gur cheart faire orthu, ní amháin sa tsraith ach i gCraobh Uladh chomh maith.

Aodán: Tá feabhas tagtha ar Laois i mbliana. Tá siad an-dhearfach ann faoi bainistíocht Tomás Ó Fátharta agus d’fhéadfadh siad dul chun cinn a dhéanamh. Tá neart sa phainéal acu agus tá go leor acu lonnaithe timpeall ar Laois agus Baile Átha Cliath. Nuair nach bhfuil ar imreoirí go leor taistil a dhéanamh don traenáil, cabhraíonn sé go mór le foireann.

Kevin: Ard Mhacha. Tá siad ag traenáil go dian thuas ansin agus iad i Roinn 3, beidh siad ag iarraidh díriú ar an ardú céime. B’fhéidir go dteastódh cúpla cluiche uathu chun foireann socraithe a fháil.

Aindriú: Tá Port Láirge ag déanamh go maith, cé go bhfuil sé fós luath sa bhliain. Ta aithne agam ar Niall Carew, an bainisteoir thíos ann, agus deir seisean go bhfuil imreoirí iontacha maithe, sciliúla acu. Anois, b’fhéidir go bhfuil an fhadhb fós ann go bhfuil níos mó suim ag daoine thíos ann san iomáint ach is cinnte go bhfuil na himreoirí acu. D’imir mé peil sa choláiste le Michael ‘Brick’ Walsh agus is iontach an peileadóir a bhí ann ach nuair a thosaigh an iomáint, is air sin amháin a bhí sé dírithe.

3. Pioc imreoir óg ar cheart dúinn súil a choinneáil air i rith na sraithe?

Seán Bán: Diarmuid Murtagh (Ros Comáin). Ní amháin mar gheall gur imir sé go maith sa tsraith FBD i mbliana ach tháinig sé isteach i gcoinne Mhaigh Eo anuraidh, gan é ach 18 agus bhí Maigh Eo beagnach buailte aige. Chuaigh an taispeántas sin i bhfeidhm go mór orm. Mar a deir siad i mBéarla, ‘He’s got it!’

Aodán: I gCiarraí tá Conor Keane. Is imreoir maith atá ann agus d’fhéadfadh sé a bheith an-mhaith. Tá sé cosúil le James O’Donoghue, is as an gclub céanna iad, ach beidh go leor ag brath ar an bhfeachtas faoi-21 a bheidh aige le Ciarraí.

Kevin: Ag breathnú ar cúpla cluiche i gCorn Mhic Cionnaith, sheas Padraig McNulty ó Thír Eoghan amach dom. Is imreoir lár páirce é, é breá mór agus aclaí. Ta stíl cineáil cosúil le Seán Kavanagh aige.

Aindriú: John Small (Baile Átha Cliath). Bhí sé an-mhaith i gcluiche ceannais Corn Uí Bhróin. Thapaigh sé a dheis nuair a bhí Ger Brennan gortaithe agus cé nach bhfuil sé iontach mór, b’fhéidir sé troithe, bhí sé an-láidir agus cliste. Bhí sé ag imirt mar ‘sweeper’ agus é an-mhaith ar an liathróid chomh maith.

4. An mbeidh conspóid ann arís i mbliana maidir le dáileadh an chárta dhuibh?

Seán Bán: Ní dóigh liom go mbeidh. Tá mé ar an intinn go bhfuil glactha leis faoin am seo. Cheap mé féin go raibh sé sásúil go leor anuraidh nuair a chuir siad i bhfeidhm é. Ach athraíonn an réiteoireacht i gcónaí idir an tsraith agus an chraobh ar aon nós. Caitheann réiteoirí cártaí amach ar nós ‘confetti’ i rith na sraithe ach athraíonn an meon sin nuair a thosaíonn an chraobh.

