Céard a dhéanfaimid feasta gan Mutti?

Bhí Angela Merkel chomh láidir, chomh húdarásach agus chomh tuisceanach go bhfágann fógra a himeachta go bhfuil tuilleadh éiginnteachta romhainn go léir

Céard a dhéanfaimid feasta gan Mutti?

Níor baineadh preab as duine ar bith, is dóigh liom, nuair a d’fhógair Angela Merkel go raibh sí le héirí as ceannaireacht an CDUI sa nGearmáin agus as Seansailéireacht na Gearmáine féin faoin mbliain 2021.

Bhí sé seo ar na bacáin le tamall. Rinne an CDU go dona sa toghchán deireanach agus rinne sí féin agus páirtnéirí a páirtí, CSU, go dona freisin sna toghcháin réigiúnacha in Hesse agus sa mBaváir.

Tá Merkel á lagú le tamall. Sea, seo an bhean a dtugtaí Mutti nó Máthairín uirthi, agus rinneadh a húdarás a chreimeadh de réir mar rinne an AfD, páirtí atá i bhfad amach ar an eite dheis, dul chun cinn. Rinne siad amhlaidh trí a bheith ag díriú ar mhíshástacht an phobail maidir le polasaí Merkel i dtaobh na hinimirce agus an milliún teifeach a lig sí isteach sa tír.

Fuair Merkel moladh mór ó liobrálaigh na hEorpa ach thug a polasaí ugach do lucht nua-fhaisisteachais, is cosúil.  Thuig Merkel go mbeadh fadhb ann amach anseo maidir le cé a d’íocfadh as bille pinsin na nGearmánach mura mbeadh líon mór oibrithe ann le cánacha a íoc. Ach níor thug cuid mhaith den lucht vótála aon aird air sin.

Ní léi féin amháin a bhain an tubaiste, mar rinne an páirtí sóisialta daonlathach, SPD, níos measa fós agus thit a vóta go dtí an leibhéal is ísle le cianta, san olltoghchán agus sna toghcháin réigiúnda araon.

Tá seans maith ann nach bhfanfaidh an SPD sa rialtas, agus is cosúil go mbeidh deireadh le Merkel ansin, fiú roimh 2021, más gá olltoghchán eile a reáchtáil.

Ar ndóigh, tá na páirtithe sóisialta daonlathacha ar fad san Eoraip ag íoc praghas ard mar gheall ar a ngéilleadh don déine is don nua-liobrálachas, agus cheal rogha a bheith le fáil ar an eite chlé, fágtar an chumhacht ag an dream sin atá i bhfad amach ar an eite dheis. Is amhlaidh an scéal, den chuid is mó, i gcás an Bhreatimeachta sa mBreatain.

Mura seasann páirtithe sóisialta daonlathacha leis an lucht oibre, ní sheasfaidh an lucht oibre leo.

Fadhb é sin do pholaitíocht inmheánach na Gearmáine, ar ndóigh, ach tá impleachtaí móra ag an scéal seo don Eoraip, don Aontas Eorpach, dúinne agus do scéal an Bhreatimeachta.

Bhí a fhios ag an saol go bhféadfadh scéal mór a bheith ag baint leis na torthaí toghcháin in Hesse, ach is cosúil nach raibh a fhios ag RTÉ sin mar ní raibh tagairt ar bith acu don scéal céanna ar Nuacht ag a naoi a chlog oíche Dé Domhnaigh.

An lá ina dhiaidh ámh d’fhógair Merkel a cinneadh – cinneadh a fhágann polaitíocht na Gearmáine in aimhréidh agus éiginnteacht mhór ann. Ach cinneadh é chomh maith a lagaíonn tionchar na Gearmáine tuilleadh agus laghdú á dhéanamh ar an tionchar sin le tamall.

Ar an gcéad dul síos cuirfidh sé deireadh, go sealadach ar aon chuma, le mianta Uachtarán Macron na Fraince maidir le dlús a chur leis an iarracht stát lárnaithe a dhéanamh den Aontas.

