Cé mhéad dochair atá déanta ag géarchéim na Afganastáine d’uachtaránacht Joe Biden?

Sna trí bliana atá fágtha ag Joe Biden sa Teach Bán is beag amhras ach go mbeidh a uachtaránacht faoi scáth phraiseach na hAfganastáine

Cé mhéad dochair atá déanta ag géarchéim na Afganastáine d’uachtaránacht Joe Biden?

Cé mhéad dochair atá déanta ag an ngéarchéim san Afganastáin do Joe Biden agus a uachtaránacht? Gan ach cúpla lá anois idir muid agus an sprioc a leag an tUachtarán amach d’imeacht Mheiriceá as an tír is féidir a rá go bhfuil ar a laghad dhá leagan den scéal áirithe sin – an scéal sa mbaile agus an scéal thar lear.

Is ar mhaithe le dul i gcion ar na vótóirí i dtoghchán na Samhna seo caite a gheall Joe Biden go mbeadh “Meiriceá i lár an aonaigh arís”. ‘Séard a bhí i gceist aige, ar ndóigh, go mbeadh Meiriceá ag cur lena gcuid caidreamh le comhghuaillithe agus cairde. Ní bheifí ag troid feasta le NATO agus ag brú gaoil ar an Rúis mar a bhí le linn bhlianta Trump.

Mar chuid de sin, cinneadh go mbeadh saighdiúirí na Stát Aontaithe ag teacht amach as an Afganastáin tar éis fiche bliain. Gheall Biden nach bhfágfadh sé an tír sin faoi chomaoin an chúigiú hUachtarán de chuid na Stát Aontaithe le leigheas. Bhí seacht gcroí ag pobal na Stát Aontaithe go mbeadh a gcuid saighdiúirí ag teacht abhaile. Tá an iomarca cosúlachtaí idir a bhfuil ag tarlú anois in Kabul agus an méid a tharla i dtús na seachtóidí in Saigon.

Teastaíonn ó phobal Mheiriceá go gcuirfí deireadh leis an gcoimhlint ar ais nó ar éigean. Agus déanta na fírinne is beag imní atá brúidiúlacht ná fealsúnacht an Taliban a dhéanamh dóibh an fhad agus a bheidh na Stáit Aontaithe slán.

Tá alltacht ar an gcuid eile den domhan faoin méid atá tarlaithe in Kabul le roinnt seachtainí anuas. Is ar éigean a chreideann siad uabhar na Stát Aontaithe a ghlac seilbh ar an tír fiche bliain ó shin le cúnamh ó chomhghuaillithe idirnáisiúnta agus a bhain leas as faisnéis lochtach a d’fhág go mbeadh an Taliban ar ais i bhfeighil ar an tír gan mórán dua. Tá siad féin anois ag riaradh an aerfoirt in Kabul le tamall de sheachtainí agus ní mian leo aon rud a dhéanamh ach teitheadh chomh luath agus is féidir leo. Beag beann ar an bpraiseach atá fágtha ina ndiaidh acu.

Sna trí bliana atá fágtha ag Joe Biden sa Teach Bán is beag amhras ach go mbeidh a uachtaránacht á meas i gcomhthéacs an scéil seo. Seo an t-iarsheanadóir a raibh beagnach leathchéad bliain taithí aige ar an gcóras in Washington agus ar chúrsaí gnóthaí eachtracha. Cén chaoi ar éirigh leis an oiread de phraiseach a dhéanamh do scéal na hAfghanastáine? Gheofar an freagra sin lá éigin. Níl aon amhras ach go mbeidh sraith fiosrúchán faoin méid atá tarlaithe.

Nuair a toghadh Biden leag sé tosaíochtaí eile roimhe freisin. An ceann is fearr a fháil ar Covid-19 trí chlár ollmhór vacsaínithe.

Níl ag éirí leis an méid sin mar go bhfuil daoine deighilte faoi na vacsaíní ar bhonn polaitiúil. Ciallaíonn sin go bhfuil beagnach leath den phobal nach mian leo vacsaín a fháil, beag beann ar chomhairle sláinte.

Theastaigh ó Biden athnuachan ollmhór infreastruchtúir a chur i gcrích sna Stáit Aontaithe freisin. Tá an reachtaíocht ag gluaiseacht léi go mall réidh agus an tseachtain seo chuaigh an bille ar fiú $3.5 trilliún dollar é céim eile chun cinn. Chun a chinntiú go gcuirfear na hathruithe i bhfeidhm teastaíonn tacaíocht traspháirtí sa gComhdháil. Bhí sé sin ar cheann de phríomhpholasaithe Biden chomh maith ach ní léir go bhfuil ag éirí go rómhaith leis.

Tá postanna, obair, athnuachan ar cheantair agus ar bhóithre agus ar dhroichid geallta faoin reachtaíocht seo. Sin iad na rudaí a bhfuil suim ag pobal na Stát Aontaithe iontu. Seachas a bheith ag caitheamh airgead ollmhór ar chogadh thar lear nach féidir leo a bhuachaint, de réir cosúlachta, tá muintir na Stát Aontaithe ag iarraidh fostaíochta , oideachais agus cúram sláinte sa mbaile.

Agus ná déanadh muid dearmad go bhfuil réamhthoghcháin tosaithe cheana féin do na toghcháin lár téarma an bhliain seo chugainn. Beidh siad sin cinniúnach mar go bhfuil an Chomhdháil roinnte go cothrom faoi láthair agus bheadh suíochán breise amháin ar thaobh amháin nó ar an taobh eile cinniúnach sa gcás sin.

A leas féin a bheidh ar intinn na ndaoine a bheidh ag caitheamh vóta sa toghchán sin, go háirithe má bhíonn na saighdiúirí sa mbaile, caolseans go mbeidh mórán acu ag smaoineamh ar an Afganastáin.

Is sa mbaile a bheidh an chéad bhreithiúnas eile ar Biden sna toghcháin sin i bhfómhar na bliana seo chugainn. Tá díomá an domhain idirnáisiúnta lena cheannaireacht follasach cheana féin.

Fág freagra ar 'Cé mhéad dochair atá déanta ag géarchéim na Afganastáine d’uachtaránacht Joe Biden?'

  • Lillis Ó Laoire

    Breith mheáite, stuama i mbeagán focal.