Céard a bhí le foghlaim ó chluichí ceannais na sraithe peile an deireadh seachtaine seo?

Bhí cluichí ceannais na ranna uile peile ar siúl ar an Satharn agus an Domhnach i bPáirc an Chrócaigh. Céard iad na ceachtanna atá foghlamtha agus na foirne ag tabhairt aghaidh ar an gcraobh anois?

Captaen Bhaile Átha Cliath, Stephen Cluxton, ag ardú an choirn tar éis dóibh cluiche ceannais Roinn 1 a bhuachan inné. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Captaen Bhaile Átha Cliath, Stephen Cluxton, ag ardú an choirn tar éis dóibh cluiche ceannais Roinn 1 a bhuachan inné. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Is iad Baile Átha Cliath an fhoireann le sárú arís

beagnach leadránach a bheith ag breathnú ar Bhaile Átha Cliath anois. Ní mar gheall go n-imríonn siad droch-pheil – tá cuid de na himreoirí is fearr sa tír acu dár ndóigh – ach mar gheall nach dtugann siad seans ar bith don fhreasúra agus iad chun cinn.

mbeadh contaetha eile seacht bpointe chun cinn ag an mbriseadh, seans go ligfeadh siad a maidí le sruth beagáinín ag tús an dara leath. Ní shin mar a oibríonn Baile Átha Cliath, áfach, agus d’aimsigh siad sé phointe gan fhreagra sa chéad deich nóiméad den dara leath.

Fiú agus Paul Flynn ar an mbinse, Michael Darragh MacAuley in easnamh agus Diarmuid Connolly ciúin go maith san imirt,  d’aimsigh Baile Átha Cliath 1-21. Bhí Dean Rock ar fheabhas ar feadh na sraithe agus d’aimsigh sé 0-10 inné. Is fear eile é Ciarán Kilkenny atá tar éis teacht isteach arís agus cúpla taispeántas den scoth a thabhairt uaidh. Níor imir sé sa chraobh ar chorr ar bith anuraidh mar gheall ar ghortú agus taispeánann sé an láidreacht agus an doimhneacht atá i bpainéal na príomhchathrach.

Mar is ghnáth faoin tráth seo, dealraíonn sé gurb iad na ‘Dubs’ an rogha is stuama do Chorn Mhic Uidhir a bhuachan arís.

Imreoirí Chorcaí, Daniel Goulding, Paul Kerrigan agus Noel Galvin tar éis an chluiche. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy
Imreoirí Chorcaí, Daniel Goulding, Paul Kerrigan agus Noel Galvin tar éis an chluiche. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Céard d’imigh ar Chorcaigh?

Arís eile, s níl fios againn cá seasann Corcaigh maidir lena gcuid deiseanna sa chraobh. Dar le Joe Brolly, ní fiú trácht a thuilleadh ar dheis Chorcaí an chraobh a bhuachan ach, mar is dual don Ultach, tá sé pas beag ró-chinnte in a chuid tuairimí. 

Chas Corcaigh agus Baile Átha Cliath ar a chéile i mbabhta a haon den tsraith ach ba mhór idir an dá thaispeántas a thug na Muimhnigh uathu. Bhuaigh Corcaigh an chéad chluiche 1-15 in aghaidh 0-16 ach, ar chúis éigin, bhí siad i bhfad níos díograisí an oíche sin i bPáirc Uí Rinn ná a bhí siad i gcluiche ceannais na sraithe ar an Domhnach.

gur oibrigh an córas imeartha atá curtha i bhfeidhm ag Brian Cuthbert suas go dtí seo, le beirt breise sna cúlaithe, bhí i bhfad ró-éasca ag Baile Átha Cliath dul chun cinn a dhéanamh inné. Léiríodh é seo go soiléir sa ghluaiseacht sa chéad leath inár bhuaigh Baile Átha Cliath an cic éirice. Níor leagadh lámh ar Philly McMahon, Diarmuid Connolly ná Tomás Brady agus iad 21 méadar amach ón gcúl, Ar deireadh thiar tarraingíodh síos Brady sa chearnóg mhór.

an stíl imeartha atá ag Corcaigh i mbliana níos daingne ná an ceann ionsaitheach a bhí acu anuraidh agus ba cheart le Cuthbert cloí leis. Beidh an-díomá air, áfach, gur chlis go hiomlán ar a chóras i gcluiche mór i bPáirc an Chrócaigh.