Aodán: Is é an fhadhb ná go bhfuil easpa leanúnachais ann agus tá réiteoirí ann nach n-úsáideann é. Má bhreathnaíonn tú ar an athimirt idir Ciarraí agus Maigh Eo anuraidh, tharraing Shane Enright Cillian O’Connor go talamh. Bhí sé ciniciúil ach níor thug an réiteoir cárta dubh dó.

Kevin: Ní dóigh go mbeidh i mbliana. Tá a fhios ag na réiteoirí agus na himreoirí uile na rialacha a bhaineann leis an gcárta dubh. Beidh a fhios acu uile céard atá ceadaithe agus dá bhrí sin ní dóigh go mbeidh an conspóid chéanna ann.

Aindriú: Níl a fhios agam. Ní riail é a thaithíonn liom. Sna chluichí a chonaic mé an mhí seo, bhí cúpla cailís ann a cheap mé go dtaispeánfadh an réiteoir cárta dubh as a n-ucht, ach is cárta buí a bhí ann, nó cárta dearg. Go leor den am, má dhéanann imreoir feall ina bhfuil cárta dubh tuillte aige, is cárta buí a gheobhaidh sé. B’fhéidir go bhfeicfidh tú cárta dubh má tá sé os comhair na gcúl ach má tá sé i lár na páirce, is cárta buí a bheidh ann an cuid is mó den am.

5. Ar deireadh, an mbíonn mórán tionchair ag torthaí cluichí sraithe ar a bhfeicfidh muid sa chraobh?

Seán Bán: Aisteach go leor, ní dóigh liom go mbíonn. Féach ar anuraidh, bhí gach duine ag rá, mé féin ina measc, go raibh Ciarraí críochnaithe. Chomh maith leis sin, ag súil amach ó bPáirc an Chrócaigh tar éis gur buaileadh Dhún na nGall, níor cheap mise go mbeadh siad ar ais ann i gCluiche Ceannais na hÉireann. Is léir gur dhá ainmhí dhifriúla iad an tsraith agus an chraobh.

Aodán: Ní dóigh liom é. Cúpla bliain ó shin, bhí daoine ag rá gurb iad na foirne a bhí ag déanamh go maith sa tsraith na cinn a bhíodh ag déanamh go maith sa chraobh. Ach dar liom féin, bheadh sé níos fearr do Chiarraí muna raghaidís siad i bhfad ann. Bheadh sé níos fearr acu traenáil chruaidh a dhéanamh. Má tá painéal mór agat, is féidir é a dhéanamh ach má tá imreoirí óga agat, tá sé níos fearr dóibh iad féin a neartú sa bhfoireann le traenáil 3-4 uair sa tseachtain. Nuair a bhíos-sa ag imirt do Chiarraí, ní dóigh liom go raibh aon cheangal ann idir na taispeántais sa tsraith agus sa chraobh.

Kevin: Bhí blianta ann nach raibh. Bhíodh foirne ag obair ar a ‘shape’ agus sásta cúpla cluiche a imirt. Ach tá sé feicthe agat le cúpla bliain anuas go mbíonn na foirne a bhuaigh an tsraith fós ann ag deireadh na bliana. Ag léamh leabhar Paul Galvin, dúirt sé féin nuair go raibh Ciarraí ag imeacht go maith sa tsraith, bhí a fhios aige go raibh seans acu sa chraobh.

Aindriú: Is dóigh nach bhfuil sé róthábhachtach an tsraith a bhuachan ach má bhreathnaíonn tú ar fhoirne ar nós Chill Dara, atá i Roinn a 2, tá súil agam go bhfuil sé mar aidhm acu déanamh go maith sa tsraith agus ardú céime chuig Roinn 1 a fháil.

Má tá tú sa chluiche leathcheannais agus sa chluiche ceannais, beidh tú ag imirt suas beagnach go tús na craoibhe agus b’fhéidir ansin, mura bhfuil painéal láidir agat, go ndéanfaidh sé sin dochar duit. Ach má tá tú ag imirt cluichí maithe sa tsraith, tugann sé an-mhóiminteam duit do thús na craoibhe.