‘Céard a cheapfadh an Ríocht Aontaithe dá gcuirfí cosc ar an mBéarla in Éirinn’ – Aire gnóthaí eachtracha na Rúise

Agus é ag labhairt leis na meáin i Moscó ar maidin, thagair Sergei Lavrov do chás na Rúisise san Úcráin agus é ag iarraidh údar a thabhairt le hionradh na Rúise ar an Úcráin

‘Céard a cheapfadh an Ríocht Aontaithe dá gcuirfí cosc ar an mBéarla in Éirinn’ – Aire gnóthaí eachtracha na Rúise

Segei Lavrov, aire gnóthaí eachtracha na Rúise. Pic:: Emmanuel Hungrecker

Mhaígh aire gnóthaí eachtracha na Rúise nach nglacfadh rialtas na Breataine leis dá gcuirfí cosc ar an mBéarla in Éirinn agus é ag cosaint chinneadh na Rúise ionradh a dhéanamh ar an Úcráin.

Agus é ag labhairt leis na meáin i Moscó ar maidin, thagair Sergei Lavrov do chás na Rúisise san Úcráin agus é ag iarraidh údar a thabhairt le hionradh na Rúise ar an Úcráin. Mhaígh sé go raibh an Úcráin ag iarraidh daoine a labhraíonn Rúisis a ruaigeadh as an tír.

Mheas Lavrov nach mbeadh rialtas na Breataine sásta ligean d’Éirinn cosc a chur ar an mBéarla agus go gcuirfí stop lena leithéid de dhlí go gasta.

“Mar shampla, céard a cheapfadh an Ríocht Aontaithe dá nglacfaí cinneadh in Éirinn cosc a chur ar an mBéarla? Nó sa Bheilg, dá gcuirfí cosc ar an bhFraincis? Ní dóigh liom go mairfeadh dlí dá leithéid níos mó ná cúpla lá ná cúpla uair an chloig fiú,” a dúirt Lavrov.

Níos deireanaí, dúirt Simon Coveney, Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann nár cheart do Lavrov Éireann a tharraingt isteach sa scéal chun cosaint a dhéanamh ar chogadh nach féidir cosaint.


Níl cosc ar labhairt na Rúisise san Úcráin. Labhraíonn formhór na ndaoine in iarthar na tíre an Úcráinis ach an Rúisis atá go láidir in oirthear na hÚcráine.

In 2019, tháinig dlí nua i bhfeidhm san Úcráin a d’fhág go mbeadh sé riachtanach do státseirbhísigh, saighdiúirí, dochtúirí agus múinteoirí an Úcráinis a úsáid agus iad i mbun a gcuid oibre. Tá dualgas freisin ar dhaoine atá ag obair in earnáil na seirbhísí úsáid a bhaint as an Úcráinis, ach sa chás go n-iarrfadh custaiméir go sonrach go n-úsáidfí an Rúisis. Ó thús na bliana, caithfidh na meáin chlóite san Úcráin úsáid a bhaint as an Úcráinis, cé gur féidir scéalta sa Rúisis a fhoilsiú freisin.

Dúirt Uachtarán an Rúise, Vladimir Putin an tseachtain seo go raibh sé chun saighdiúirí cosanta a lonnú in dhá cheantar in oirthear na hÚcráine a thacaíonn leis an Rúis, ceantair a dhearbhaigh gur poblachtaí iad in 2014, ach cuireadh tús inné le hionradh ar áiteanna éagsúla ar fud na hÚcráine.

Meastar go bhfuil na céadta maraithe sa troid le dhá lá anuas agus fórsaí na Rúise ag iarraidh príomhchathair na hÚcráine, Cív, a thimpeallú.

D’fhógair an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee inniu go bhfuil deireadh á chur láithreach leis na riachtanais víosa idir an Úcráin agus Éirinn.  

Dúirt an Roinn gur beart éigeandála é seo le cuidiú le daoine as an Úcráin a bhfuil gaolta acu anseo, Éireannaigh atá fós thall san Úcráin agus aon Úcránach a chaithfidh imeacht as an tír go tobann ar mhaithe lena sábháilteacht. 

Aon duine a bhainfidh leas as an deis seo beidh 90 lá aige nó aici le víosa a fháil abhus. 

Dúirt an tAire McEntee gur chuir ionradh na Rúise ar stát daonlathach “uafás” uirthi  agus go seasfadh an tír seo leis an Úcráin agus a pobal agus go gcuideodh an tír seo leo “in am an éigin”. 

Dúirt sí gur chóir d’aon saoránach de chuid na tíre seo a bhfuil cúnamh de dhíth orthu teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha. 

Ag cruinniú d’airí gnóthaí eachtracha bhallstáit an Aontais Eorpaigh inniu, glacadh le cinneadh sócmhainní Eorpacha a bhfuil baint acu le hUachtarán Putin na Rúise agus lena Aire Gnóthaí Eachtracha Sergei Lavrov, a chalcadh chomh maith le sócmhainní Rúiseacha eile. 

Tá sé fógartha ag údaráis na hÚcráine gur chuir siad in iúl don Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta d’Fhuinneamh Adamhach nach bhfuil smacht acusan níos mó ar na slata breosla radaighníomhacha as stáisiún núicléach Chernobyl ó ghabh trúpaí na Rúise an áit sin inné. 

Léirigh na húdaráis imní faoi na “hiarmhairtí comhshaoil agus daonnúla” a d’fhéadfadh a bheith ar aon tubaiste a tharlódh áit a bhfuil plúitóiniam-239 go leor stóráilte, “tubaiste nach n-aithneodh aon teorainn”.  

Fág freagra ar '‘Céard a cheapfadh an Ríocht Aontaithe dá gcuirfí cosc ar an mBéarla in Éirinn’ – Aire gnóthaí eachtracha na Rúise'

  • An Teanga Bheo

    Gaeilge Teanga Eorpach agus síor cheád aice in Éirinn agus ar fud an domhain ná bac le “Empire” i léigh anois.