Cé mhéad aire sláinte atá anois againn? Cúigear, creid nó ná creid…

Ní tearc na slite ina bhféadfaí €103,143 a chaitheamh ar rudaí sa chóras sláinte seachas airí breise. Mar shampla, íoctar €23,300 mar bhuntuarastal le haltra foirne…

Aire Sláinte
LÉARÁID: Tuairisc.ie

Tá cinneadh an Taoisigh cur le líon na n-airí stáit sa rialtas nua cáinte go forleathan. Fiú má fhágtar an nós atá ag gach páirtí a leas féin a dhéanamh as an áireamh, is deacair glacadh le cosaint ar bith ar na ceapacháin bhreise seachas riachtanas polaitiúil.

Bhí 15 aire sóisearach sa rialtas deireanach. Tá 18 ceaptha an babhta seo, agus €103,143 sa bhreis á chaitheamh mar sin ar airí sóisearacha.

Má chuirtear an liúntas €34,381 sa bhreis a fhaigheann gach aire stáit lena thuarastal mar Theachta Dála (€87,258) is é €121,639 an tuarastal iomlán.

Is sa roinn sláinte a rinneadh na ceapacháin bhreise is mó a thuilleann aird, agus amhras. D’fhág ceapadh cúigear airí sóisearacha (neamhspleách amháin agus ceathrar as Fine Gael) go raibh níos mó airí ná riamh curtha i mbun oibre i roinn rialtais amháin:

 Liosta na n-airí sa Roinn Sláinte

SIMON HARRIS an tAire sinsearach.

FINIAN McGRATH Aire stáit, freagrach as cúrsaí éagumais.

HELEN McENTEE Aire Stáit, freagrach as meabharshláinte agus daoine aosta.

MARCELLA CORCORAN-KENNEDY Aire Stáit, freagrach as cur chun cinn sláinte.

CATHERINE BYRNE Aire Stáit, freagrach as gnóthaí pobail agus as an Straitéis Náisiúnta Drugaí.

Is féidir fonóid gan stró a dhéanamh faoi leithéid na gceapachán seo. Ach beidh ar an rialtas aghaidh a thabhairt ar cháineadh níos géire má théann an tseirbhís sláinte in olcas arís amach anseo. Agus ní tearc na slite ina bhféadfaí €103,143 a chaitheamh ar rudaí eile seachas airí breise.

Mar shampla, íoctar €23,300 mar bhuntuarastal le haltra foirne.

D’fhéadfaí ceathrar altraí breise a earcú mar sin, dá mbeadh beirt airí stáit sa Roinn Sláinte anois, mar a bhí sa rialtas deireanach.

Tá trua agam duit, a léitheoir dhil má bhíonn amhras ort gach uair a chloiseann tú caint ar an ré nua pholaitiúil? Ná bíodh aon amhras ort.

Más ceapadh airí atá faoi chaibidil, ní féidir an fhírinne a shéanadh. Ní raibh foireann pholaitiúil dá leithéid i gceannas ar aon roinn rialtais amháin riamh cheana.

Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Cé mhéad aire sláinte atá anois againn? Cúigear, creid nó ná creid…'

  • Ruth

    Cúig aire á n-íoc as cúrsaí sláinte nuair nach bhfuil airgead le sparáil nuair a lorgtar sin do chúrsaí sláinte! Cad as ar tháinig an t-airgead nua seo. Nílim ag gearán, b’fhéidir go bhfuil gá leo agus go bhfeabhsóidh an scéal, cá bhfios? ACH Ní éistfidh mé riamh arís le béal bocht an stáit seo maidir leis an easpa daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu a ndéantar a earcú don státseirbhís. Ag magadh fúinn atáthar.

  • Séamas Mac Coitir

    Mo ghraidhin é Cathal Mac Coille, faoi dhó! Insíonn sé an fhírinne i gcónaí gan chur leis ná baint de. An té atá thuas óltar deoch air, an té atá thíos buailtear cois air! Bíonn na haltraí foirne óga ag obair go dian dícheallach, ní fhaigheann siad ach pá maireachtála suarach, agus is ar éigean a bhíonn riar a gcáis acu. Is fiú an t-oibrí a thuarastal! Ní haon ionadh go bhfuil altraí óga lánoilte ag dul thar lear, mar a bhfaigheann siad íocaíocht chóir de réir na gcáilíochtaí a bhíonn acu. Is é caillteanas na hÉireann, leas na dtíortha ina mbeidh siad ag feidhmiú mar altraí!