Níl ach ceantar amháin i nGaeltacht Chorcaí, Mhaigh Eo, Phort Láirge agus na Mí ina labhraíonn breis is 33% den phobal an Ghaeilge chuile lá.
De réir thorthaí Dhaonáireamh 2022, is í toghroinn Ghort na Tiobratan, ina bhfuil Cúil Aodha i gCorcaigh, an t-aon cheann as an dá scór toghroinn Ghaeltachta atá sna contaetha sin ina labhraíonn duine as gach triúr an Ghaeilge go laethúil.
33.4% den phobal atá trí bliana d’aois nó os a chionn i nGort na Tiobratan a bhí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge de réir na bhfigiúirí daonáirimh is déanaí. B’in titim ó 37% i nDaonáireamh 2016.
Thit céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge faoi bhun 33% i mBéal Átha an Ghaorthaidh, i Múscraí agus i gCnoc an Daimh i Maigh Eo idir 2016-2022.
Is é atá i gceist le cainteoirí laethúla Gaeilge san anailís seo ná daoine atá trí bliana d’aois nó os a chionn a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga i measc an phobail.
As an 40 toghroinn Ghaeltachta atá i gcontaetha Chorcaí, Mhaigh Eo, Phort Láirge agus na Mí, níor ardaigh céatadán na gcainteoirí laethúla ach i gceithre cinn acu – 10%.
CORCAIGH
Níor tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla in aon cheann de na deich dtoghroinn Ghaeltachta i gCorcaigh.
Cé nár tháinig ach laghdú beag ar líon na gcainteoirí laethúla i nGort na Tiobratan sna sé bliana idir daonáirimh 2016-2022, d’fhág an t-ardú a tháinig ar an daonra le linn na tréimhse céanna gur laghdú a tháinig ar chéatadán na gcainteoirí laethúla. Bhí an scéal céanna fíor i dtoghroinn Bhéal Átha an Ghaorthaidh (Maigh Chromtha), áit ar thit an céatadán ó 34% in 2016 go dtí 31% in 2022. D’fhan an céatadán cainteoirí laethúla Gaeilge sa toghroinn díreach ó dheas di, Béal Átha an Ghaorthaidh (Dún Mhánmhaí) ag 25%.
I dtoghroinn an tSléibhe, Sliabh Riabhaigh, mar a bhfuil Baile Bhuirne, tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge, ó 173 duine go dtí 192 idir 2016-2022, ach titim a bhí i gceist i gcás chéatadán na gcainteoirí laethúla, ó 21% go dtí 20%.
Toghroinn | 2022 Daonra 3+ |
2022 Cainteoirí Laethúla Gaeilge |
2022 Céadtadán |
2016 Céadtadán |
---|---|---|---|---|
Gort na Tiobratan (Cúil Aodha) | 464 | 155 | 33% | 37% |
Béal Átha An Ghaorthaidh (Maigh Chromtha) | 540 | 170 | 31% | 34% |
Béal Átha an Ghaorthaidh* (Dún Mánmhaí) | 183 | 45 | 25% | 25% |
Claonráth* | 208 | 50 | 24% | 29% |
An Sliabh Riabhach (Baile Bhuirne) | 941 | 192 | 20% | 21% |
Ceann Droma | 320 | 51 | 16% | 18% |
Na hUláin | 619 | 91 | 15% | 15% |
Doire Fhínín | 238 | 31 | 13% | 15% |
Cléire* | 300 | 34 | 11% | 12% |
Cill na Martra* | 706 | 44 | 6% | 7% |
Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i gCorcaigh a fheiceáil
MAIGH EO
Is í toghroinn Chnoc an Daimh, mar a bhfuil Ceathrú Thaidhg, an toghroinn is láidre i Maigh Eo ó thaobh na Gaeilge de go fóill agus 32% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Thit líon na gcainteoirí laethúla sa toghroinn sin ó 133 duine go dtí 97 idir 2016-2022, áfach agus tá daonra iomlán an cheantair tite chomh maith.
Is í Abhainn Bhrain, atá ar an teorainn le contae na Gaillimhe, an dara toghroinn is láidre sa chontae agus 23% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, titim ón 30% a bhí amhlaidh i nDaonáireamh 2016.
Tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge ar an nGeata Mór Theas in Iorras ó 18% go dtí 20% d’ainneoin gur thit líon na gcainteoirí laethúla sa toghroinn idir 2016-2022. Ardú beag freisin a bhí ar an gCeapaigh Dhuibh, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh, ó 8% go dtí 9%.
Níl ach 2% den bhreis is 2,000 duine a bhfuil cónaí orthu i mBéal an Mhuirthead, an toghroinn Ghaeltachta is mó i Maigh Eo, ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.
De réir Dhaonáireamh 2022, ní raibh oiread agus cainteoir laethúil Gaeilge amháin i measc an 98 duine os cionn trí bliana d’aois a raibh cónaí orthu i mBarr Rúscaí, soir ó Ghleann na Muaidhe, toghroinn atá go hiomlán sa Ghaeltacht. As an 155 toghroinn Ghaeltachta ar fud na tíre, ba í an t-aon cheann nach raibh oiread agus aon chainteoir laethúil Gaeilge amháin ag cónaí inti.
Toghroinn | 2022 Daonra 3+ |
2022 Cainteoirí Laethúla Gaeilge |
2022 Céadtadán |
2016 Céadtadán |
---|---|---|---|---|
Cnoc an Daimh (Ceathrú Thaidhg) | 307 | 97 | 32% | 40% |
Abhainn Bhrain | 205 | 47 | 23% | 30% |
An Geata Mór Theas | 842 | 165 | 20% | 18% |
Baile an Chalaidh | 227 | 32 | 14% | 14% |
An Corrán | 683 | 75 | 11% | 13% |
An Cheapaigh Dhuibh (Tuar Mhic Éadaigh) | 362 | 34 | 9% | 8% |
Moing na Bó | 238 | 20 | 8% | 15% |
Dumha Éige | 580 | 38 | 7% | 7% |
Acaill | 786 | 38 | 5% | 6% |
Baile Óbha* | 229 | 11 | 5% | 13% |
Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i Maigh Eo a fheiceáil
PORT LÁIRGE
Sna Déise, d’ardaigh líon na gcainteoirí laethúla sna trí thoghroinn Ghaeltachta trí chéile ach níor tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla ach i gceann amháin acu.
Sa Rinn atá an céatadán is mó cainteoirí laethúla Gaeilge agus 29% den phobal ansin ag labhairt na Gaeilge gach lá. Is ionann sin agus titim ón 32% a bhí i gceist i nDaonáireamh 2022. D’ardaigh líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge chuile lá sa Rinn ó 421 duine go dtí 439 idir 2016-2022 ach d’ardaigh an daonra freisin ó 1,302 go dtí 1,502 sa tréimhse chéanna.
D’ardaigh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i mBaile Mhic Airt ó 13% go dtí 18% agus líon na ndaoine a labhraíonn an teanga gach lá imithe ó 47 duine go dtí 69 idir an dá dhaonáireamh.
Titim ar líon agus ar chéatadán na gcainteoirí laethúla a bhí i gceist ar an Aird Mhór idir 2016-2022 agus 3% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge ansin, síos ó 6%.
Toghroinn | 2022 Daonra 3+ |
2022 Cainteoirí Laethúla Gaeilge |
2022 Céadtadán |
2016 Céadtadán |
---|---|---|---|---|
An Rinn* | 1,502 | 439 | 29% | 32% |
Baile Mhic Airt | 389 | 69 | 18% | 13% |
Aird Mhór* | 237 | 8 | 3% | 6% |
Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i bPort Láirge a fheiceáil
AN MHÍ
D’fhan cúrsaí nach mór mar a bhí ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i dtoghranna Gaeltachta na Mí sa daonáireamh is deireanaí.
Is í An Ráth Mhór, mar a bhfuil Ráth Chairn, an toghroinn is láidre ó thaobh cainteoirí laethúla Gaeilge. Tá 16% de phobal na Rátha Móire ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, mar a bhí de réir thorthaí Dhaonáireamh 2016.
Thit an céatadán i gCill Bhríde ó 11% go dtí 9% idir 2016-2022 ach d’fhan na figiúirí mar a bhí i gcás Dhomhnach Phádraig (4%), Bhaile Átha Buí (3%) agus Tailteann (3%).