Ar an taobh eile, tá impleachtaí móra ag an gcor seo i scéal na hEorpa don Bhreatimeacht.  Le tamall anuas bhí lucht gnó na Gearmáine ag iarraidh go rachadh an tAontas níos boige ar an mBreatain ó thaobh na hidirbheartaíochta Breatimeachta.  Ar ndóigh, tá farasbarr an-ard ag an nGearmáin ina gcuid trádála leis an mBreatain.

Ní theastaíonn uathu é sin a chur i mbaol, ach tá guth na Gearmáine lagaithe go mór anois mar gheall ar an éiginnteacht i gcúrsaí polaitíochta sa bhaile.

Sea, níl aon ghuth láidir le clos anois ar son socrú bog a dhéanamh leis an mBreatain. Laghdaíonn sé sin an baol go ndéanfaí feall orainn maidir leis an teorainn, ach beidh sé níos deacra fós anois Breatimeacht crua a sheachaint agus beidh tionchar aige sin ar chás na teorann, ar chúrsaí trádála leis an mBreatain agus ar an eacnamaíocht i gcoitinne.

Níl aon dream eile ann a d’fhéadfadh srian a chur ar Michel Barnier, agus cé nach féidir le Macron aisling na hEorpa lárnaithe a chur i gcrích faoi láthair, is féidir leis pionós a chur ar na Sasanaigh agus sampla a dhéanamh díobh a chuirfeadh imní ar aon dream eile a mbeadh fonn orthu iad a leanúint.

Is í an Iodáil láthair na troda, agus is é an t-aighneas faoina gcáinaisnéis is tábhachtaí anois. Ní hé nach mbeidh na páirtithe ar fad sa nGearmáin ag iarraidh an bata mór a bhualadh orthusan – a mhalairt a bheidh fíor, ceapaim – ach cuireann an t-achrann seo leis na deacrachtaí bunúsacha atá ag an Aontas leis an mBreatain, leis an Iodáil agus le tíortha Oirthear na hEorpa, tíortha atá ag cur i gcoinne pholasaí inimirce an Choimisiúin agus i gcoinne dhlúthú an Aontais i gcoitinne.

Go fírinneach, níl a fhios againne cén cineál Aontas Eorpach a fheicfidh muid sa todhchaí, d’uireasa Merkel.  Bhí sí chomh láidir, chomh húdarásach, chomh tuisceanach sin faoi céard a tharlódh sa bhfadtéarma nach léir go bhfuil aon duine ann a líonfaidh an bhearna a fhágfaidh a himeacht i saol na hEorpa. 

Fág freagra ar 'Céard a dhéanfaimid feasta gan Mutti?'

  • Carraig

    Leathsclábhaithe is ea an lucht oibre sa Ghearmáin tríd is tríd. Le fíordhéanaí a ghéill an Ghearmáin don íosmhéid pá. Agus tugann fostóirí droim láimhe don reachtaíocht sin a mhéid is féidir leo. D’fhéach Mutti ar na himircigh nua seo mar lucht dúshaothair a d’íocfadh pinsean na seanóirí amach anseo. Ach – an rud is annamh is iontach- theip uirthi é sin a chur abhaile ar an mbunaíocht vótóirí agus rinne roinnt ‘jihadi’ sceimhle anseo is ansiúd. B’fhacthas go mbeadh an ‘ghrathain’ ollmhór nua seo ag goid jobanna ó na dúchasaigh freisin dar ndó’ nó go mbeidís sásta oibriú gan faic nach mór. Chuir sin an chaidhp bháis ar cheannaireacht Mutti. Caipitlíoch den seanmhúnla a fuair tabhairt suas mórálta ceartchreidmheach óna muintir. Níorbh í ba mheasa ar fad.

  • Des O Murchu

    Na bi buartha! Mar adurau Tamaill O shin, cad a dheana muid feasta gan Bertie!