Céard a d’fhoghlaim muid ó chluichí sraithe na deireadh seachtaine seo?

Cé go bhfuil babhta amháin fágtha i Roinn 1 na hiomána, is beag athrú a fhéadfas teacht ar an tábla. Sa tsraith peile, breathnaíonn sé go bhfuil níos mó foirne míshásta lena saothar go dtí seo

Iománaithe an Chláir agus Thiobraid Árann ag iomaíocht faoin sliotar sa chluiche sraithe an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Iománaithe an Chláir agus Thiobraid Árann ag triailar an sliotar sa chluiche sraithe an deireadh seachtaine seo. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Tá Roinn 1A beagnach socraithe cheana féin

Nuair a thabharfaidh Cill Chainnigh agus an Clár aghaidh ar a chéile an Domhnach seo chugainn, tá seans nach bheidh ann ach réamhléiriú den seó mór; an cluiche an tseachtain seo chugainn a shocróidh cé atá chun ísliú céime a fháil.
Cáilíonn an chéad cheithre fhoireann ar an tábla do na cluichí ceathrú ceannais agus tá an dá fhoireann eile i mbaol a stádas i Roinn 1A a chailliúint. Beidh foireann Brian Cody ag imirt sa chluiche dícháilithe ó chaill siad i gcoinne Thiobraid Árann ach tá deis fós ag na Cláirínigh é a sheachaint. Má bhuann an Clár in aghaidh Chill Chainnigh agus má chailleann Baile Átha Cliath i gcoinne na Gaillimhe, léimfidh foireann Davy Fitzgerald thar fhir na príomhchathrach.
Rud amháin atá ag dul i gcoinne an Chláir ná go bhfuil na Gaillimhigh, chomh maith le Corcaigh agus Tiobraid Árann, cáilithe do na babhtaí ceathrú ceannais cheana féin agus níl siad ag brath dá bharr ar thoradh an chluiche seo. Mar sin, tá seans ann go dtabharfaidh Anthony Cunningham sos do chuid dá chuid imreoirí, rud a thabharfaidh deis níos fearr do Bhaile Átha Cliath.

Imreoir Bhaile Átha Cliath Denis Bastick ag aimsiú cúil i gcoinne Mhaigh Eo an Satharn seo caite. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Imreoir Bhaile Átha Cliath Denis Bastick ag aimsiú cúil i gcoinne Mhaigh Eo an Satharn seo caite. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Níl mórán seans go mbeidh Corn Mhic Uidhir ag trasnú na Sionainne i mbliana

Cé go mbíonn muintir Mhaigh Eo ag súil i gcónaí gur ‘i mbliana’ a dhíbreoidh siad an mhallacht atá orthu sa chraobh, breathnaíonn sé go bhfuil siad chomh fada ó lá na fuascailte is a bhí riamh.
Cé go bhfuil siad fós sa dara háit i Roinn 1, tá ábhar imní go leor ag a lucht tacaíochta i mbliana, go háirithe i bhfianaise na teipe i gcoinne Thír Eoghain i mBabhta 2 agus arís in aghaidh Bhaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo. I gcoinne na dTuaisceartach, ní raibh na tosaithe ag Maigh Eo chun an dlúthchosaint a shárú agus nuair a thug Baile Átha Cliath foireann láidir chuig Páirc Mhic Éil oíche Dé Sathairn, fuair siad an ceann is fearr ar an bhfoireann baile ó cheann ceann na páirce.
Ní raibh an scéal aon phioc níos fearr i mBóthar na Trá an lá dár gcionn. Bhí na Gaillimhigh cúig phointe chun cinn ar an gCabhán ag leath ama ach chlis siad go hiomlán sa dara leath. Níor thaispeáin imreoirí Kevin Walsh aon ghliceas ná spiorad sna nóiméid dheireanacha agus d’íoc siad go daor as.
Chuir na Gaillimhigh tús maith lena bhfeachtas sraithe i mbliana ach tar éis dóibh beagán misnigh a thabhairt dá lucht tacaíochta, chaill siad dhá chluiche as a chéile ina raibh siad i bhfad chun cinn ag leath ama.
Tar éis féachaint ar an gcath a bhí ann i gCill Airne agus an gearradh a bhí san imirt nuair a bhí sé in airde déine, is beag dóchas atá ag ceachtar d’fhoirne móra Chonnacht le teacht an tsamhraidh.