Toghroinn | 2022 Daonra 3+ |
2022 Cainteoirí Laethúla Gaeilge |
2022 Céadtadán |
2016 Céadtadán |
---|---|---|---|---|
An Ráth Mhór (Ráth Chairn)* | 1,051 | 166 | 16% | 16% |
Cill Bhríde* | 543 | 49 | 9% | 11% |
Domhnach Phádraig* | 1,945 | 80 | 4% | 4% |
Baile Átha Buí* | 2,674 | 81 | 3% | 3% |
Tailtin (Baile Ghib)* | 931 | 25 | 3% | 3% |
Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i gcontae na Mí a fheiceáil
Léirigh anailís eile atá déanta ag Tuairisc ar thorthaí Dhaonáireamh 2022 gur thit céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i bhformhór na gceantar Gaeltachta is láidre i nGaillimh agus i nDún na nGall ach a mhalairt a bhí fíor i gCiarraí.
Léiríodh chomh maith nach bhfuil oiread is toghroinn amháin sa Ghaeltacht ina labhraíonn níos mó ná dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá.
Lillis Ó Laoire
Is iontach é an mhionanailís ar na figiúirí. Tá na ceantair a luaitear san alt thuas lag go leor le fada an lá, i bhfad roimh 2016. Ceathrú Thaidhg an áit ba láidre acu agus tá sé sin ag sleamhnú cheal infheistíochta a thabharfadh dóchas don phobal ann. Aontaím le Donnchadh Ó hÉallaithe. Is gá Scéim Labhairt na Gaeilge a athréimniú. Molaim nach ar bhonn pionóis a dhéanfaí an scéim úr a chur ar siúl, mar gur ar an bhonn sin a feidhmíodh an ceann a bhfuarthas réitithe di in 2012, Tá feidhm le cur chuige úrnua agus má táthar le Straitéis úr 20 bliain á dréachtú, go mbeidh leithéid na scéime sin ina croí-lár.
Éanna Ó Cróinín
Ach ní hionann na toghranna agus na limistéir Gaeltachta ach an oiread, go háirithe i gcás na Gaeltachtaí beaga. Seo fadhb a bhaineann le figiúirí an daonáirimh. D’ardaigh mé seo leis an bpríomh oifig staidrimh ach níor chur siad aon suim ann. I gcás Ráth Chairn mar shampla, tá an Ghaeltacht seo scoilte idir dhá thoghroinn, rud nach bhfágann ach gur coirnéal beag amháin de dhá thoghroinn éagsúil, agus codán beag de dhaonra an dá thoghroinn atá taobh istigh de limistéar na Gaeltachta, ach nuair a chuirtear an toghroinn uilig san áireamh, táthar ag cur ceantar agus daonra mór atá taobh amuigh de limistéar na Gaeltachta san áireamh i bhfigiúirí atá in ainm is léargas a thabhairt ar líon na gcainteoirí atá taobh istigh de limistéar na Gaeltachta. Níl na figiúirí iontaofa dá bharr.
Fergus
Tá Cnoc an Daimh i Mhaigh Eó, an ea? Cheap mé gur inGaillimh a bhí sé.
Darren Ó Riagáin
Ní haon iontas iad na figiúirí thuasluaite ach caithfidh mé a ráit nár shíl mé go dtiocfadh leofa a bheith chomh dona diúltach sin. Mar a luaigh Lilis, níl ach ceantar Dhún Chaocháin (Ceathrú Thaidhg, Ceathrú na gCloch, Cill Ghallagáin, Port a’Chlóidh, Rinn Rua agus cuide dho Ros Dumhach agus an Corrán Buí) ina bhfuil aon dath dhon Ghaeilge le mhoitheachtáil ar bhonn laethúil i ndáirírí. Táim in amhras go leor faoin uimhir atá luaite leis An Geata Mór Theas mar beidh go leor den líon sin bainteach le Coláiste Uisce i gCuan Oiligh déarfainn agus is iad daoine a d’athraigh anuas as Baile Átha Cliath nach bhfuil canúint na háite acu atá mar chuid dhó. Ní chuirimse aon locht ar sin ar ndóiche, ach ní hionann sin agus ceantar Gaeltachta i ndáiríre mar bíonn go leor acu sin ag athrú i bhfad as an áit nuair a chríochnaíos an séasúr cé go bhfuil cuid de na hoibrithe socraithe san áit agus ag tógáil clainne iad fhéin bail ó Dhia orthu.
