Ceacht faoin nGaeilge le foghlaim ag Boots agus Lidl ó thaighde teanga

Léiríonn taighde nua a rinneadh i measc comhlachtaí sa Bhreatain Bheag go raibh a bhformhór mór den tuairim gur chun leasa a ngnó é an Bhreatnais a úsáid

Ceacht faoin nGaeilge le foghlaim ag Boots agus Lidl ó thaighde teanga

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá ceacht le foghlaim faoin nGaeilge ón mBreatain Bheag ag roinnt comhlachtaí móra atá lonnaithe in Éirinn.

Sin a bhí le rá ag Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge faoi thaighde nua a léiríonn go bhfuil comhlachtaí aitheanta miondíola sa Bhreatain Bheag den tuairim gur buntáiste mór dóibh an Bhreatnais ó thaobh a gcuid gnó.

Tá cuid mhór de na comhlachtaí a deir gur chun leasa a ngnó é an Bhreatnais a úsáid lonnaithe sa tír seo chomh maith, ina measc Boots, Lidl agus Marks and Spencer.

Dúirt Ard-Rúnaí an Chonartha Julian de Spáinn go mbeifí ag dul i dteagmháil leis na comhlachtaí sin agus comhlachtaí eile lena chinntiú go bhfuil an tuiscint chéanna acu ar chúrsaí teanga abhus.

Léiríonn an taighde a rinne foireann Hybu Choimisiún na Breatnaise i measc comhlachtaí ar fud na tíre go bhfuil a bhformhór mór den tuairim gur chun leasa a ngnó é an Bhreatnais a úsáid.

Dúirt Gareth Davies, Stiúrthóir Réigiúin Lidl sa Bhreatain Bheag gurb é “mian a gcustaiméirí go mbeadh an Bhreatnais níos feiceálaí” ina gcuid siopaí agus go raibh comharthaíocht dhátheangach á tabhairt isteach ag Lidl i ngach siopa dá gcuid sa tír sin dá bharr.

Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn

Dúirt John Turner, Ceannasaí Réigiúin Marks and Spencer gurb amhlaidh go raibh seirbhísí Breatnaise ag mealladh custaiméirí nua. “Níl aon amhras ach gur riachtanas de chuid ár gcustaiméirí é go mbeadh seirbhísí Breatnaise ar fáil agus ní mór dúinne freastal ar a mianta.

“Ní bhíonn sé éasca uaireanta an méid sin a mhíniú do mo chomhghleacaithe lasmuigh den Bhreatain Bheag, ach is léir ón bhfianaise atá ar fáil go gcuireann an Bhreatnais lenár gcáil agus gur féidir léi tuilleadh custaiméirí a mhealladh go dtí ár siopaí.”

Dúirt Gethin Edwards, ceannasaí na foirne a rinne an taighde, gur léir anois nach é amháin go bhfuil muintir na Breataine Bige ag iarraidh go n-úsáidfeadh comhlachtaí an teanga ach go dtuigeann na comhlachtaí féin an buntáiste a bhaineann léi.

“Léiríonn an taighde nua seo chomh maith go bhfeiceann gnóthaí an luach a bhaineann le hinfheistiú a dhéanamh sa Bhreatnais. Ábhar misnigh é go léiríonn an tuarascáil taighde go bhfuil ag treisiú ar an bhfonn sin an Bhreatnais a úsáid mar uirlis ghnó agus chun go seasfaimis amach i margadh iomaíoch,” arsa Gethin Edwards.

Léirigh pobalbhreith a rinne Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge gur túisce a cheannódh ceathrar as gach deichniúr ó dheas agus triúr as gach deichniúr ó thuaidh táirge a mbeadh Gaeilge ar an bpacáiste.

De réir pobalbhreith a rinne Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge, thug 41% de dhaoine ó dheas le fios go roghnóidís táirge le pacáistiú dátheangach thar a mhacasamhail de tháirge nach mbeadh ach Béarla ar a phacáistiú. 28% de dhaoine ó thuaidh a dúirt amhlaidh.

Fág freagra ar 'Ceacht faoin nGaeilge le foghlaim ag Boots agus Lidl ó thaighde teanga'

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Tá an Ghaeilge feiceálach go láidir ag Lidl sa Daingean, Corca Dhuibhne, ina gcuid fógraíochta agus ar fáil go minic ós na freastalaithe ag an seiceáil amach.

  • Máiread

    Tá Gaeilge a labhairt ag duine freastail i Lidl san áit in a bhfuilim im chonaí. Ni as Eirinn an té sin!! Téim ann i gconaí de bharr sin.

  • Treasa Ui Riagain

    Gaeilge i Lidl sa Nas anois freisin!

  • Pat Kerrins

    Níl aon Gaeilige i Lidl Londain .