Tá tuilleadh brú ag teacht ar bhainisteoir Chill Dara Jason Ryan agus iad ag bun Roinn 2. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Tá tuilleadh brú ag teacht ar bhainisteoir Chill Dara Jason Ryan agus iad ag bun Roinn 2. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Tá Cill Dara i dtrioblóid cheart anois

Nuair a chaill Cill Dara i gcoinne na Mí ag tús na míosa seo caite dúirt a mbainisteoir, Jason Ryan, nach raibh sé ró-bhuartha go raibh an dá chluiche sraithe go dtí sin caillte ag a fhoireann. Dar leis féin, nach raibh an baol íslithe céime ag déanamh mórán tinnis dó go fóill. Bhí Cill Dara chun cinn don chuid is mó de na cluichí sin agus thiocfadh athrú ar na torthaí as sin amach.
Anois, agus gan fágtha sa tsraith ach dhá chluiche, tá foireann Ryan fós ag bun Roinn 2, gan oiread is bua amháin acu sa chúig chluiche go dtí seo. Ní hamháin sin, ach is iad na cluichí atá fágtha ag Cill Dara na cinn as baile, i gcoinne Laoise atá ag iarraidh an t-ísliú céime a sheachaint iad féin, agus an Dún, atá ar bharr na sraithe agus gan ach cluiche amháin caillte acu.
Bhí Cill Dara i Roinn 1 nuair a ghlac Ryan leis an bpost mar bhainisteoir ag deireadh 2013 agus mura dtagann athrú iomlán ar chúrsaí as seo go deireadh na sraithe, beidh ísliú céime faighte ag an bhfoireann don dara huair ó chuaigh sé i mbun oibre leo.

Imreoir na Gaillimhe, Cathal Mannion, ag iarraidh éalú ó fhear lár páirce Chorcaí, Aidan Walsh. Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy
Imreoir na Gaillimhe, Cathal Mannion, ag iarraidh éalú ó fhear lár páirce Chorcaí, Aidan Walsh. Pictiúr: INPHO/Mike Shaughnessy

Tá na Gaillimhigh ag déanamh dochar dóibh féin leis an drochbhail atá ar Páirc an Phiarsaigh

I lár an dara leath inné, gan ach cúpla pointe idir Gaillimh agus Corcaigh, seoladh liathróid fhada isteach sa spás taobh thiar de líne lánchúil Chorcaí. Bhreathnaigh sé go raibh tosaí na Gaillimhe, Jason Flynn, ag rith isteach leis féin ina dhiaidh ach phreab an sliotar go haisteach ar an dromchla. Níor éirigh le Flynn é a smachtú, agus tugadh deis do na cosantóirí teacht aniar a dhéanamh.
Rinne bord an chontae i nGaillimh go leor oibre ar an bpáirc i rith an gheimhridh ach tá sé soiléir nach bhfuil sí réidh fós. Bhí peileadóirí agus iománaithe na Gaillimhe ag imirt i bPáirc an Phiarsaigh inné ach bhí sé chomh maith acu a bheith ag imirt cois trá leis an méid gainimh a bhí ar an bpáirc. Chomh maith leis sin, níl an dromchla cothrom agus bhí sé thar a bheith deacair preabadh na liathróide a léamh.
Cé go bhfuil sé cinnte go mbeidh an pháirc foirfe faoin uair go mbeidh sé ina shamhradh, bhí sé náireach gur tugadh ar fhoirne idirchontae, go háirithe san iomáint, imirt ar a leithéid de pháirc.

Is mar gheall ar an droch-chaoi ar an dromchla a chaill Flynn amach an deis sin ar chúl agus faoin am ar shéid an réiteoir an fheadóg dheireanach, ba chúl a a bhí idir na foirne. Tá bord an chontae chomh freagrach céanna as an toradh sin is atá na himreoirí a bhí ag imirt.

Fág freagra ar 'Céard a d’fhoghlaim muid ó chluichí sraithe na deireadh seachtaine seo?'