Cé hiad na foirne peile ar éirigh leo craobh an chontae a chosaint i mbliana?

Agus súil caite againn ar bhuaiteoirí na gcraobhacha iomána an tseachtain seo caite, is fiú an rud céanna a dhéanamh le seaimpíní na peile.

Cé hiad na foirne peile ar éirigh leo craobh an chontae a chosaint i mbliana?

Aidan O'Reilly (Raonaithe Nemo), Patrick McBrearty (Cill Chartha) agus Diarmuid Connolly (Naomh Uinsionn). Pictiúr: INPHO

Tar éis don tSráidbhaile Craobh Phort Láirge a thabhairt leo i bPáirc Uí Fhearchair Dé Domhnaigh seo caite, tá deireadh tagtha faoi dheireadh leis na craobhacha sinsir contae sa pheil.

Chaitheamar súil siar ar bhuaiteoirí na gcraobhacha iomána an tseachtain seo caite, agus is fiú an rud céanna a dhéanamh leis na seaimpíní peile. Cé gur éirigh le beagán os cionn aon trian de churaidh na hiomána, 6 fhoireann as 17, an chraobh a bhuaigh siad in 2016 a bhuachan arís in 2017, d’fhág bua an tSráidbhaile ar Ghleann na hUidhre gur éirigh le díreach faoi bhun 50%, 15 as 32, de na foirne sinsir peile a gcraobhacha contae a bhuachan in athuair.

Toisc nár cuireadh deireadh le craobh na nDéiseach go dtí an tseachtain seo caite, ní raibh an deis ag an tSráidbhaile dul ar aghaidh agus páirt a ghlacadh i gCraobh na Mumhan ach, as na sé chontae a bhí ann, péire de na clubanna a thug leo Craobh an Chontae den dara bliain as a chéile, sin iad Crócaigh Chiarraí agus Cill-Mhuire/Uí Bhreacáin an Chláir. Ba iad Tráchtálaigh Chluain Meala (Tiobraid Árann), Áth Dara (Luimneach) agus Raonaithe Nemo (Corcaigh) na seaimpíní eile sa chúige agus ba iad fir Chorcaí a thug leo Craobh na Mumhan ar deireadh nuair a sháraigh siad Crócaigh Chill Airne sa chluiche ceannais.

Thug Cora Finne leo Craobh Chonnacht coicís ó shin agus, suimiúil go leor, is í chraobh Liatroma an t-aon cheann sa chúige nach raibh an buaiteoir céanna uirthi in 2017 agus a bhí in 2016. Is iad fir dheisceart Liatroma, Maothail, a thug leo an chraobh i mbliana ach na curaidh céanna a bhí ann i nGaillimh (Cora Finne), Maigh Eo (Mistéalaigh Chaisleán an Bharraigh), Ros Comáin (Naomh Bríd) agus Sligeach (Tuar Loistreáin).

Tá Cora Finne ag dul chun páirce tráthnóna i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann agus iad ag imirt Fulham Irish, a bhuaigh Craobh Shinsir Londan i mbliana, an dara huair riamh acu é a dhéanamh.

Mar a rinne Cora Finne, thug Sleacht Néill Dhoire leo craobh an chúige arís in 2017. Níor cuireadh deireadh le ceannas Shleacht Néill ar Chraobh Shinsir Dhoire nuair a bhuaigh siad í den cheathrú huair as a chéile. Tá greim níos láidre fós ag Cill Chua ar Chraobh an Dúin, agus í buaite den chúigiú huair as a chéile acu i mbliana agus bhuaigh Baile an Scotaigh (Muineachán) agus Doire Ó gConaile (Fear Manach) a gcuid craobhacha féin den tríú huair as a chéile.

Níor éirigh rómhaith le hiarrachtaí Choillidh Chlochair craobh Thír Eoghain a bhuachan arís i mbliana, díbríodh seaimpíní 2016 as comórtas na bliana seo sa chéad bhabhta.

Imreofar cluiche ceannais sinsir Laighean tráthnóna nuair a thabharfaidh Naomh Lómáin (an Iarmhí) agus Achadha Mordha (Cill Dara) aghaidh ar a chéile i bPort Laoise. Tá Naomh Lómáin ar cheann de na chúig fhoireann i gCúige Laighean a thug an dara craobh chontae as a chéile leo in 2017. Ba iad Naomh Uinsionn (Baile Átha Cliath), Gaeil Bhaile Shíomoin (an Mhí), an Ród (Uíbh Fhailí) agus Naomh Columba (an Longfort) na foirne eile a rinne an t-éacht sin.

Fág freagra ar 'Cé hiad na foirne peile ar éirigh leo craobh an chontae a chosaint i mbliana?'