Cé na cúiseanna nár tugadh post eile don Státrúnaí Brandon Lewis?

B’fhéidir go bhfaighidh Brandon Lewis luach saothair amach anseo as a dhílseacht, ach tá tréimhse chorrach i ndán dó ar dtús

Cé na cúiseanna nár tugadh post eile don Státrúnaí Brandon Lewis?

Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Brandon Lewis. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Ba iad na ráflaí ar an ngaoth as Londain go bhfaigheadh Brandon Lewis ardú céime nuair a dhéanfadh an Príomh-Aire Johnson atheagar ar fhoireann an rialtais. 

Bhíothas fós ag caint ar a luach saothair as a dhílseacht do Boris Johnson nuair a chonacthas é ag dul isteach doras Uimhir 10 Sráid Downing tráthnóna Dé Céadaoin.  

Faoin am sin bhí na postanna móra ar fad tugtha amach, áfach, agus an cinneadh déanta go bhfanfadh Státrúnaí Thuaisceart Éireann sa phost a fuair sé mí Feabhra anuraidh. 

Ní heol dúinn an raibh díomá air.  

Bheadh sé aisteach mura mbeadh ach ar ndóigh ní thig leis é a rá mar chaillfeadh sé cibé ruainne údaráis atá aige abhus. Mar Státrúnaí, ba í a bhuaic go dtí seo gur éirigh leis na páirtithe polaitiúla ar fad a aontú in aghaidh an phlean a bhí aigesean i dtaca le hoidhreacht na dTrioblóidí. Ní beag sin.  

Chuir an chaint faoi ardú céime a bheith ar na bacáin iontas ar dhaoine abhus. Níl ardmheas ar chumas Brandon Lewis murab ionann agus a réamhtheachtaí Julian Smith a raibh gean agus meas ag go leor air, cor fíorannamh i gcás Rúnaí Stáit ón mBreatain. 

I bhfianaise na bagartha ó cheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, go dtarraingeoidh sé a airí amach as Feidhmeannas Stormont mura gcuirtear an Prótacal iarBhreatimeachta ar ceal, chaithfeadh go raibh Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ag iarraidh go mbeadh taithí ag an té a bheadh in Oifig Thuaisceart Éireann.  

Eisean a chaithfidh a dhul i ngleic le héifeacht na guagachta in Stormont –toghchán a ghairm nó diúltú rud a dhéanamh ar an DUP agus an bille a rith a chosnódh Stormont ó aistarraingt páirtí amháin. Ina theannta sin is é Brandon Lewis féin a gheall go rithfear an reachtaíocht Ghaeilge in Westminster roimh an tSamhain. Tá tábhacht leis na ceisteanna sin ar fad ach seans maith nach bhfuil ceann ar bith acu ar an ngad is giorra don scornach ag Boris Johnson agus gurb in é an t-údar nach bhfuair an Státrúnaí post nua.    

‘Glór a mháistir’ a thugtar ar Lewis, go háirithe i dtaca le faoiseamh ó chúiseamh do shaighdiúirí – fiú nuair is é a thoradh go gcaithfear an scéim chéanna a chur i bhfeidhm do na paraimíleataigh, idir phoblachtánaithe agus dílseoirí. Cáintear é freisin faoina chaidreamh ciotach le híobartaigh.  

Thuill a phlean maithiúnas a thabhairt do shaighdiúirí naimhdeas go forleathan. Masla i gceann na héagóra d’íobartaigh a bhí ann ach thug an Státrúnaí, ar ordú a Phríomh-Aire agus an Pháirtí Chaomhaigh, tosaíocht do mhianta na n-iarshaighdiúirí. Gealladh an sciath chosanta sin i gclár toghcháin na dTóraithe in 2019. Tá níos mó sa scéim ná faoiseamh ó chúiseamh as dúnmharú. Tá bac ar fhiosruithe agus cúisimh a chuirfeadh stop scun scan le hionchoisní agus le cásanna sibhialta i gceist chomh maith.  

Tá roinnt mhaith de phobal an Tuaiscirt den bharúil gurb é cur i gcrích an phlean sin an t-údar nár aistríodh Brandon Lewis. Ach tá an feachtas abhus in aghaidh na scéime ag bailiú nirt agus tacaíocht á fáil i gcian is i gcóngar.  

Ar an Déardaoin, taobh istigh de cheithre huaire fichead ó athcheapadh an Státrúnaí, cuireadh aighneacht i gcoinne phlean maithiúnais na Breataine faoi bhráid Chomhairle Chearta Daonna na Náisiún Aontaithe. San achainí a rinne Amnesty i dTuaisceart Éireann dúradh gur feall ar íobartaigh iad na moltaí agus éilíodh go dtabharfadh na Náisiúin Aontaithe a ndúshlán.  

Ní chuirfidh an plean ‘chun ciontóirí a chosaint agus chun an chóir a cheilt ar íobartaigh’ faisnéis ná sásamh cearta ar fáil, dar le Amnesty. Sárú is ea é dar leo ar oibleagáidí na Ríochta Aontaithe um chearta an duine faoi dhlí na tíre agus faoin dlí idirnáisiúnta.  

Tá rialtas na Breataine ag cur cos i dtaca, ag rá nach maith ar bith d’éinne an córas reatha. Is fíor, ach cad is cúis leis an ‘córas’ a bheith curtha ar an méar fhada acu le blianta. Ta rún ag an Rialtas reachtaíocht a chur faoi bhráid na Parlaiminte sa bhfómhar. Ar Brandon Lewis a thitfidh an crann é sin a dhéanamh. An é sin an fáth gur fágadh sa phost é.? Níor bhain an naimhdeas dá phlean croitheadh as go dtí seo agus ní foláir nó gur chinn Johnson go seasfadh sé an fód go dtí go mbeadh na moltaí ar bhonn reachtúil d’ainneoin cáineadh idirnáisiúnta agus logánta.  

B’fhéidir go bhfaighidh sé luach saothair amach anseo. Sa ngearrthéarma, áfach, tá tréimhse chorrach i ndán don Státrúnaí Lewis. 

Fág freagra ar 'Cé na cúiseanna nár tugadh post eile don Státrúnaí Brandon Lewis?'