Ceann de na tithe ósta is iomráití agus is stairiúla i gConamara ar oscailt arís

Tá taithí go leor freisin sa Spidéal ar thithe ósta a bheith á ndúnadh ach athosclaíodh ceann acu an deireadh seachtaine seo caite

Ceann de na tithe ósta is iomráití agus is stairiúla i gConamara ar oscailt arís

Tá ceann de na tithe ósta is iomráití agus is stairiúla i gConamara ar oscailt arís. An deireadh seachtaine seo caite a osclaíodh an gnólacht ar a dtugtaí An Droighneán Donn faoi bhainistíocht nua agus faoi ainm nua, Cois Cuain atá os cionn an dorais anois. Bhí an áit dúnta ón bhfómhair seo caite.

Is iad Kresimir Beric, ón gCróit ó dhúchas, agus Julia Mundt, as an nGearmáin, an bheirt atá ina fheighil. Tá neart taithí ag Julia Mundt i gcúrsaí fáilteachais mar is í a bhí ag rith na bialainne agus an ionaid siamsaíochta Gorse ag galfchúrsa Bhearna le blianta beaga anuas.  

Ní minic a tharlaíonn sé sa lá atá inniu ann go mbíonn teach ósta ag oscailt nó ag athoscailt in aon bhaile. Agus le scór bliain anuas tá taithí ag muintir Bhaile an Droichid ar dhoirse an tí ósta áirithe úd a fheiceáil dúnta ar feadh tréimhsí. 

Agus tá taithí go leor freisin sa Spidéal ar thithe ósta a bheith ag dúnadh. Dhún Tigh Ghiblin, béal dorais do Chois Cuain, i Meán Fómhair 2019 i ndiaidh dó oscailt cúig bliana roimhe sin in Aibreán 2014. Ní raibh Tigh Ghiblin i bhfad ar an bhfód nuair a dúnadh Tigh Hughes i Meitheamh 2014. Is minic daoine ar fud na tíre fós ag trácht ar Tigh Hughes agus ag roinnt a ndea-chuimhní ar an teach cáiliúil ceoil sin.

Tá An Nead ar an mbaile ag seasamh an fhóid le scór bliain anuas agus a chuid custaiméirí dílse ag taobhú leis i gcónaí. Ar an taobh ó dheas den tsráid sa gCrúiscín Lán, tá John Foy ag freastal go dúthrachtach ar phobal na háite agus ar chuairteoirí araon ó 1987.

An bhliain chéanna sin, 1987, ba le Seán O’Toole (nach maireann) An Droighneán Donn agus is iomaí duine a chuaigh i mbun gnó ann ó shin. Ina measc siúd, tá Máirtín Lally, a rinne athchóiriú iomlán ar an bhfoirgneamh agus a bhaist An Caladh Mór ar an áit. Thart ar scór bliain ó shin, a cheannaigh an fear gnó Dominick Lydon as Gaillimh an teach ósta agus d’athraigh an t-ainm arís go dtí An Tobar.

In ainneoin na n-ainmneacha nua ar fad, ba nósmhar ag go leor An Droighneán a thabhairt air i gcónaí agus sa mbliain 2014, nuair a chuaigh lucht bainistíochta nua i bhfeighil na háite athraíodh an t-ainm ar ais go dtí An Droighneán Donn.

Céad bliain ó shin, ba le muintir Uí Cheallaigh an teach tábhairne go dtí gur cheannaigh an máistreás scoile Mairéad Bean Mhic Dhonnchadha (Mairéad Ní Chonaola nó Meaig Pheadair Mháirtín) as Leitir Mealláin é nuair a chuaigh sí amach ar pinsean sna 1930idí. Ba sa Scoil Náisiúnta ar an Droim i Leitir Móir a bhíodh sí ag múineadh go dtí sin.

Ba é a mac Pádraig, nó Peait na Máistreása mar ab fhearr aithne air, a chuaigh i mbun na háite.

Bhí tamall de bhlianta caite ag Pádraig i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus bhí cáil i bhfad is i ngearr bainte amach aige mar dhornálaí, mar lúthchleasaí agus mar ghaiscíoch liathróid láimhe, ach go háirithe. Bhuaigh sé Craobh an Domhain sa liathróid láimhe i 1922 agus i 1923, agus nuair a d’fhill sé abhaile thug sé leis Craobh Shinsir na hÉireann i 1924.

Ba pheileadóir cumasach a bhí i bPeait na Máistreása freisin agus bhí baint aige le cúrsaí peile a chur chun cinn i gCois Fharraige. I gcur síos a scríobh an file, an scéalaí agus an seanchaí iomráiteach Tom Pheaidí Mac Diarmada air i 1984, deirtear gur i dteach ósta Mhic Dhonnchadha a bhíodh na cruinnithe ag ar bunaíodh foireann peile a rachadh chun páirce don cheantar taobh thiar den Spidéal. De réir a chur síos sin, ba ag ceann de na cruinnithe sin a mhol an tAth Colm Mac Suibhne go dtabharfaí Micheál Breathnach mar ainm ar an bhfoireann óg nua úd.

