‘Céad phéacáin ghlasa an earraigh’ le feiceáil maidir le héifeacht na vacsaíní 

Deir Cathaoirleach an Choiste Comhairleach um Imdhíonadh Náisiúnta go bhfuil comharthaí beaga dóchais go bhfuil an tsnáthaid ag obair cheana féin ach go gcaithfear fanacht ar a thuilleadh fianaise

‘Céad phéacáin ghlasa an earraigh’ le feiceáil maidir le héifeacht na vacsaíní 

Tá na chéad chomharthaí beaga dóchais maidir le héifeacht na vacsaíní Covid-19 sa stát le feiceáil, a deir Cathaoirleach an Coiste Comhairleach um Imdhíonadh Náisiúnta.

Dúirt an tOllamh Karina Butler, go raibh comharthaí beaga dóchais ann cheana féin go raibh an tsnáthaid ag obair i measc oibrithe sláinte.

Dúirt sí gur chosúil go raibh líon na gcásanna i measc oibrithe sláinte ag laghdú níos luaithe ná mar a bhí i measc an phobail ach nach raibh dóthain fianaise ann go fóill chun an méid sin a chruthú.

Ba chomhartha dóchais níos mó an taighde a bhí déanta in Iosrael i measc daoine a raibh an vacsaín faighte acu.

Bhí “céad phéacáin ghlasa an earraigh” le feiceáil in Éirinn ó thaobh na vacsaíní, a dúirt an tOllamh Butler.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go raibh na chéad chomharthaí dóchais ann i gcás na vacsaíní ach bheadh roinnt seachtainí eile ann sula mbeadh dóthain fianaise ann a dhéanfadh deimhin den dóchas. 

Cé go raibh “céad phéacáin ghlasa an earraigh” le feiceáil san fhianaise faoi na daoine a raibh vacsaín faighte cheana acu theastódh níos mó “péacán” chun an staitisteoir a shásamh, a dúirt sé. 

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 52 duine eile básaithe de dheasca an choróinvíris.

I mí Feabhra a bhásaigh 33 de na daoine sin, bhásaigh 12 acu an mhí seo caite, bhásaigh seisear mí na Nollag agus tá bás amháin fós á fhiosrú.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go bhfuil seans ann go bhfuil líon na mbásanna de dheasca an ghalair ag laghdú faoi dheireadh. Seans go bhfuil buaic na mbásanna sa tríú maidhm curtha dínn againn, a dúirt sé.

Deimhníodh 866 cás nua den ghalar.

Dúirt an tOllamh Nolan go bhfeadfaí líon na gcásanna a laghdú go dtí idir 200-400 faoi dheireadh na míosa seo agus go dtí 100-300 sa lá faoin 15 Márta ach cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí agus na srianta.

Tá líon na ndaoine a bhfuil an Covid-19 orthu sna hospidéil tite faoi bhun 1,000 den chéad uair ó thús mhí Eanáir.

984 othar a bhfuil an galar orthu a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 172 acusan in aonad dianchúraim.

Idir 0.6 agus 0.8 atá ráta atáirgthe an ghalair agus tá líon na gcásanna ag laghdú idir 4-6% sa lá.

Deir an Dr Ronan Glynn go bhfuil NPHET “dóchasach ach aireach” faoin dul chun cinn atá á dhéanamh maidir le srian a chur le scaipeadh an ghalair.

“Tá dóchas áirithe againn anois maidir le cúrsaí eilpidéimeolaíochta sa tír. Tá an biseach seo againn le cúpla seachtain a bhuíochas don iarracht a rinne daoine ar fud na tíre. Mar sin féin tá líon na gcásanna agus líon na marbh fós an-ard agus tá an-dainséar ann go fóill go dtolgfadh daoine an galar sa bpobal, go háirithe na daoine is leochailí agus mó atá i gcontúirt ón Covid-19. Tá sé fíorthábhachtach go bhfanfaidh daoine sa mbaile agus go n-oibreoidh siad ón mbaile más féidir leo in aon chor é.”

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta NPHET go raibh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ag tástáil gartheagmhálaithe aon duine a bhfuil an Covid deimhnithe air.

“Beart dearfach é seo a léiríonn go soiléir go bhfuil muid ar ais i gcéim an tsrianta leis an bpaindéim seo. Caithfear smaoineamh áfach go bhfuil an ráta dearfachta i líonta tí fós an-ard, beagnach 30%. Rabhadh é sin gur chóir dúinn ar fad fanacht amach ar fad ó dhaoine eile sa teach má bhíonn aon chomharthaí orainn, sin an t-aon bhealach lenár muintir a chosaint.”

Dé Luain seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 154,900 duine agus an dara dáileog faighte ag 88,453 duine.

63 de chásanna nua an lae inniu a bhain leis an nGaillimh, 47 cás a bhí i gcontae na Mí agus 39 cás a bhí i gCorcaigh.

28 cás a bhain le Maigh Eo, 27 cás a bhain le Port Láirge agus 21 cás a bhí i gCiarraí. 17 cás a bhí i nDún na nGall.

Tá ráta coicíse an ghalair tite faoi bhun 300 den chéad uair i mbliana – 299.6 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas.

Tá an tríú ráta coicíse is airde sa stát i bPort Láirge – 392. Ráta 326 atá i gcontae na Mí, 309  atá i nGaillimh agus 288 atá i Maigh Eo. Ráta 253 atá i gceist i nDún na nGall, 215 atá i gCorcaigh agus 140 atá i gCiarraí.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt, 253 cás nua a deimhníodh inniu. Fógraíodh go bhfuil naonúr eile a raibh an galar orthu básaithe sa Tuaisceart.

Tá 518 othar in ospidéil an Tuaiscirt a bhfuil Covid-19 orthu agus tá 58 acusan in aonad dianchúraim.

Sa Tuaisceart, tá 381,894 dáileog den vacsaín tugtha do dhaoine agus an dara dáileog faighte ag 28,137 duine.

314,828 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 206,801 cás ó dheas den teorainn agus 108,027 cás ó thuaidh di.

5,812 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 3,846 duine ó dheas den teorainn agus 1,966 duine ó thuaidh di.

Fág freagra ar '‘Céad phéacáin ghlasa an earraigh’ le feiceáil maidir le héifeacht na vacsaíní '

  • Antóin

    Na chéad chomharthaí beaga dóchais maidir le héifeacht na vacsaíní Covid-19 sa stát le feiceáil. Suimiúil. Agus comharthaí beaga dóchais ann cheana go raibh an tsnáthaid ag obair i measc oibrithe sláinte. An-suimiúil.

    Ach is é an dán doiligh le roinnt polaiteoirí agus le roinnt dochtúirí agus le roinnt oibrithe sláinte an tsnáthaid a fháil. An-suimiúil go deo! Níor mhaith le polaiteoirí dul roimh dhaoine eile sa scuaime mar dhea!

    Tá mé féin lántoilteanach mo chion féin a dhéanamh agus an dá dháileog s’agamsa a thabhairt don Taoiseach. Láithreach ball.