Cead pleanála d’óstán agus scéim 30 teach sa Ghaeltacht curtha ar ceal san Ard-Chúirt

Chuir an Breitheamh Bronagh O’Hanlon ar ceal cinneadh a rinne an Bord Pleanála cead pleanála a thabhairt d’fhorbairt i Ráth Chairn toisc nár cruthaíodh gur chun leas na Gaeilge sa cheantar a bheadh sí

Cead pleanála d’óstán agus scéim 30 teach sa Ghaeltacht curtha ar ceal san Ard-Chúirt

Cuireadh ar ceal san Ard-Chúirt ar maidin cinneadh a rinne an Bord Pleanála cead pleanála a thabhairt d’óstán agus scéim 30 teach sa bhaile beag Gaeltachta Ráth Chairn.

Chuir an Breitheamh Bronagh O’Hanlon an cinneadh ar ceal toisc go go raibh measúnú tionchar teanga an fhorbróra “fíorlochtach ó bhonn agus ina neamhní” agus toisc nár cruthaíodh gur chun leas na Gaeilge sa cheantar a bheadh an fhorbairt.

Dúirt an Breitheamh O’Hanlon gur sháraigh cinneadh an Bhoird Pleanála plean forbartha na Mí, polasaí an Rialtais agus “polasaí seasta agus reachtúil” an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

D’aontaigh an Breitheamh le Comharchumann Ráth Chairn, a d’iarr an t-athbhreithniú breithiúnach faoi chinneadh an Bhoird Pleanála, go raibh an cinneadh sin “míréasúnach gan bhunús” agus gur “gá é a chur ar ceal”.

B’amhlaidh an scéal mar gur fágadh faoin bhforbróir é cinneadh a dhéanamh faoi chéatadán na dtithe a chuirfí ar leataobh do chainteoirí Gaeilge agus faoin líofacht Ghaeilge a bheadh i gceist.

D’aontaigh sí freisin le Comharchumann Ráth Chairn gur “coinníoll teanga in ainm amháin atá sa choinníoll teanga” ar ghlac an Bord Pleanála leis.

Dúirt an Breitheamh go raibh na conclúidí sa mheasúnú tionchar teanga “gan mhíniú ná anailís”. Thagair sí chomh maith do Ráth Chairn agus Baile Ghib a bheith curtha le chéile mar aon cheantar amháin sa mheasúnú, rud a d’fhág nach raibh na figiúirí ceart i gcás líon na gcainteoirí Gaeilge i Ráth Chairn.

“Ní raibh anailís réasúnta déanta ag an Uasal Brogan [údar an mheasúnaithe tionchar teanga] maidir leis na fíricí teanga mar ba cheart. Cé go dtugann sé réasún tar éis gach alt dá cháipéis, déanann sé é sin in aon líne amháin di agus tá cuma pro forma air sin, gan léiriú ná míniú nó réasúnacht ag gabháil leis,” arsa an Breitheamh O’Hanlon.

Dúirt an Breitheamh gur maíodh sa mheasúnú go gcuideodh sé le “sustainability of the village” dá gcuirfí 50% de na tithe san fhorbairt ar leataobh do chainteoirí Gaeilge ach nach ndúradh conas a chabhródh an 50% leis an aidhm sin a bhaint amach.

Dúradh sa mheasúnú gur 15.9% de phobal Ráth Chairn a bhí ina gcainteoirí Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais ach léirigh fianaise a chuir Conchúr Ó Giollagáin, an sochtheangeolaí aitheanta, faoi bhráid na cúirte gur 45% an figiúr ceart.

Dúirt an Breitheamh O’Hanlon go raibh mionscríbhinn Uí Ghiollagáin tábhachtach mar gur chruthaigh sé go raibh botún déanta ag an mBord Pleanála agus go raibh na botúin sa mheasúnú tionchar teanga “go mór i gcoinne an dóigh cheart chun tabhairt faoina leithéid d’obair”.