I bpictiúr a tógadh sna 1930idí nó sna 1940idí, tá an teach ósta le feiceáil agus an t-ainm Mac Donnchadha scríofa os cionn an dorais agus an focal ‘Hotel’ taobh leis. (Béal dorais feictear teach ósta mhuintir Loideáin. Ba ar shuíomh an tí ósta úd a tógadh an bhialann An Boluisce as an nua ag deireadh na 1970idí agus ba ann a bhí Tigh Ghiblin ina dhiaidh sin.) 

Cé go ndearnadh athchóiriú ar an bhfoirgneamh i gcaitheamh na mblianta, is fiú a lua gurb é an áit ar a dtugtar Cois Cuain anois an t-aon teach tábhairne ar an bpríomhshráid sa Spidéal nach bhfuil athraithe ó bhonn le 100 bliain nó níos faide. 

Sa mbliain 1944, dhíol Peait na Maistreása a theach ósta leis an dornálaí Máirtín Ó Droighneáin a bhí ina churadh trom-mheáchain na hÉireann trí huaire sna 1940idí.

Ba ag deireadh na 1960idí a cheannaigh an fear gnó Martin Hession an áit agus ba lena linn a baisteadh An Droighneán Donn air. Bhíodh na sluaite as chuile chearn ag tarraingt ar thithe ósta an Spidéil an tráth úd.

Bhí Noel Conneely as an Spidéal ar dhuine den cheathrar leaids óga a bhí fostaithe sa Droighneán le deochanna a iompar ón gcuntar go dtí na custaiméirí agus ba iad a bhíodh cruógach, a deir sé. Bhíodh suas le ceathrar eile ag tarraingt na bpiontaí agus ag freastal taobh thiar den chuntar. Chaith Máirtín Lally, a cheannaigh an áit blianta níos deireanaí, seal ag obair ann le linn an ama sin freisin.

Coinníodh an ceangal leis na hOileáin beo nuair a cheannaigh Máirtín Ó Conaola as Leitir Mealláin an Droighneán ag deireadh na 1970idí. 

Ba í Aisling Ní Fhlaithearta as an gCeathrú Rua an duine deireanach a thug An Droighneán Donn ar láimh, i Meitheamh 2018. Roinn sí féin agus a foireann oibre go gnaíúil le daoine agus is cinnte gur cuireadh beocht arís sa teach tábhairne cáiliúil sin lena linn agus gur iomaí oíche thaitneamhach spraíúil a caitheadh ann. 

Ach taobh amuigh de na cathracha móra agus na háiteanna is mó turasóireacht ní bhíonn sé éasca ar úinéir aon teach tábhairne an cúrsa a choinneáil agus fiú sular bhuail an phaindéim an tír bhíodar ag dúnadh as éadan. 

Agus, faraor, tá dúshláin sa mbreis le sárú anois san earnáil fáilteachais agus tithe ósta is bialanna ag iarraidh dul i ngleic le ganntanas foirne agus le hardú suntasach ar chostais, mar a mhínigh an tábhairneoir Micheál Óg Ó Cadhain as Tigh Chadhain i gCill Chiaráin agus é ag labhairt ar an gclár Today With Claire Byrne ar RTÉ Raidió 1 an tseachtain seo caite. Anuas air sin, a dúirt sé, tá na ceantair atá ag brath ar thurasóirí buailte chomh maith mar gheall ar an ardú atá tagtha ar an bpraghas a bhaineann le carr a fháil ar cíos.

Thug Kresimir Beric le fios go bhfuil sé mar aidhm aige Cois Cuain a reáchtáil mar ionad óil agus siamsaíochta agus go bhfuil súil aige go mbeidh ceol ann go rialta. Níl sé i gceist ag an bpointe seo bia a sholáthar. Is dea-chomhartha é cinnte go bhfuil bord púil ann i gcónaí!

Dúirt Kresimir go bhfuil sé thar a bheith buíoch do mhuintir na háite as a dtacaíocht go dtí seo.

An focal ‘Fáilte’ atá scríofa ar chomhartha atá crochta taobh istigh den doras i gCois Cuain agus, go deimhin, is dream fáilteach iad na daoine nua atá taobh thiar den chuntar. Go n-éirí go geal leo lena bhfiontar nua cois cuain.

Fág freagra ar 'Ceann de na tithe ósta is iomráití agus is stairiúla i gConamara ar oscailt arís'

  • Pól Ó Braoin

    Go n-éirí go geal libh agus tá súil agam pionta a ól Cois Cuain sar i bhfad…

  • Caoimhín Ó M

    Alt breá cuimsitheach ach dearmadín beag amháin ann, is é sin ná go raibh an teach ósta á ritheacht ag muintir McGinn (as Tuaim ó dhúchas dóibh) sna 1990í.

  • Geoffrey Foy

    Tá mé cinnte go leanfaidh na húinéirí nua dea-shampla Kierán agus John agus go bhfostóidh siad daoine le Gaeilge oiread agus is féidir.

  • Ciarán Ó Cualáin

    Tá an ceart ag Caoimhín Ó M. Bhí muintir McGinn ann, chomh maith le daoine eile nach bhfuil luaite. Faraor, bhí sé dodhéanta chuile dhuine a bhí bainteach leis an áit i gcaitheamh na mblianta a lua in alt gearr.

  • Páid Ó Donnchú

    An féidir pionta nó cupán caife as Gaeilge a ordú gan stró?