An éireoidh Swann ar eite, nó an bhfuil sé ródhéanach don UUP?

Is é Robin Swann an cúigiú ceannaire aontachtach le dhá bhliain déag. An mbeidh sé in ann an UUP a athbheochan nó an ag bainistiú bás an pháirtí a bheidh sé?

An éireoidh Swann ar eite, nó an bhfuil sé ródhéanach don UUP?

Níl dul amú ar bith orm. Tuigim go maith nach ribín réidh é an cúram seo, a dúirt Robin Swann leis na toscairí ag comhdháil an UUP ina óráid ag glacadh leis an gceannaireacht. Ní raibh comórtas ar bith ann don ról ar mheas roinnt daoine gur cupán nimhe a bhí ann.

Bhí folúntas ann mar gur éirigh Mike Nesbitt as an gceannaireacht le linn chomhaireamh na vótaí i dtoghchán an tionóil an mhí seo caite nuair a thit an UUP go dtí an ceathrú háit. Ba é laghdú ar líon a gcuid suíochán go 10 gcinn an toradh ba mheasa riamh ag an UUP, an t-eiteachas ó na vótóirí don pholaitíocht “iarsheicteach” a bhí á moladh aigesean, dar le Nesbitt.

Bhí an UUP ag meath le cúig bliana déag roimhe sin. Bhí an DUP imithe chun tosaigh ar an seanpháirtí in 2003 nuair a bhí David Trimble ina cheannaire. Lean an creimeadh faoi cheannas Reg Empey 2005 – 2010 agus Tom Elliott 2010 go hEarrach 2012 nuair a toghadh Nesbitt. Ba mhinic daoine ag ceistiú cad é raison d‘être an UUP. Ba mhinic an páirtí idir dhá chomhairle – chomh neamhghéilliúil leis an DUP amanna nó ag dul i dtreo an liobrálachais agus ag déanamh gaisce as a ról i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Cén treo a ngabhfaidh an páirtí faoi cheannas Robin Swann? Ó chaill aontachtaithe (DUP, móide UUP, TUV agus 1 neamhspleách) a stádas mar mhóramh sa Tionól i Stormont sa toghchán i mí an Mhárta, tá baill den DUP ag tathant ar an UUP ‘aontas aontachtach’ a chothú. Chuir baill den UUP, a chaill a suíocháin, agus baill den DUP an milleán faoin titim ar a stádas ar mholadh Nesbitt go n-aistreodh a vótóirí chuig an SDLP nó páirtithe eile an fhreasúra.

Níl mórán ar eolas faoi Robin Swann. Tá sé cúig bliana agus dhá scór d’aois, pósta, beirt chlainne aige agus is in 2011 a toghadh é den chéad uair mar theachta Tionóil d’Aontroim Thuaidh. Bhí sé ina chathaoirleach ábalta ar Choiste na gCuntas Poiblí i Stormont tar éis thoghchán 2016. Chaith sé seal roimhe sin ina phríomhaoire ar a pháirtí.

Dé Sathairn seo caite agus a fhís don UUP á nochtadh aige, thug Swann droim láimhe le héilimh ar pháirtí aontachtach aontaithe amháin. Chuirfeadh a leithéid teorainn le roghanna an phobail, chuirfeadh sé srian ar phlé, agus sa deireadh, ní bheadh de thoradh air ach a thuilleadh meatha, a dúirt sé. D’iarr sé ar an mballraíocht fanacht dílis don UUP, dá pholasaithe agus dá thosaíochtaí. Níl aon pháirtí aontachtach eile ann leis na luachanna céanna atá ag an UUP, ar sé. Dá ndéanfaí cónascadh leis an DUP chaillfí na haontachtaithe measartha, dar leis; d’imeodh cuid acu le páirtí atá agnóisíoch faoin ríocht aontaithe (Alliance) agus bheadh cuid eile fágtha gan rogha ar bith ach staonadh ó vótáil.

Aontachtachas oscailte a thabharfas aitheantas do gach cineál atá uaidh, a dúirt an ceannaire nua. D’fhógair sé dhá bheart shuntasacha. Bhain ceann acu le fiúntas an aontachtachais agus lucht a pháirtí féin, macalla Yeats agus “we are no petty people”. Cuirfidh sé ceann le feachtas chun buanna na páirtíochta san Ríocht Aontaithe a chur i gcion ar dhaoine. Beart fiúntach, spéisiúil má thugann sé ar aontachtaithe anailís agus féinscrúdú a dhéanamh. Ba léir gur theastaigh uaidh aontachtachtaithe measartha a mhealladh ar ais ón Alliance, é ag maíomh gur páirtí láir é an UUP. Teastaíonn uaidh freisin Caitlicigh a mhealladh; bheadh gá le leasuithe chomh maith le hathscrúdú chun é sin a bhaint amach.

Bhain an beart eile le feachtais toghchán. Ag tagairt don toradh tubaisteach a bhí acu mí ó shin, d’fhiafraigh sé de na toscairí, “an bhfuil tú cinnte i do chroí istigh go ndearna tú do dhícheall? Nó an raibh tú i gcás idir dhá chomhairle?”. D’achainigh sé orthu a bheith faoi réir don chéad toghchán eile agus thug sé a ndúshlán iarracht chéadach a dhéanamh chun na suíocháin a chailleadar a fháil ar ais.

Seans go bhfaighidh siad an deis tabhairt faoin dúshlán gan mórán moille. Ós easpa dul chun cinn an ceol aitheantais ó Stormont na laethanta seo, tá caint faoi shocruithe (ar fhaitíos) a bheith á ndéanamh do vótáil arís sa Mheitheamh. Bheadh sé sin an-luath i gceannaireacht Robin Swann. Bheadh sé an-luath i gceannaireacht pháirtí ar bith, gan deis ag an duine nua ar an stiúir a chúrsa a dheimhniú. I gcás an UUP atá faoi bhrú ón DUP ar thaobh amháin agus ón Alliance ar an taobh eile, seans gur snámh in aghaidh easa é ag an UUP. Beidh an DUP níos contúirtí ná riamh mar go gcothóidh siad faitíos faoi stádas na n-aontachtach. Maidir le sceitheadh vótaí chuig Alliance is cosúil gur dúnadh an dorais i ndiaidh na foghla é plean Swann. Is fíor dó nach haon ribín réidh é ceannaireacht an UUP.