‘Céard a thug isteach thú?’ – an chaint sa seomra feithimh

Ba bhosca faoistine iad na seomraí feithimh tráth, fiú mura raibh tú ag iarraidh aon fhaoistin a dhéanamh ná a chloisteáil

‘Céard a thug isteach thú?’ – an chaint sa seomra feithimh

Tráth den saol ní fios cén t-iontas ná eachtra a chloisfeá trácht air sa seomra feithimh. Ó tháinig an fón póca ar an saol ní mórán cainte a bhíonn le cloisteáil sna seomraí feithimh agus fanann gach duine astu féin.

Má bhí tús curtha leis an athrú le deich mbliana anuas, chuir an dianghlasáil agus an phaindéim críoch leis agus deireadh leis an gcaint. Cé gur mór an faoisimh é in amanna níl a fhios agam an maith an rud é go bhfuil deireadh nach mór leis an gcaint. 

‘Céard a thug isteach thú?’ 

Ar chuir strainséir an cheist sin ort riamh agus tú ag teacht isteach an doras, mar a dhéanfaí le príosúnach ag cur tús lena phionós.

Tá daoine ann agus níl aon fhonn orthu a stair leighis a chraobhscaoileadh os comhair an tsaoil, is tá daoine ann nach bhfuil ach ag fanacht ar an deis lena scéal a insint.

Ba bhosca faoistine iad na seomraí feithimh tráth, fiú mura raibh tú ag iarraidh aon fhaoistin a dhéanamh ná a chloisteáil.

Casadh fear orm uair amháin, lá a chaith mé sa halla in ospidéal réigiúnach na Gaillimhe ag fanacht ar x-gha, nach raibh aon deireadh lena chuid scéalaíochta. Deirtear gur maith an rud í an fhírinne, ach níl a fhios agam an aontaím leis sin, agus níl a fhios agam an raibh a leath dhe fíor.

Tá faitíos orm go bhfanfaidh na scéalta anró a d’inis sé dúinn, príosúnaigh an tseomra feithimh, liom go brách. Ní inseoidh mé anois duit iad, le faitíos nach mbeifeá baileach ‘ceart’ arís go deo.

An riail atá anois ann sa seomra feithimh ná siúl isteach agus do radharc ar an urlár agat le faitíos go mbéarfá sa tsúil ar aon duine. Ina dhiaidh sin, agus gan mhoill, aimsigh ceann de na cathaoireacha nach bhfuil clúdaithe le téip bhuí láthair na coire agus suigh síos.

Ba léir nach raibh na rialacha léite ag Cainteach Mór a shiúil isteach i seomra feithimh an dochtúra an lá cheana is mé ag fanacht. Bhí an chuma ar Chainteach Mór go raibh fonn cainte air agus é ag santú an chomhluadair.

Sheas sé i lár an urláir agus tharraing sé an fón amach as a phóca. D’airigh mé lasair teannais ag preabadh sa seomra. Níor labhair éinne.

Thosaigh Cainteach Mór ag gáire is é ag breathnú ar an bhfón. ‘An bhfaca tú an ceann seo?’ a d’fhiafraigh sé d’fhear a bhí ina shuí go socair in aice leis ag tabhairt aire dá ghnó féin.

Ní raibh aon réiteach déanta ag an saol ar an bhfear socair ná ar aon duine eile sa seomra don chasadh seo sa scéal.

‘Errr?’ a deir an fear socair is a scornach á glanadh aige go neirbhíseach.

‘Céard?’ a deir sé ansin is é ag socrú a mhasc ar a éadan go cúramach.

Ba léir go raibh sé ag iarraidh a bheith múinte ach ag an am céanna gan aon chomhartha a thabhairt go raibh sé ag iarraidh breathnú ar an bhfíseán ar an bhfón.

‘Stop!’ a deir Cainteach, ‘tá sé an-bharrúil!’

Ansin tharraing sé an téip bhuí den chathaoir in aice le Socair le go bhféadfadh sé suí lena thaobh.

Chonaic mé an faitíos i ngealacán a chuid súl ach ní fhéadfadh duine cabhrú leis anois. 

Bhí sé rómhall aige, an fear bocht. 

Fág freagra ar '‘Céard a thug isteach thú?’ – an chaint sa seomra feithimh'

  • Colin Ryan

    Is deas an píosa é – léargas eile ar conas greann tuisceanach a bhaint as gnáthchúrsaí an tsaoil. Táim ag súil leis an úrscéal.