Fógraíodh inniu go mbeadh ceanncheathrú Gaeltachta na nGardaí á lonnú ar an Cheathrú Rua i gConamara.
D’fhógair Dónall Ó Cualáin, Coimisinéir Gníomhach an Gharda Síochána, an scéal faoin cheanncheathrú úr Gaeltachta ag oscailt oifigiúil cheanncheathrú nua réigiún an iarthair i nGaillimh ar maidin.
Beidh an cheanncheathrú nua ar an Cheathrú Rua i bhfeighil ar an cheantar ó Bhearna go Carna agus oileáin Árann.
Dúirt Ó Cualáin nach mbeidh aon tionchar ag an stádas nua seo ar an stáisiún sa Chlochán. Fógraíodh inniu chomh maith go raibh an folúntas don cheannfort i stáisiún an Chlocháin le líonadh. Beidh stáisiún Shráid an Mhuilinn i lár na cathrach ag feidhmiú i gcónaí mar stáisiún Gardaí.
An tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan a sheol an cheanncheathrú nua sa Rinn Mhór in oirthear chathair na Gaillimhe, ceanncheathrú a chosain €28 milliún.
Foirgneamh cúig urlár agus 11,000 méadar cearnach é an stáisiún nua ina bhfuil “na háiseanna nua-aimseartha is gá san 21ú haois”, a dúirt an tAire.
Tá áiseanna ann do riachtanais na nGardaí ag leibhéal an cheantair agus an réigiúin ó thaobh riaracháin agus oiliúna de.
San íoslach tá áiseanna oiliúna ina measc raon lámhaigh d’aonad speisialta an Gharda Síochána.
Tá áiseanna oiriúnacha ann chomh maith do dhaoine a ndearnadh coireanna ina gcoinne.
Fág freagra ar 'Ceanncheathrú nua Gaeltachta le lonnú ar an gCeathrú Rua'