Cé go ndearnadh scagadh ar bhailíocht meastachán tionchar timpeallachta agus cineálacha eile meastachán san Ard-Chúirt cheana, ba é seo an chéad uair a ndearnadh scagadh agus cinneadh ar mheastachán a bhain le cúrsaí teanga.

Cuireadh críoch an mhí seo caite le hathbhreithniú breithiúnach a d’iarr comharchumann Ráth Chairn i gcoinne chinneadh an Bhoird Pleanála cead pleanála a thabhairt d’óstán agus scéim 30 teach sa bhaile beag Gaeltachta.

Mhaígh foireann dlí an Chomharchumainn go raibh an measúnú tionchar teanga a rinneadh i gcás na forbartha lochtach, rud a shéan an Bord Pleanála.

Léadh amach sa chúirt le linn na héisteachta a mhair ceithre lá tuairisc chigire ón mBord Pleanála a dúirt nár chóir cead a thabhairt don fhorbairt a bhí beartaithe ag Colm Ó Gríofa, forbróir ón áit.

Dúirt an cigire ina thuarascáil gur cheart diúltú don fhorbairt mar gheall ar an dochar a dúirt sé a d’fhéadfadh sí a dhéanamh don Ghaeilge, mar go raibh amhras air an mbeadh éileamh ar a leithéid agus mar gheall ar “scála” na forbartha.

Dá bhrí sin ní bheadh an fhorbairt ag teacht leis an “pleanáil chuí” ná le “forbairt inchothaithe an limistéir”, a dúirt sé.

Chinn an Bord Pleanála cead a thabhairt don fhorbairt mí an Mheithimh seo caite agus iad sásta le moladh an fhorbróra go gcuirfí cuid mhaith de na tithe nua ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.

Mhaígh an Bord Pleanála gurb amhlaidh go ndéanfadh an fhorbairt leas an cheantair agus na teanga mar go gcuirfí tithe ar fáil do chainteoirí Gaeilge. Mhaígh siad chomh maith go gcinnteodh coinníoll go gcuirfí 70% de na tithe ar leataobh do chainteoirí Gaeilge nach ndéanfaí dochar ach a mhalairt don teanga i Ráth Chairn.

Dúirt Colm Ó Gríofa go ndíolfaí leath de na tithe le cainteoirí Gaeilge ach dúirt an Bord Pleanála gur ghá an céatadán sin a ardú go dtí 70%.

Dúirt Comharchumann Ráth Chairn, áfach, nach raibh aon chóras ceart ann a chinnteodh go gcuirfí an coinníoll teanga sin i bhfeidhm nó nach bhféadfaí é a athrú.

Dúirt an Comharchumann gurb amhlaidh go “scriosfadh” an fhorbairt “na hiarrachtaí” a rinne muintir an cheantair “ó thús” an Ghaeilge a choinneáil slán mar theanga an phobail.

Dúirt abhcóide an Chomharchumainn, Séamus Ó Tuathail, nár cuireadh ar fáil don Bhord Pleanála agus cinneadh á dhéanamh acu faoin bhforbairt ach achoimre i mBéarla ar na haighneachtaí a bhí curtha faoi bhráid Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ag Comharchumann Ráth Chairn.

Toisc go raibh an Bord Pleanála i dtaobh le hachoimre Béarla ar na haighneachtaí ní raibh siad ar an eolas faoi chuid mhór den chás a bhí á dhéanamh ag Comharchumann Ráth Chairn, a dúradh.

Bhí imní ar an gComharchumann nach duine a bhí cáilithe don chúram a scríobh an ráiteas tionchar teanga don fhorbróir, ach níor thuig an Bord Pleanála an t-údar imní sin a bheith ann mar nár cuireadh ar fáil i mBéarla dóibh na haighneachtaí go léir, a mhaígh Ó Tuathail.

