Céard a bhí le foghlaim ó chluichí na deireadh seachtaine?

Chonaic muid cárta dearg á nochtadh ar dalladh ar an Domhnach. Ar an lá céanna, tháinig laoch nua chun cinn ar fhoireann Luimnigh agus ba léir go bhfuil Londain tite siar go mór

Cian Lynch ag ceiliúradh tar éis dó pointe a aimsiú sa chluiche in aghaidh an Chláir. Pictiúr: INPHO/James Crombie
Cian Lynch ag ceiliúradh tar éis dó pointe a aimsiú sa chluiche in aghaidh an Chláir. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Laoch nua ag Luimneach

Is minic drogall ar bhainisteoirí imreoir óg atá tagtha aníos ó na mionúir a chaitheamh isteach sa bhfoireann sinsear. Meastar go mbíonn an fhisiciúlacht agus an brú a bhaineann leis an gcraobh iomarcach dóibh ach thaispeáin Cian Lynch díreach céard is féidir le himreoir óg a dhéanamh i measc na bhfear.

Bhí Lynch mar cheannaire ar fhoireann mionúir Luimnigh a shroich cluiche ceannais na hÉireann anuraidh agus níor bhreathnaigh sé gur chuir an an t-ardú céime isteach nó amach air. Chríochnaigh imreoir Tobar Phádraig le trí phointe agus gradam laoch na himeartha bronnta air ina chéad chluiche i gCraobh na Mumhan.

cúpla déagóir eile ar phainéal TJ Ryan faoi láthair agus tar éis thaispeántas Lynch, seans nach mbeidh an drogall céanna air iad a chaitheamh isteach san imirt má thagann an deis.

Colm Lyons ag taispeáint cárta dearg do Seanie Tobin (sa lár) i gcluiche an lae inné. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Colm Lyons ag taispeáint cárta dearg do Seanie Tobin (sa lár) i gcluiche an lae inné. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Curiarracht nua don CLG?

Seans go mairfidh cáil Seanie Tobin i stair CLG mar fhreagra na ceiste, ‘Cén t-imreoir is scioptha fuair cárta dearg i gcluiche i gCraobh Iomána na hÉireann?’ raibh ionadaí Luimnigh ar an bpáirc 20 soicind fiú nuair a cuireadh amach é tar éis do dul in adharca le Pat O’Connor i gcluiche an lae inné.

Bhí mí-ádh ceart ar Tobin mar feictear an saghas sin eachtra i mbeagnach gach cluiche craoibhe agus ní dhéantar tada faoi. Chomh maith leis sin, ní bhfuair an Cláiríneach, O’Connor, ach cárta buí gur bhreathnaigh sé chomh ciontach céanna san eachtra.

Ba chosúil go raibh an réiteoir Colm Lyons ag iarraidh rudaí a chothromú ar an bpáirc. Mura mbeadh cárta dearg tugtha aige do Pat Donnellan níos luaithe sa chluiche, gach seans gurbh é an deireadh a bheadh ar an scéal ná cárta buí do O’Connor agus Tobin.

Eddie Kinsella ag tabhairt cárta dubh do Cathal Greene i rith an chluiche in aghaidh Ros Comáin i gCraobh Chonnacht. Pictiúr: INPHO/Gerry McManus
Eddie Kinsella ag tabhairt cárta dubh do Cathal Greene i rith an chluiche in aghaidh Ros Comáin i gCraobh Chonnacht. Pictiúr: INPHO/Gerry McManus

Londain i bhfad ó Pháirc an Chrócaigh faoi láthair

I samhradh na bliana 2013, bhreathnaigh sé go raibh dul chun cinn suntasach déanta ag peileadóirí Londain. Shroich siad cluiche ceannais Chonnacht agus bhain siad Páirc an Chrócaigh amach sa chraobh den chéad uair le fada an lá.

Faraor, níor tháinig aon toradh ar an dul chun cinn sin agus, tar éis dóibh  cailliúint in aghaidh Ros Comáin ar an Domhnach, níl cluiche craoibhe buaite acu ón mbliain sin. Mar bharr ar an donas, níl ach dhá chluiche sraithe buaite ag Londain i Roinn 4 san achar céanna, agus ní éachtaí móra iad buanna in aghaidh Phort Láirge anuraidh agus Cill Mhantáin i mbliana.

Nuair a bhí an rath sin ar Londain dhá bhliain ó shin, dúradh go raibh na himircigh uile arbh éigean dóibh bogadh go Sasana chun obair a fháil ar cheann de na cúiseanna a bhí le forbairt na foirne peile. Ach tá dhá insint ar an scéal sin agus tá imreoirí tábhachtacha caillte ag Londain tar éis dóibh filleadh ar Éirinn. Ón bhfoireann a d’imir in aghaidh an Chabháin i bPáirc an Chrócaigh i 2013, ní raibh ach seisear fós ag imirt in aghaidh Ros Comáin an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Céard a bhí le foghlaim ó chluichí na deireadh seachtaine?'