Cé hiad na Proud Boys a bhfuil ugach tugtha ag Donald Trump dóibh?

Tá mionlach suntasach i measc na bhfear geal sna Stáit Aontaithe a chreideann go bhfuil neamhaird déanta dóibh agus dá slí mhaireachtála

Cé hiad na Proud Boys a bhfuil ugach tugtha ag Donald Trump dóibh?

Pictiur: flickr.com

Proud boys, stand back and stand by! Nuair a d’fhógair Donald Trump an gháir chatha seo le linn na díospóireachta in aghaidh Joe Biden Dé Máirt tharraing sé aird ar an ngrúpa Proud Boys, grúpa a chreideann i bhforlámhas an chine ghil agus sa saol ina bhfuil an forlámhas sin i réim.

Bhí go leor den tuairim gurb é an pointe ba shuntasaí sa díospóireacht/argóint an tseachtain seo nuair a dhiúltaigh Uachtarán na Stát Aontaithe grúpaí a chreideann i bhforlámhas an chine ghil a cháinedh.

Go deimhin is amhlaidh a d’fhógair sé gáir chatha ar son na heagraíochta Proud Boys. Ach cé hiad Proud Boys?

Fear as Ceanada Gavin McInnes, bunaitheoir na hirise Vice a bhunaigh Proud Boys in 2016. Ní cheadaítear ach d’fhir a bheith páirteach sa ghrúpa atá lonnaithe den chuid is mó in iarthar na Stát Aontaithe, cé go bhfuil baill acu freisin i gCeanada, sa mBreatain agus san Astráil.

In 2018 d’fhógair an FBI gur grúpa antoisceach a bhí i Proud Boys agus tugann an eagraíocht taighde agus abhcóideachta, an Southern Poverty Law Centre, grúpa fuatha orthu. Grúpa frithbhan, frith-Ioslamach, frith-imirce agus frith-homaighnéasach iad chomh maith.

Tá a gclú méadaithe le tamall de bhlianta mar gheall ar roinnt agóidí atá eagraithe acu mar fhreagra ar ghluaiseacht Black Lives Matter agus mar gheall ar throideanna a mbíonn a gcuid ball páirteach iontu. Idir sin agus iad a bheith luaite i ndíospóireacht uachtaránachta, tá ainm in airde orthu anois cé go gcreideann lucht faisnéise gur grúpa beag iad.

Grúpa beag glórach iad, mar sin féin.

Ach an oiread le grúpaí eile ar an eite dheis sna Stáit Aontaithe tá fáil acu go héasca ar armlón agus iad diongbháilte go bhfuil an ceart sin le cosaint. Is maith leo iad féin a cheangal le haon dream a thacaíonn le Trump agus a bheith i láthair le linn a chuid slógaí. Tá a ladar curtha acu in go leor de na hagóidí sna Stáit Aontaithe  le cúpla mí anuas ó maraíodh George Floyd agus iad ag iarraidh  an lucht agóidíochta a ghríosú.

Le bheith i do bhall de na Proud Boys ní mór móid a ghlacadh, ‘I am a proud western chauvinist, I refuse to apologize for creating the modern world.’

Cuirtear faoi ndeara dóibh sraith dúshláin fhisiciúla a shárú freisin. Mar a dhéanfaí le cumann rúnda sa scoil náisiúnta!

Deir an grúpa nach bhfuil siad ciníoch agus nach bhfuil uathu ach seanluachanna “traidisiúnta” an iarthair a thabhairt chun cuimhne. Creideann na baill go láidir sa teoiric go bhfuil cinedhíothú ar an gcine gheal ag tarlú. Tá siad in aghaidh chearta na mban, comhionannas agus cearta sóisialta.

Tá ugach tugtha ag caint Trump an tseachtain seo dóibhsean agus dá leithéid. Agus tá a fhios againn, faraor, go bhfuil mionlach suntasach i measc na bhfear geal sna Stáit Aontaithe a chreideann go bhfuil neamhaird déanta dóibh agus dá slí mhaireachtála.

Ceannaireacht a theastaíonn anois leis an sciar sin den phobal a chur ar a suaimhneas seachas iad a ghríosú.

An bhfuil a leithéid sna Stáit Aontaithe faoi láthair?

Fág freagra ar 'Cé hiad na Proud Boys a bhfuil ugach tugtha ag Donald Trump dóibh?'

  • Roibeárd

    “Grúpa frithbhan, frith-Ioslamach, frith-imirce agus frith-homaighnéasach iad chomh maith.”
    Ní grúpa frithbhan iad. Tá siad in aghaidh feimineachas nua-aimseartha. Tá difear ann. Ní grúpa frith-homaighnéasach iad fosta. Níl sé sin fíor ar chor ar bith. Is cuma leo faoi rudaí mar sin. Mar a tharlaíonn, is teagasc frith-homaighnéasach é an Ioslam! Tá siad in aghaidh smaointe Ioslamacha agus imirce. Tá sé sin fíor.

    “Tá siad in aghaidh chearta na mban, comhionannas agus cearta sóisialta.”
    Sin seafóid. Ainmnigh iad (na cearta atá i gceist) mar sin.

    Is bráithrachas é, cosúil leis na Máisiúin nó mar sin de. Bunaíodh é mar bhí Antifa ag círéibeach go foiréigneach ar champais timpeall na Stáit Aontaithe. Cosantóirí aoichainteoirí ab ea iadsan.

    Ní tacaí mé, ach cuireann bréagnuacht agus bréageolas isteach ormsa.