Léadh amach ráiteas ón sochtheangeolaí aitheanta Conchúr Ó Giollagáin a dúirt nach raibh na cáilíochtaí cuí ag an té a d’ullmhaigh an ráiteas tionchar teanga agus nár éirigh leis a chruthú gur chun leas na teanga a bheadh an fhorbairt.

Dúradh freisin go raibh locht ar an measúnú a rinneadh ar úsáid na Gaeilge sa cheantar agus go bhfuil an teanga níos láidre i Ráth Chairn ná mar a tugadh le fios.

Mhaígh foireann dlí an Chomharchumainn chomh maith nach raibh sé d’údarás ag an mBord Pleanála ceisteanna polasaí a bhain le polasaí teanga a fhágáil faoin gComhairle Contae agus faoin bhforbróir.

Fág freagra ar 'Cead pleanála d’óstán agus scéim 30 teach sa Ghaeltacht curtha ar ceal san Ard-Chúirt'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Breithiúnas fíorthábhachtach é seo.

    Comhghairdeas le Comharchumann Ráth Chairn agus don fhoireann dlí.

  • Seán Ó Riain

    Moladh go deo le foireann dlí an Chomharchumainn agus leis an gComharchumann féin a raibh de mhuinín acu an cás seo a thógáil. Iontach uilig. Beidh impleachtaí ag an gcinneadh do chúrsaí pleanála tithíochta sa nGaeltacht.

  • Lillis Ó Laoire

    Tá géim sa Chailleach go fóill! Comhghairdeas leis an Chomharchumann!

  • Happy

    Go hiontach! Cuireann sé seo gliondar croí orm. Tá seans ag an Ghaeltacht agus an Ghaelg fós

  • Íte Ní Chionnaith

    Bua iontach don Chomharchumann, do mhuintir Ráth Chairn agus dá bhfoireann dlí. Beidh tábhacht leis an mbreithiúnas seo sna Gaeltachtaí uile. Maith sibh. Bhí muintir Ráth Chairn sásta an fód a sheasamh i gcónaí. Comhghairdeas libh.

  • Fionn Mac Giolla Chuda

    Maith sibh a dhaoine. Níl sé fuirist dul in aghaidh fearas an stáit uaireanta, ach b’fhiú go mór é seo a dheanamh & toradh cóir a fháil, mar a dheineabhair. Bua beirthe.

  • Marie Ní Chonchubhair

    Comhghairdeas le pobal Rath Chairn agus leis an fhoireann dlí: Ruadhán Mac Aodháin (Prospect Law, Dlíodóirí), Daithí Mac Cárthaigh agus Séamus Ó Tuathail. Impleachtaí dearfa nach beag anseo don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Éacht atá in achan bua in éadan an Bhoird Pleanála!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Dea scéal go cinnte – ach cén costas a bhí air? Cás a thabhairt chun na hArd Cúirte? Cá mhéad saineolaí agus dlíodóir a bhí i gceist? Is cosúil nach raibh an comhairle contae chun aitheantas a thabhairt don Ghaeilg ná do chaomhnú na Gaeilge – fágtha ag coistí áitiúla troid ar son na teangan (má bhíonn an t-airgead acu).

    Tá dhá óstán ceadaithe i nGaoth Dobhair. An raibh measúnú tionchar teanga leis na hiarratais sin? Agus caidé faoin ceann atá thiar ar an Chlochán Liath i dTír Chonaill – áit a raibh óstán na rosann ach is ‘the waterfront hotel’ atá ansin anois.

    Tá géarghá le eagraíocht neamhspléach don Ghaeltacht le súil a choinneáil ar achan iarratas pleanála a dhéantar sna ceantracha Gaeltachta agus daoine fostaithe ann nach bhfuil eagla orthu ceisteanna a chuir/thógáil. Eagraíocht nach bhfuil ag tarraingt maoin ar bith ón rialtas.

    Tá géarghá fosta le coinníoll Gaeilge don Ghaeltacht chun cosc a chuir leis an síorbhrú ón Bhéarla!