43% ag iarraidh tuilleadh deiseanna an Ghaeilge a fhoghlaim – pobalbhreith náisiúnta

De réir pobalbhreith Chonradh na Gaeilge/Kantar Millward Brown, thug 42% den phobal ó dheas agus 25% den phobal ó thuaidh, le fios gur mhaith leo an Ghaeilge a labhairt níos minice

43% ag iarraidh tuilleadh deiseanna an Ghaeilge a fhoghlaim – pobalbhreith náisiúnta

Ba mhaith le 43% den phobal ó dheas tuilleadh deiseanna a bheith acu chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus ba mhaith le 42% deis níos mó a bheith acu chun í a labhairt.

De réir pobalbhreith nua atá déanta ag an gcomhlacht Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge.

Thug 42% den phobal ó dheas, agus 25% den phobal ó thuaidh, le fios gur mhaith leo an Ghaeilge a labhairt níos minice.

32% de dhaoine ó dheas agus 60% de dhaoine ó thuaidh a dúirt nach dteastaíonn deis níos mó uathu chun an Ghaeilge a labhairt.

Dúirt 43% den phobal ó dheas gur mhaith leo tuilleadh deiseanna a bheith acu chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus 27% de dhaoine sa Tuaisceart a dúirt amhlaidh.

32% de dhaoine ó dheas agus 60% de dhaoine ó thuaidh a thug le fios nár mhaith leo tuilleadh deiseanna a bheith acu chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Mhaígh triúr as gach deichniúr a ceistíodh ó dheas go raibh muinín acu as a gcumas i labhairt na Gaeilge ach ní dúirt ach 8% de rannpháirtithe na pobalbhreithe ó thuaidh amhlaidh.

Dúirt nach mór leath de na daoine ó dheas – 49% – nach raibh muinín acu as a gcumas i labhairt na Gaeilge.

39% de na rannpháirtithe ó dheas a mhaígh go raibh muinín acu as a gcumas an Ghaeilge a thuiscint. 11% a dúirt amhlaidh ó thuaidh.

Daoine óga, idir 15-24, ba mhó a raibh muinín acu as a gcumas an Ghaeilge a thuiscint agus 52% de dhaoine san aoisghrúpa sin ó dheas a dúirt amhlaidh.

Tá pobalbhreith Chonradh na Gaeilge/Millward Brown bunaithe ar 1,085 agallamh pearsanta ar dhaoine in 66 áit samplála ó dheas agus ar 1,021 agallamh pearsanta ó thuaidh in 60 áit samplála.

Daoine os cionn 15 bliain d’aois a ceistíodh ó dheas agus daoine os cionn 16 a ceistíodh ó thuaidh.

Fág freagra ar '43% ag iarraidh tuilleadh deiseanna an Ghaeilge a fhoghlaim – pobalbhreith náisiúnta'