Céard a bhí le foghlaim ó na cluichí idirchontae ag an deireadh seachtaine?

Easpa cúl ag cur as do Thír Eoghain, Paul Geaney á chur féin chun cinn agus scéalta eile ó chluichí leathcheannais na gcraobhacha peile sinsear agus na gcraobhacha iomána Faoi-21

Darren McCurry in ísle brí tar éis do Connor McAliskey seans a chuir amú. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Darren McCurry in ísle brí tar éis do Connor McAliskey seans a chur amú. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Easpa cúl ag cur as do Thír Eoghain

Seacht gcluiche a d’imir Tír Eoghain sa chraobh i mbliana – os cionn 500 nóiméad nuair a chuirtear am breise san áiream, ach níor scóráil siad ach ceithre chúl san iomlán, péire acu a tháinig ó chiceanna éirice.

Arís sa chluiche leathcheannais in aghaidh Chiarraí inné, ba é an laige is mó ar Thír Eoghain ná gur chuir siad sársheansanna ar chúil amú. Ní raibh ach trí nóiméad caite nuair a chuaigh Peter Harte trí lár chosaint Chiarraí. Bhí leathdheis aige féin ach thug sé pas trasna chuig Connor McAliskey. Thóg an tosach beagáinín rófhada agus thug sé an deis do Mharc Ó sárbhlocáil a dhéanamh.

Deich nóiméad roimh leath ama, bhí seans iontach eile ag McAliskey. Arís, bhris sé trí lár chosaint Chiarraí ach, seachas an pas a thabhairt do Darren McCurry mar ba cheart dó a dhéanamh, thug sé faoin iarracht é féin agus bhuail sé róard thar an trasnán í. Bhí seans eile den scoth ag Mark Bradley sa dara leath agus cé go ndearna Brendan Kealy sa chúl sábháil mhaith, bhí iarracht fear Thír Eoghain róghar don chúl báire.

Fear an Daingin, Paul Geaney. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Fear an Daingin, Paul Geaney. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

An bhfuil dóthain déanta ag Geaney chun áit a bhaint amach ar an bhfoireann a thosóidh an cluiche ceannais?

Faoi seo, tá a fhios ag an saol agus a mháthair faoi na sárthosaithe uile atá ag Ciarraí agus an deacracht atá ag Éamonn Fitzmaurice áit a fháil dóibh uile. Fear amháin a bhfuil mí-ádh air nach bhfuil áit bhuan ar an bhfoireann bainte amach aige ná Paul Geaney.

Ba mar ionadaí a d’eirigh le Geaney dul i bhfeidhm ar an gcluiche inné agus fuair sé trí chúilín tar éis dó teacht isteach in áit Kieran Donaghy ag leath ama. Ní seo an chéad uair go raibh ar thosach an Daingin cluiche a thosú ar an mbinse ach an oiread.

Fuair Geaney 1-2 in aghaidh Thiobraid Árann sa chéad chluiche craoibhe a bhí ag Ciarraí i mbliana ach ainmníodh mar ionadaí é do chluiche ceannais na Mumhan in aghaidh Chorcaí. Rinne Geaney a dhóthain díobhála sa chluiche chun go mbeadh áit ar an bhfoireann aige don athimirt. Fuair sé sé 1-3 sa chluiche sin, ach tá a áit fós i mbaol.

Mura mbeadh gortú ag cur as do Kieran Donaghy don chluiche in aghaidh Chill Dara, seans gur in áit Geaney a bheadh sé ag imirt, mar a tharla inné. Tá feicthe againn cheana le Kieran O’Leary gur cuma le Fitzmaurice má a chaptaen ina ionadaí i gcluiche ceannais na hÉireann agus beidh sé suimiúil a fheiceáil an bhfuil go leor déanta ag Geaney chun go dtosódh Donaghy ar an mbínse.

Ar ndóigh, beidh go leor ag brath chomh maith ar cé a bhufaidh an cluiche leathcheannais eile an Domhnach seo chugainn, agus shílfeá go mbeadh seans níos fearr go dtosófaí le Donaghy má bhíonn an lá le Maigh Eo sa chluiche sin.