Maidir le hAcaill, is seanphort é sin atá á bhualadh le fada an lá agus níl go leor dóchais a’msa go mairfidh ar aon bhealach amach anseo cé go bhfuil an Ghaeilg ag scata maith ach is fíorbheagán iad.
Aisteach go leor, cé nach bhfuil na huimreacha ró-iontach in Abhainn Bhrain agus Tuard Mhic Éadaigh, bheadh dóchas agam go dtiocfadh leofa maireachtáil mar tá siad i ngaobhar dho cheantar Dhúiche Sheoigheach ina bhfuil an chanúint chéanna dhá labhairt agus tá an toil agus tacaíocht pholaitiúil ann ach fós fhéin bheadh faitíos orm go mbáifear an chanúint áitiúil faoi chanúint láidir Chonamara Theas.
Nuair a rinneadh an staidéar cuimsitheach ar labhairt na Gaeilge sa nGaeltacht suim mhaith blianta ó shin bhí 4 chatagóir A sa tír; Conamara Theas, Paróiste Ghaoth Dobhair, Iarthar Dhuibhneach agus an ceantar thart ar Cheathrú Thaidhg agus as na ceantair siúd ar fad bhí ionadaíocht Ollscoile, seirbhís laethúla RnaG agus clárachaí rialta as TG4, lonnaíocht thréan de chuid Údarás na Gaeltachta agus earnáil thurasóireachta ag achan cheann seachas ceann amháin; an ceann i Mhaigh Eo, agus dearc ar an staid ina bhfuil sí anois faraor.
‘Sé an ganntanas infheistíochta, neamhaird an lucht léinn, imirce, dímheas na múinteoirí do na canúintí áitiúla i Maigh Eo (i gCeantar Iorrais ach go háirithid) agus neamhshuim go háitiúil agus go náisiúnta a chuir tairne isteach sa gcónra
Tomás
Tá an ceart ag Éanna. Is é an céatadán den daonra atá sna bailte fearainn Gaeltachta den toghroinn ba cheart a úsáid. Mura ndéantar sin ní bheidh na staisticí cruinn. Má bhí CSO in ann staitisticí a chur le chéile faoi gach LPT ba cheart go mbeadh an t-eolas ceart faoi na ceantair sin ann cheana féin.
Siún
Roinnt scoileanna ag scriosadh na Gaolainne sna ceantair Ghaeltachta le Boird Bhainistíochta & Príomhoidí ag earcú Béarlóirí mar theagascóirí seachas poist a thabhairt do na hiarrthóirí le Gaolainne. Béarla an teanga teagaisc agus chumarsáide i roinnt scoileanna Ghaeltachta de bharr Boird Bhainistíochta agus Príomhoidí gan fís don oideachas Gaeltachta agus gan aon impleachtaí dóibh go fóill i ndíothú na Gaolainne.
Eilís Ní Dhúill
Tá Cnoc an Daimh amháin i nGaillimh agus ceann eile i Maigh Eo. Féach https://www.logainm.ie/en/s?txt=Cnoc+an+Daimh&str=on
Aontaím gur cheart scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais chun tacú le clanna atá ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht. Teastaíonn tobair de chainteoirí líofa dúchais uainn le gur féidir linn a chinntiú go dtabharfar ar aghaidh saibhreas dúchasach na Gaeilge go dtí na glúnta atá le teacht. B’fhiú cuimhneamh ar theaghlaigh atá ag tógáil clann le Gaeilge ach atá lonnaithe taobh amuigh de cheantar Gaeltachta, go háirithe iad siúd a tógadh le Gaeilge sa Ghaeltacht agus iad siúd a bhfuil ceangal láidir acu le ceantar Gaeltachta. Caithfear na daoine seo a spreagadh agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun go mbeidh siad sásta agus go mbeidh ar a gcumas an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile. Má tá Gaeilge ag na daoine seo atá ina gcónaí faoi láthair agus iad ag tabhairt cuairte ar theaghlaigh nó cairde i gceantar Gaeltachta agus ag labhairt Gaeilge leo nach rachadh sin chun sochair na gceantar Gaeltachta agus na Gaeilge trí chéile.