Cead á lorg chun cruinniú faoin mBille Teanga a reáchtáil sa Dáil féin

De dheasca an Covid-19, tá iarrtha ag an gCeann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl ar choistí gan cruinnithe a eagrú i seomraí coiste an Oireachtais an mhí seo

Cead á lorg chun cruinniú faoin mBille Teanga a reáchtáil sa Dáil féin

Tá cead á lorg ag Coiste Gaeilge an Oireachtais cruinniú a reáchtáil sa Dáil féin an tseachtain seo chugainn chun an Bille Teanga a phlé.

Tá litir seolta ag Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh, chuig an gCeann Comhairle ag lorg cead an cruinniú a reáchtáil i seomra na Dála Dé Céadaoin seo chugainn.

Mar thoradh ar an Covid-19, tá iarrtha ag an gCeann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl ar choistí gan cruinnithe a eagrú i seomraí coiste an Oireachtais an mhí seo mura bhfuil géarghá leo.

Agus an Dáil á tionól san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath na laethanta seo, bheadh seomra na Dála i dTithe an Oireachtais folamh an tseachtain seo chugainn.

Deir Ó Snodaigh go mbeadh cumhacht “shiombalach” ó thaobh “stádas an Bhille agus na Gaeilge” ag baint leis an gcéad chruinniú faoin mbille ag Roghchoiste na Gaeilge a bheith ar siúl i nDáil Éireann féin.

Sa litir a sheol sé chuig an gCeann Comhairle, deir Ó Snodaigh go mbeadh seomra na Dála ag cloí le roinnt riachtanas eile atá ann maidir le spás agus córais aistriúcháin agus taifeadta.

Roghchoiste na Gaeilge a thabharfaidh faoin obair a bhainfidh le Céim an Choiste den Bhille Teanga. Teachtaí Dála amháin a bheidh i láthair ag cruinniú an Roghchoiste, ach bíonn Teachtaí Dála agus Seanadóirí ag cruinnithe Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Ghlac an Comhchoiste an cinneadh inné chuile chruinniú a bhí beartaithe acu an mhí seo a chur ar athlá go dtí go mbeidh cúrsaí níos fearr as ó thaobh an Covid-19.

Deir Aengus Ó Snodaigh ina litir go ndearnadh cinneadh cead a lorg cruinnithe an Roghchoiste a reáchtáil toisc an mhoill a bhí air an mBille Teanga go dtí seo.

Tá súil aige go dtabharfar cead don Roghchoiste teacht le chéile Dé Céadaoin agus Déardaoin na seachtaine seo chugainn chun tús a chur le Céim an Choiste den Bhille Teanga.

Chuir Ó Snodaigh in iúl sa litir go mbeadh baill an Roghchoiste sásta cruinnithe fíorúla a reáchtáil chun an obair a chur i gcrích.

Bheadh ar na baill uile a bheith i láthair i dTithe an Oireachtais féin chun an obair a dhéanamh ach ní bheadh cead ach ag an gcathaoirleach agus an cléireach a bheith sa seomra Coiste.

Tá os cionn 300 leasú ar an mBille Teanga le plé ag an Roghchoiste. 

Dúirt Ó Snodaigh cheana go mbeadh mí oibre i gceist lena cur i gcrích agus iad ag cloí leis an srianta atá i bhfeidhm maidir le fad na gcruinnithe i seomraí coiste an Oireachtais. Má dhéantar an obair go fíorúil, áfach, d’fhéadfaí í a dhéanamh níos tapa.

Fág freagra ar 'Cead á lorg chun cruinniú faoin mBille Teanga a reáchtáil sa Dáil féin'