Cúl báire Thír Eoghain Niall Morgan ag lán ama ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Cúl báire Thír Eoghain Niall Morgan ag lán ama ar an Domhnach. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Éachtaint ar an drochlá a bhí ag Morgan in aon chic saor amháin

Agus an cluiche díreach imithe isteach sa dá nóiméad d’am breise, bronnadh cic saor ar Thír Eoghain breis agus 45m amach. Bhí na hUltaigh trí chúilín chun deiridh ag an am agus, seachas an liathróid a chur isteach i dtreo Seán Cavanagh ar imeall na cearnóige, thug Morgan faoi na cúil.

Ar aon lá eile, ní chuirfeadh an cinneadh sin mórán iontais ar dhuine. Tá an cúl báire cruinn ó na ciceanna saoire, mar a léirigh sé sa chéad leath le hiarracht ón taobhlíne 45m amach, ach faoin am a tháinig an seans seo ag deireadh an gcluiche, ba léir go raibh a mhisneach caillte aige.

Níor bhuail Morgan go slachtmhar í ar chor ar bith agus shleamhnaigh sí amach ar fóraoil agus seo le Cavanagh ag caitheamh a láimhe in airde le teann frustrachais. Ní raibh mórán locht ar Morgan sa chéad 35 nóiméad ach d’athraigh sé sin go luath sa dara leath.

Bhí Connor McAliskey díreach i ndiaidh na foirne a chur ar comhscór, 0-8 in aghaidh 0-8, nuair a rinne Morgan a chéad bhotún. Rinne an cúl báire iarracht comhghleacaí a phiocadh amach ar an gcliathán clé ach ba é Johnny Buckley a fuair lámh ar an bpeil. Bhuaigh Paul Geaney cic saor sa ghluaiseacht chéanna agus d’aimsigh Colm Copper cúilín uaidh. Ón gcic amach sin, bhuail Morgan an liathróid díreach isteach i lámha Donnchadh Walsh agus arís chríochnaigh an ghluaiseacht le cúilín ó Cooper.

As sin amach, bhí Morgan idir dhá chomhairle le gach cic amach agus nuair a tháinig an cic saor tábhachtach sin ag deireadh an chluiche, ba é Morgan an fear mícheart chun í a thógáil.

Tosach na Gaillimhe Jason Flynn tar éis dó iarracht a chuir amú i gcoinne Luimnigh. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne
Tosach na Gaillimhe Jason Flynn tar éis dó iarracht a chuir amú i gcoinne Luimnigh. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Réalta sinsear coinnithe ciúin sa ghrád Faoi-21

Agus na cluichí ceannais sinsir agus mionúr bainte amach ag an gcontae cheana féin, agus an chraobh idirmheánach buaite acu chomh maith, bhí iománaithe Faoi-21 na Gaillimhe ag iarraidh cur leis an rath sin ar an Satharn.

Tar éis dóibh Tiobraid Árann a bhualadh sa chraobh sinsear sé roimhe, bhí daoine ag súil le taispeántais mhóra ó Jason Flynn, Cathal Mannion agus Conor Whelan i measc tosaithe na Gaillimhe ach ní raibh duine ar bith den triúr acu, Mannion agus Whelan go háirithe, i mbarr a maitheasa in aghaidh Luimnigh. Idir an triúr acu, ní bhfuair siad ach trí chúilín ón imirt agus ar Brian Molloy, imreoir a bhí ar fheabhas don fhoireann idirmheánach, a thit sé ualach na hoibre a dhéanamh.

Ba é an scéal céanna do Luimneach é ar bhealach. Is é Cian Lynch an t-imreoir is aitheanta atá acu ach bhí féin sách ciúin san imirt. Bhí an tosach Tom Morrissey, a fuair an cúl chinniúnach sa chluiche, agus an t-imreoir lár páirce Darragh O’Donovan i bhfad níos feiceálaí.

Anois, is féidir le fir sinsear na Gaillimhe cúiteamh a dhéanamh i gcluiche ceannais na hÉireann faoi cheann coicíse ach ní thabharfaidh sé sin mórán sóláis do na himreoirí eile a chaill amach ar chluiche ceannais sa ghrád seo.

Fág freagra ar 'Céard a bhí le foghlaim ó na cluichí idirchontae ag an deireadh seachtaine?'