Is túisce a cheannódh ceathrar as gach deichniúr ó dheas agus triúr as gach deichniúr ó thuaidh táirge a mbeadh Gaeilge ar an bpacáiste.
De réir pobalbhreith a rinne Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge, thug 41% de dhaoine ó dheas le fios go roghnóidís táirge le pacáistiú dátheangach thar a mhacasamhail de tháirge nach mbeadh ach Béarla ar a phacáistiú. 28% de dhaoine ó thuaidh a dúirt amhlaidh.
29% de dhaoine ó dheas a thug le fios nach roghnóidís táirge amháin thar tháirge eile bunaithe ar phacáistiú dátheangach. 45% de dhaoine ó thuaidh a dúirt amhlaidh.
Ba iad muintir chúige Chonnacht agus muintir Chúige Uladh (53%) ba láidre a léirigh suim sa phacáistiú dátheangach.
Muintir Chúige Mumhan (38%), daoine nach bhfuil go maith as (33%) agus daoine idir 55-64 bliain d’aois (33%) is mó a thug le fios le fios go roghnóidís táirge le pacáistiú dátheangach thar a mhacasamhail de tháirge nach mbeadh ach Béarla ar a phacáistiú.
Dúirt nach mór leath de rannpháirtithe na pobalbhreithe ó dheas gur buntáiste breise í an Ghaeilge a bheith ag duine agus post á lorg aige.
Níor cuireadh an cheist áirithe sin ó thuaidh den teorainn.
43% ag iarraidh tuilleadh deiseanna an Ghaeilge a fhoghlaim – pobalbhreith náisiúnta
Muintir chúige Chonnacht agus muintir Chúige Uladh ba mhó a thug le fios gur mheas siad gur buntáiste an Ghaeilge a bheith ag duine agus post á lorg aige.
Muintir Chúige Mumhan (36%), daoine atá go maith as (31%) agus daoine idir 55-64 bliain d’aois (32%) ba mhó a d’easaontaigh leis an ráiteas gur buntáiste an Ghaeilge agus post á lorg ag duine.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go léiríonn torthaí na pobalbhreithe go bhfuil athrú tagtha ar mheon an phobail i leith na Gaeilge.
Aithníonn 54% de dhaoine gur comhartha ‘An Fáinne’ go bhfuil duine sásta Gaeilge a labhairt
“Tugann an phobalbhreith seo le fios go bhfuil ról ag an nGaeilge sa phobal, ní hamháin mar theanga shóisialta nó mar ábhar scoile, ach ó thaobh fostaíochta agus margaíochta de chomh maith.
“Bréagnaíonn siad an tuairim nach bhfuil an Ghaeilge ‘úsáideach’ – is léir go dtuigeann daoine anois go bhfuil buntáistí ag baint léi ó thaobh deiseanna fostaíochta de. Léiríonn siad freisin go bhfuil buntáistí suntasacha ann do chomhlachtaí a úsáideann an Ghaeilge le táirgí a dhíol, mar atá feicthe againn cheana i gcás Tayto agus a leithéidí atá le moladh as an deis seo a aithint cheana féin,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
Fág freagra ar 'Roghnódh ceathrar as gach deichniúr táirge toisc Gaeilge a bheith ar an bpacáistiú'