Céard a tharlódh do mo leabhar dá mbuailfeadh bus tráthnóna mé?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: agus bailchríoch á cur ar úrscéal aige, bhuail taom paranóia ár gcolúnaí

Céard a tharlódh do mo leabhar dá mbuailfeadh bus tráthnóna mé?

Níl aon chinnteacht sa saol. D’fhéadfadh bus thú a bhualadh tráthnóna. D’fhéadfadh ardaitheoir a thógfá anocht titim go talamh. D’fhéadfá stróc a bheith agat thar oíche. Maith dom scéal chailleach an uafáis a dhéanamh go luath maidin Dé Sathairn, ach sin iad na smaointe a mbíonn scríbhneoir céasta acu nuair a bhíonn leabhar ar chaith sé blianta fada ag obair air beagnach críochnaithe aige. 

Céard a tharlódh don leabhar bocht dá mbainfeadh timpiste don scríbhneoir sula n-éireodh leis an babhta eagarthóireachta deireanach a chríochnú? Nó níos measa fós, céard a tharlódh dá n-éireodh leis an babhta eagarthóireachta deireanach a chríochnú ach dá mbainfeadh taom croí dó sula n-éireodh leis an dréacht deireanach a chur chuig foilsitheoir?

An rithfeadh sé leis na gaolta nó cairde a chuirfeadh gnóthaí an scríbhneora chaillte in ord agus in eagar scagadh a dhéanamh ar na comhaid ar fad ar a ríomhaire féachaint an mbeadh aon Mhórshaothar Neamhfhoilsithe ina measc? Agus dá rithfeadh, an mbeadh dóthain cur amach ag na gaolta nó na cairde ar shaol na foilsitheoireachta, nó go deimhin ar chúrsaí litríochta, lena chinntiú go bhfoilseofaí an saothar sin ar chaoi a mbeadh an scríbhneoir-bocht-nach-maireann sásta léi?

Tóg go réidh é a Alex, a deir tú. Níl tú ach 44 bliain d’aois, cén tseafóid atá ort?

Bhuel, féach thuas. D’fhéadfadh bus… srl. Déanann tuismitheoirí atá ar comhaois liom nó níos óige socruithe dá gcuid páistí – ar eagla na heagla agus ar fhaitíos na bhfaitíos. Cén fáth nach ndéanfadh scríbhneoir socruithe dá chuid leabhar? Tá leabhair ar nós páistí – tá sé in am ag duine éigin é a rá – ach amháin go mbíonn an tréimhse iompair níos faide.

An tseachtain seo caite, agus bailchríoch á cur agam ar dhréacht deireanach an úrscéil atá idir lámha agam le breis agus trí bliana anuas, bhí mé céasta ag an bparanóia seo. Bhí faitíos orm fiú amháin go sciorrfainn ar urlár m’árasáin.

A luaithe is a bhí an dréacht críochnaithe agam, chuir mé an comhad digiteach chuig an gcara is fearr atá agam i mo thír dhúchais, an Ísiltír. Scríbhneoir é mo chara freisin; tá tuiscint mhaith aige ar an gceird agus ar earnáil na foilsitheoireachta. Bhí sé ar intinn agam cheana féin iarraidh air an dréacht seo de m’úrscéal a léamh, ach shocraigh mé líne sa bhreis a chur sa ríomhphost: ‘tá súil agam nach mbainfidh seo siar asat ach an gcinnteofá go bhfoilseofar an leabhar seo sa chás go dtarlódh aon cheo dom féin sula bhfoilseofar é?’

‘Níor bhain tú siar asam, tuigim go maith céard atá á rá agat agus is mór an onóir dom é’ an freagra a chuir sé ar ais chugam.

Mholfainn do scríbhneoir ar bith socrú mar seo a dhéanamh le duine a mbeadh muinín aige as agus a mbeadh tuiscint aige ar chúrsaí scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta. Is mór an faoiseamh é agus ba chóir dom a leithéid de shocrú a dhéanamh i bhfad ó shin.

Fág freagra ar 'Céard a tharlódh do mo leabhar dá mbuailfeadh bus tráthnóna mé?'