Cé hiad an 12 iarrthóirí a gheall go labhróidh siad Gaeilge i bParlaimint na hEorpa?

De réir suirbhé a rinneadh i measc iarrthóirí toghcháin agus páirtithe polaitiúla, níl aon drogall orthu gealltanais a dhéanamh faoin nGaeilge

Cé hiad an 12 iarrthóirí a gheall go labhróidh siad Gaeilge i bParlaimint na hEorpa?

Tá geallta ag 12 iarrthóirí sna toghcháin Eorpacha go labhróidh siad go rialta an Ghaeilge i bParlaimint na hEorpa má thoghtar an tseachtain seo chugainn iad.

Gheall na hiarrthóirí uile eile, thuaidh agus theas, go gcuirfidís feabhas ar a gcuid Gaeilge le go mbeidís ábalta í a labhairt ar a gcompord sa Pharlaimint.

De réir suirbhé a rinne Conradh na Gaeilge i measc na n-iarrthóirí, beirt de na hiarrthóirí i dtoghcheantar Bhaile Átha Cliath a mhaígh go labhraídís an Ghaeilge mar “ghnáthchleachtas” i bParlaimint na hEorpa –Ciarán Cuffe, Comhaontas Glas, agus Éilis Ryan, Páirtí na nOibrithe.

Cúigear iarrthóirí i dtoghcheantar an Deiscirt a mhaígh go labhróidís an Ghaeilge go rialta ón gcéad lá, ina measc beirt a bhfuil sin déanta go minic cheana acu Liadh Ní Riada, an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin as Gaeltacht Mhúscraí agus an feisire de chuid Fhine Gael, Seán Kelly.

Is iad na daoine eile sa toghchán ó dheas a mhaígh go labhróidís Gaeilge sa Pharlaimint in Strasbourg ná na hiarrthóirí neamhspleácha Diarmuid O’Flynn agus Colleen Worthington agus an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Billy Kelleher.

Níl cáil labhairt na Gaeilge i dTithe an Oireachtais ar Billy Kelleher ná ar chuid eile de na hiarrthóirí a deir go labhródh siad í in Strasbourg.

Cúigear chomh maith de na hiarrthóirí i dtoghlach an Láir Tíre-an Iarthuaiscirt a gheall go labhróidís an Ghaeilge go rialta ón gcéad lá, Anne Rabbitte agus Brendan Smith, Fianna Fáil, na neamhspleáigh Diarmaid Mulcahy agus Luke Ming Flanagan agus Dominic Hannigan, Páirtí an Lucht Oibre.

Dúirt gach uile iarrthóir sna ceithre thoghlach go dtacóidís le deireadh a chur leis an maolú atá ar stádas na Gaeilge san AE agus go mbainfidís leas as scéimeanna an AE chun pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a neartú.

Idir an dá linn, tá glactha ag gach páirtí seachas Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre le trí éileamh a chuir Conradh na Gaeilge faoina mbráid do na toghcháin áitiúla.

Mar chuid dá bhfeachtas #Gaelvóta lorg an eagraíocht teanga tacaíocht na bpáirtithe do thrí pholasaí: go mbeadh oifigeach Gaeilge lánaimseartha ag gach údarás áitiúil; go dtabharfaí ainm Gaeilge ar eastáit tithíochta nua; agus go mbeadh plean teanga ag gach údarás áitiúil.

Gheall na páirtithe go léir go dtacóidís leis na héilimh sin ach amháin Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre, nár thug gealltanas dá leithéid, agus Renua nár fhreagair na ceisteanna.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, go rabhthas an-sásta” leis an tacaíocht “leathan agus láidir” a léirigh na hiarrthóirí agus na páirtithe don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

An Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge

Dúirt Julian De Spáinn, Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge gurghealltanais shimplí agus indéanta” a lorg Conradh na Gaeilge ó iarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha.  

“Mar shampla, maidir leis an ngealltanas d’ainmneacha Gaeilge ar fhorbairtí [tithíochta] nua, tá sé feicthe againn i nGaillimh go mbíonn dea-thionchar ag polasaí den chineál seo.

“Mar gheall ar an ngealltanas a fuair Gaillimh le Gaeilge i 1993, tá ainm Gaeilge ar 99% de na heastáit i gcathair na Gaillimhe sa lá atá inniu ann, rud a chuireann le feiceálacht na teanga agus a éascaíonn a normalú i measc an phobail.”

Fág freagra ar 'Cé hiad an 12 iarrthóirí a gheall go labhróidh siad Gaeilge i bParlaimint na hEorpa?'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Ionadh an domhain orm. Matt Carthy an t-aon duine a raibh Gaeilge ar an mbileog agus ar na comharthaí aige anseo sa nGaeltacht agus leath de na comharthaí i nGaeilge ag Anne Rabbitte. Is mór an t-ionadh nár gheall Carthy aon rud agus gur gheall Hannigan í a labhairt ón gcéad lá…. Ní fhaca mé aon rud i nGaeilge ó Hannigan ariamh.

    Tháinig an-athrú ar an tuiscint a bhí agam ar na daoine seo mar gheall ar an alt seo.

    Tá mé ag súil go mór leis an nGaeilge ar fad a chloisteáil i mí an Mheithimh nuair a bheas an pharlaimint nua sa mBruiséal.

  • Seán Mag Leannáin

    An fiú smug cait iad na gealltanais seo? Cé hiad na hiarrthóirí ó na páirtithe éagsúla do na toghcháin seo atá líofa sa Ghaeilge? Go bhfios dom níl ann ach Seán Ó Ceallaigh FG agus Liaidh Ní Riada SF. Bhí a dtoghcheantar siúd faoi chaibidil ar an gclár teilifíse The Week in Politics ar RTÉ seachtain ó shoin. Thug mé faoi deara go raibh an t-iarrthóir FF’ach Malcolm Byrne ag déanamh gaisce as a líofacht sa bhFraincis ach níor chuir éinne ceist air – nó ar aon duine eile de na hiarrthóirí – faoin a líofacht (nó gan a bheith líofa) sa nGaeilge: teanga oifigiúil eile de chuid an Aontais, a bhuí le Rialtas na hÉireann (ceann Fianna Fáileach, mar a tharla sé). Ba dhíol suntais é freisin nach ndearna tagairt ar bith don cheist seo (líofacht na n-iarrthóirí sa nGaeilge) sna réamh-léirmheasa toghcheantair a craoladh ar Raidió na Gaeltachta le déanaí.