‘Tá Gaeilge agat?’ – aithníonn 54% de dhaoine gur comhartha ‘An Fáinne’ go bhfuil duine sásta Gaeilge a labhairt

Dúirt 54% de dhaoine ó dheas go raibh a fhios acu gurb ionann An Fáinne a fheiceáil á chaitheamh ag duine agus é a bheith sásta Gaeilge a labhairt agus 23% de mhuintir an Tuaiscirt a dúirt amhlaidh

‘Tá Gaeilge agat?’ – aithníonn 54% de dhaoine gur comhartha ‘An Fáinne’ go bhfuil duine sásta Gaeilge a labhairt

Is minic é ráite go bhfuil a ré caite, ach is cosúil go bhfuil teacht aniar i bhFáinne na Gaeilge.

De réir pobalbhreith nua a rinne Kantar Millward Brown do Chonradh na Gaeilge aithníonn tromlach an phobail ó dheas An Fáinne mar shuaitheantas a bhíonn á chaitheamh ag daoine le taispeáint go bhfuil Gaeilge acu agus go bhfuil siad sásta í a labhairt.

Dúirt 54% de dhaoine ó dheas go raibh a fhios acu gurb ionann An Fáinne a fheiceáil á chaitheamh ag duine agus é a bheith sásta Gaeilge a labhairt agus 23% de mhuintir an Tuaiscirt a dúirt amhlaidh.

Ráineodh áfach go bhfuil cuid den loinnir ag imeacht de shuaitheantas na nGael mar níor aithin ach 39% de dhaoine idir 15-24 bliain d’aois ó dheas é.

Feirmeoirí – 75% — is mó a thug le fios ó dheas go raibh a fhios acu cad chuige An Fáinne agus 73% de dhaoine os cionn 65 bliain d’aois a dúirt amhlaidh.

Ó thuaidh, ba iad muintir Bhéal Feirste is mó a aithníonn An Fáinne agus 30% de lucht na cathrach sin a thug le fios gur thuig siad cad chuige an tsiombail Ghaelach.


43% ag iarraidh tuilleadh deiseanna an Ghaeilge a fhoghlaim – pobalbhreith náisiúnta


Ba ar an 17 Feabhra 1916 a cuireadh tús leis ‘An Fáinne’ mar ‘chomhartha faoi leith’ go raibh duine sásta Gaeilge a labhairt.

An lá áirithe sin, tháinig grúpa Gaeilgeoirí le chéile in 18 Sráid Ghort an Arbhair i mBaile Átha Cliath agus cuireadh eagraíocht nua ar bun a dhéanfadh “meath na Gaeilge a chosc” – An Fáinne.

Ba é Piaras Béaslaí, a throid in Éirí Amach na Cásca cúpla mí i ndiaidh an chruinnithe, a bhí ina chathaoirleach ar an díospóireacht an oíche sin. Scríobhadh tuairisc faoin gcruinniú agus faoi bhunú an Fháinne sa Chlaidheamh Soluis dhá lá ina dhiaidh.

“Mhínigh Piaras cad a theastaigh chun meath na Gaeilge a chosc .i. gach duine a bhfuil Gaeilge aige a chur faoi gheasa gan ach Gaeilge a labhairt le haon duine a mbeadh a gcosúil sin de gheasa air.

“Aontaíodh gur gá sórt cumann nó cuallacht a chur ar bun chun na hoibre a bhainfeadh leis na daoine a chur faoi na geasa sin agus cuireadh agus tar éis mórán díospóireachta aontaíodh “An Fáinne” a thabhairt mar ainm ar an gcumann,” a scríobhadh sa Chlaidheamh.

Dar leis an tuairisc, ba “ar chomhairle Dhiarmuda Uí hÉigceartuigh” a tugadh ‘An Fáinne’ ar an eagraíocht.

Toghadh ‘Comhairle an Fháinne’ ag an gcruinniú agus aontaíodh go gcaithfeadh lucht An Fháinne “comhartha faoi leith”. Ba é Piaras Béaslaí a toghadh ina uachtarán ar an gcomhairle.

Iarradh scilling an duine ó lucht An Fháinne “chun go bhféadfar na comharthaí a chur á ndéanamh láithreach agus chun mioncostaisí a dhíol”. Tuigtear gurbh é Tadhg Ó Scannail a mhol go mbeadh fáinne óir mar chomhartha ag an eagraíocht agus gur aige féin a bhí an chéad fháinne riamh.

 

Fág freagra ar '‘Tá Gaeilge agat?’ – aithníonn 54% de dhaoine gur comhartha ‘An Fáinne’ go bhfuil duine sásta Gaeilge a labhairt'

  • Seán Ó Luasa

    I láthair na huaire, tá seo mar chuid den alt:

    “Ba ar an 17 Feabhra 2016 a cuireadh tús leis ‘An Fáinne’ mar…”

    I gcead don iriseoir, níl sé sin cruinn.

  • Mánus

    Is fir a dhear an fáinne i 1916 agus tá an dearadh ag braith ar seaicéad a chaitheamh le go seasfadh an fáinne amach. Lógó an-lag agus thar a bheith firrineach atá ann. Cuir si i gcomparáid le lógó GI Guaranteed Irish. Tá lógó iontuigthe feiceálach ag teastáil.