Ceannairí i bhfabhar stádas iarrthóra ar bhallraíocht san AE a thabhairt don Úcráin láithreach 

Glactar le turas triúr ceannairí de chuid an AE ar Chív inniu mar chomhartha láidir go bhfuil an Eoraip ag seasamh leis an Úcráin

Ceannairí i bhfabhar stádas iarrthóra ar bhallraíocht san AE a thabhairt don Úcráin láithreach 

Ar thraein na hoíche, thug Uachtarán Macron na Fraince, Seansailéir Olaf Scholz na Gearmáine agus Príomh-Aire na hIodáile, Mario Draghi cuairt ghearr ar an Uachtarán na hÚcráine Zelensky i gCív inniu. 

Bhí Klaus Iohannis, Uachtarán na Rómáine i láthair chomh maith. Tuilleadh smachtbhannaí ar an Rúis agus tuilleadh arm don Úcráin an t-éileamh a bhí ag Zelensky dóibh.

Tugadh an triúr ceannairí ar thuras go cathair Irpin chun an scrios a rinneadh sa gcathair nuair a bhí na Rúisigh ansin ag tús an chogaidh.

Dúirt an tUachtarán Macron go raibh sé tábhachtach cumarsáid a choinneáil le hUachtarán na Rúise. Dúirt sé go raibh sé féin agus a chomhghleacaithe i bhfabhar stádas iarrthóra ar bhallraíocht san AE a thabhairt don Úcráin láithreach. Gheall Macron go raibh an Fhrainc le sé ghunna fadraoin Caesar breise a sheoladh chun na hÚcráine – sé cinn a bhí geallta acu go dtí seo. 

Gheall Mario Draghi go ndéanfaí cathair Irpin a atógáil.

“Scrios siad naíonraí, scrios siad páirceanna spraoi. Tógfar gach rud arís.” 

Comhartha a bhí sa sléacht in Irpin agus in Bucha “de chruálacht na Rúise”, a dúirt an Seansailéir Scholz. Dúirt Scholz freisin go gcaithfí an cogadh a stopadh.  

Glactar le turas an triúr ceannairí le chéile mar chomhartha láidir go bhfuil an Eoraip ag seasamh leis an Úcráin. 

Bhí cruinniú ag Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh sa Bhruiséil inniu freisin agus caint ann go ngeallfaidh siad tuilleadh arm don Úcráin.

Meastar go bhfuil thart ar 10,000 sibhialtach sáinnithe fós i gcathair Severodonetsk, atá faoi ionsaí ag arm na Rúise.

Port síoraí ag an Úcráin nach féidir leo an Rúis a chloí gan arm agus trealamh breise.

D’fhógair na Stáit Aontaithe inné go raibh díol billiún dollar eile d’airm á sholáthar acu d’fhórsaí na hÚcráine. 

Fág freagra ar 'Ceannairí i bhfabhar stádas iarrthóra ar bhallraíocht san AE a thabhairt don Úcráin láithreach '