Foireann Ros Comáin roimh an gcluiche ceannais i gcoinne an Dúin i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy
Foireann Ros Comáin roimh an gcluiche ceannais i gcoinne an Dúin i bPáirc an Chrócaigh. Pictiúr: INPHO/Tommy Grealy

Is fíorbhagairt iad Ros Comáin ar cheannas Mhaigh Eo i gConnachta

nach raibh an díograis chéanna i gcluiche ceannais Roinn 2 an deireadh seachtaine seo is a bheadh i gcluiche craoibhe, fós féin chuir bua Ros Comáin leis an gclú atá siad á tharraingt orthu féin i mbliana. Rinne John Evans an cinneadh roinnt dá chuid imreoirí móra, ar nós Diarmuid Murtagh, a fhágáil ar an mbinse ach bhí an lá leo ar aon chaoi.

Faoi láthair, tá Ros Comáin 3/1 chun Craobh Chonnacht a bhuachan i mbliana, taobh thiar de Mhaigh Eo agus Gaillimh. Leis an dá fhoireann sin ar an taobh eile den tarraingt, tá deis iontach ag Ros Comáin cluiche ceannais an chúige a shroicheadh den chéad uair ó 2011. 

hamháin sin ach bhuaigh Ros Comáin ar Mhaigh Eo agus Gaillimh níos luaithe i mbliana sa tsraith FBD agus, cé nach féidir láidreacht foirne a mheas bunaithe ar chluichí i mí Eanáir, is iad Ros Comáin is mó a bhfuil fuinneamh agus dul chun cinn léirithe acu agus an chraobh ag teannadh linn.

Bainisteoir Ard Mhacha, Kieran McGeeney, a threoraigh Ard Mhacha ar ais chuig Roinn 2 sa tsraith peile do 2016. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Bainisteoir Ard Mhacha, Kieran McGeeney, a threoraigh Ard Mhacha ar ais chuig Roinn 2 sa tsraith peile do 2016. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Ní i ngan fhios dúinn atá Ard Mhacha ag déanamh dul chun cinn  níos mó

Ceann de na rudaí ab áiféisí a bhí á rá faoin tsraith seo ná go raibh Ard Mhacha ag déanamh dul chun cinn i ngan fhios dúinn, geall leis, faoi stiúir Kieran McGeeney. Agus líon na ndaoine a bhí agus atá ag rá gur féidir le hArd Mhacha teacht aniar aduaidh ar dhaoine agus Craobh Uladh a bhuachan, ní bheadh iontas ar éinne anois dá mbuafadh foireann McGeeney an Corn Angla-Ceilteach.

Bhuaigh Ard Mhacha cluiche ceannais Roinn 3 ar an Satharn ach ní raibh McGeeney chun dul thar fóir leis an gceiliúradh. Mar a tharla sé, a mhalairt de phort a bhí ag bainisteoir Ard Mhacha agus é ag trácht ar an díomá a bhí air mar gheall ar na deiseanna a chuir a fhoireann amú i rith an chluiche.

Rud eile a luaigh McGeeney ná chomh tábhachtach a bhí taithí a fháil ar chluichí móra i bPáirc an Chrócaigh. Má éiríonn leis an dul chun cinn ‘gan choinne’ seo a dhéanamh, ní an Satharn an uair dheireanach a thabharfaidh siad cuairt ar cheannáras CLG.

Fág freagra ar 'Céard a bhí le foghlaim ó chluichí ceannais na sraithe peile an deireadh seachtaine seo?'