Cé hiad na cainteoirí líofa Gaeilge a toghadh chuig Stormont?

Teachtaí Tionóil de chuid Shinn Féin cúigear den seisear cainteoirí Gaeilge ó ar éirigh leo i dToghchán Stormont an mhí seo

Cé hiad na cainteoirí líofa Gaeilge a toghadh chuig Stormont?

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá Gaeilge líofa ag seisear den 90 Comhalta den Tionól Reachtúil (MLA) a toghadh le deireanas chuig Tionól Stormont, agus tá cúigear acu ina dteachtaí de chuid Shinn Féin.

Is iad Aisling Reilly, Declan Kearney, Pat Sheehan, Gerry Kelly agus Maolíosa McHugh na cainteoirí Gaeilge ó Shinn Féin a toghadh chuig Stormont agus is é Patsy McGlone ón SDLP an t-aon duine eile a bhfuil Gaeilge ar a thoil aige ar éirigh leis sa toghchán le deireanas.

Deir an SDLP gur cainteoirí Gaeilge iad Mark H Durkan agus Claire Hanna freisin ach nach bhfuil siad líofa a ndóthain chun agallamh beo a dhéanamh i nGaeilge ar na meáin chraolta, an tslat tomhais a bhíonn ag Tuairisc agus líofacht polaiteoirí á meas.

As iarthar Bhéal Feirste í Aisling Reilly atá 32 bliain d’aois agus a saol ar fad caite aici sa cheantar sin. Is Gaeilgeoir í a d’fhreastail ar Bhunscoil Phobal Feirste agus ina dhiaidh sin ar Choláiste Feirste. Tar éis di an A-Leibhéal a chríochnú, chuaigh Aisling ar aghaidh le gairm bheatha a bhaint amach sa scothspórt. Bhuaigh sí Craobhchomórtais Dhomhanda, Comórtais Uile-Éireann, agus gradaim Idirnáisiúnta éagsúla eile sa liathróid láimhe.

Thug Aisling Reilly ó Shinn Féin an chéad óráid riamh a bhí go hiomlán i nGaeilge don Tionól i ndiaidh a tofa ag tús na míosa seo. Cuireadh seirbhís aistriúcháin chomhuaineach ar fáil fad a bhí Aisling Reilly ag labhairt.

“Tá sé tábhachtach a thuiscint gurb é seo an chéad uair gur féidir le ball óráid iomlán Gaeilge a thabhairt roimh an Tionól, agus is deas a fheiceáil go bhfuil ateangaireacht chomhuaineach againn san fhoirgneamh seo,” a dúirt Aisling Reilly.

“Is céim thábhachtach chun cinn é do chearta teanga agus don chomhionannas. Ba chóir go mbeadh gach páirtí anseo ag tacú leis an tionscnamh seo. Is lá an-tábhachtach é seo dóibh siúd ar fad a bhfuil grá acu don Ghaeilge agus a throid chun cearta a chosaint do chainteoirí Gaeilge.”

Ar bharr ó chlé: Aisling Reilly (SF), Declan Kearney (SF), Maolíosa McHugh (SF). Thíos ó chlé: Gerry Kelly (SF), Patsy McGlone (SDLP), Pat Sheehan (SF)

Tá Declan Kearney ina bhall de Shinn Féin ó 1980 agus tá sé ina chathaoirleach ar an bpáirtí faoi láthair. Bhíodh Kearney ag teagasc Gaeilge in áiteanna éagsúla i ndeisceart chontae Aontroma agus thóg sé a chlann féin go dátheangach. Cloistear Kearney ar na meáin Ghaeilge ó am go chéile freisin.

Gaeilgeoir is ea Pat Sheehan a chaith 18 bliain sa phríosún agus é ar an bpluid agus ar stailc ocrais faoi dhó, i 1980 agus 1981. Sa bhliain 1981 chuaigh sé gan bhia ar feadh 55 lá agus bhí sé go dona tinn sular cuireadh stop leis an stailc ocrais. Sa phríosún bhain Sheehan céim amach san fhealsúnacht agus sa pholaitíocht le céad onóracha.

Bhí Gerry Kelly ar dhuine d’fhoireann idirbheartaíochta Shinn Féin sna blianta roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ina dhiaidh. Is é urlabhraí póilíneachta an pháirtí é. Bhí Kelly ina aire sóisearach ó 2007 go 2011 agus faoi láthair tá sé ina Leas-Phríomh-Aoire ar fhoireann an Tionóil.

Toghadh Maoilíosa McHugh mar chomhairleoir ar Chomhairle Ceantair an tSratha Báin in 2011, agus in 2015 toghadh é ar Chomhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin. Bhí sé ina Mhéara ar Chathair Dhoire agus ar an tSrath Bán in 2017. In 2019, comhthoghadh é mar MLA do Thír Eoghain Thiar in ionad Michaela Boyle MLA.

Is é Patsy McGlone an t-aon chainteoir líofa Gaeilge a toghadh nach polaiteoir de chuid Shinn Féin é. Tá sé ina MLA de chuid an SDLP ón mbliain 2003, páirtí a mbíodh sé tráth ina leascheannaire air. Bhíodh sé ina bhall de Bhord Fhoras na Gaeilge freisin. Nuair a toghadh ina leascheannaire ar an SDLP é in 2010, dúirt sé go raibh an Ghaeilge an-tábhachtach dó agus gur chuid lárnach den fhéiniúlacht Ghaelach í.

Cé nach bhfuil Gaeilge líofa ag duine ar bith ón bPáirtí Alliance, is i nGaeilge a chuir an fheisire parlaiminte don Dún Thuaidh Stephen Farry tús lena chéad óráid i bparlaimint Westminster in 2019.

“Go raibh maith agat, a Leas-Cheann Comhairle,” a dúirt Stephen Farry mar thús lena chéad óráid.

Mhínigh sé i mBéarla ansin cén fáth gur roghnaigh sé an Ghaeilge le tús a chur lena phíosa cainte le linn na díospóireachta a bhí ar siúl sa pharlaimint. Theastaigh uaidh, a dúirt sé, comhoidhreacht na teanga a léiriú.

Níl Gaeilge ag aon bhall de na páirtithe Aontachtacha a toghadh chuig Tionól Stormont le deireanaí.

Fág freagra ar 'Cé hiad na cainteoirí líofa Gaeilge a toghadh chuig Stormont?'

  • Colm Cavanagh

    Díomá orm nach bhfuil Gaeilge níos líofa agamsa, ná ag baill eile de’n Pháirtí Alliance faoi láthair.
    Ach bíonn súil le muir.