Cé chomh minic agus a thig le ceannaire an DUP an leiceann eile a iompú?

Má tá Arlene Foster chun a ceannaireacht a chosaint agus an Feidhmeannas a choinneáil slán ón nguagacht san DUP níor mhór di a húdarás a léiriú

Cé chomh minic agus a thig le ceannaire an DUP an leiceann eile a iompú?

Cé chomh minic agus a thig le ceannaire an leiceann eile a iompú gan baint dá húdarás? Cé mhéad easaontais, easumhlaíochta nó dúshláin oscailte a dtig le Arlene Foster neamhshuim a dhéanamh díobh gan a ceannaireacht ar an DUP a bheith pollta?

Den dara huair le mí chuir Aire Talmhaíochta an Fheidhmeannais, Edwin Poots an DUP, a mhíshástacht in iúl go poiblí faoi shrianta Covid-19 ar ghlac an páirtí leo. Thug sé droim láimhe le chomhfhreagracht na nAirí gan pionós ar bith a fhulaingt. Níor vótáil Poots in aghaidh na srianta ceachtar babhta, ach tá a easaontas poiblí ag baint d’údarás a cheannaire. Thairis sin más i gcomhar le chéile nó a mhalairt é, tá seisean agus ionadaithe eile ón bpáirtí ag baint an bonn de na teachtaireachtaí faoin tsláinte phoiblí agus bíonn éifeacht aige sin ar obair an Fheidhmeannais.

Maítear gurb é Poots a d’éiligh go mbainfeadh an DUP leas as an veto sa bhFeidhmeannas coicís ó shin chun diúltú do shrianta nach raibh chomh dian leo siúd ar glacadh leo an tseachtain seo caite nuair a rinne an DUP U-chasadh mór faoin scéal.

Deirtear gur labhair sé in éadan na srianta nua an tseachtain seo caite, ach níor vótáil sé ina gcoinne. Ba ghearr gur nocht sé a mhíshástacht, áfach, i ríomhphost chuig na scórtha daoine.

Ní léir an raibh sé i gceist aige a fhreagra a bheith chomh poiblí is a bhí, ach ní raibh tada séanta aige faoin tráth a raibh an t-alt seo á scríobh agus níl leithscéal gafa aige. “I entirely agree,” an freagra a sheol sé chuig duine ina thoghcheantar agus roinn sé an freagra le grúpa mór eile.

Ba iad na tuairimí a raibh sé ag aontú leo, go fonnmhar, go raibh sé dochreidte go raibh tréimhse dianghlasála eile á cur i bhfeidhm, nach nuacht ar bith é an tseirbhís sláinte a bheith i mbaol a treascartha mar gur amhlaidh a bhíonn gach bliain agus go raibh an Roinn Sláinte neamhinniúil ag an ngnó.

Ag an am céanna, bhí a cheannaire ag cur in iúl go raibh na diansrianta thar a bheith riachtanach agus go raibh an chomh-aireacht aontaithe faoi sin. Ní ón ngaoth a tháinig an t-easaontas.

An mhí roimhe sin nuair a cuireadh srianta i bhfeidhm níor vótáil Poots ina n-aghaidh, ach tharraing sé conspóid nuair a labhair sé amach go poiblí ina gcoinne mar gheall ar an dochar a dhéanfaidís don eacnamaíocht.

Cúis imní ar leith is ea freasúra Poots do bheartais i leith Covid-19 toisc gur iar-aire Sláinte é. Údar iontais ag dreamanna eile in Stormont is ea é agus go bhfuil Poots fós ina aire sa bhFeidhmeannas d’ainneoin a iompair. Thug Peter Robinson ísliú céime dó in 2014 as iompar nach raibh leath chomh dúshlánach. Dá mba é Poots amháin a bhí ag baint d’údarás an cheannaire b’fhéidir go ndéarfaí go raibh cúis pholaitiúil éigin ag Arlene Foster lena choinneáil in oifig. Ach ní easaontóir aonair é an tAire Talmhaíochta.

Sceith bhéil is ea an Feisire Parlaiminte Sammy Wilson as a dhiúltú do mholtaí faoi mhascanna a chaitheamh. D’eisigh sé pictiúr de féin i siopa ag ithe uachtar reoite. An teachtaireacht a bhí leis an bpictiúr nárbh féidir é sin a dhéanamh dá mbeadh béalóg air. Cé go bhfuil sé éigeantach masc a chaitheamh ar eitiltí agus ar thraenacha, feictear Wilson agus an masc faoina smig nó ar crochadh óna chluais.

Rinne sé ionsaí fíochmhar ar Robin Swann, an tAire Sláinte ón UUP, ag rá go scriosfadh na srianta Covid-19 an geilleagair. Ionsaí ar cheannaire a pháirtí féin ab ea é sin chomh maith, ó tá Arlene Foster ag tacú leis na srianta anois.

Cheistigh an feisire Ian Paisley na srianta freisin mar a rinne an feisire Carla Lockhart i gcás na mbeartais is deireanaí.

Baineann an chuid is mó den easaontas leis an bpaindéim, ach b’údar iontais é sa samhradh nuair a vótáil scata de Theachtaí Tionóil an DUP in aghaidh beart a mhol Arlene Foster agus Michelle O’Neill. Ní dhearna Foster iarracht ar bith na Teachtaí sin a smachtú. Nuair a ceistíodh Foster go neamhbhalbh ag preasócáid faoina ceannaireacht a bheith i mbaol, shéan sí é ar ndóigh.

Ach tá roinnt sa pháirtí ag sioscadh agus ag cúlchaint fúithi ó thug sí na sála léi i dtuarascáil an Bhinse fiosraithe faoin RHI. Tá imní orthu chomh maith nach ró-iontach a bheidh sí ag mealladh vótaí feasta. Deir roinnt go mbeadh a dúshlán tugtha murach nach raibh iarrthóir aontaithe ann. Deir daoine eile gur gá í a fhágáil sa phost go dtí go mbeidh géarchéim na paindéime thart agus deis ag ceannaire nua tabhairt faoin obair agus an saol mar a bhí (nó gar dó!) arís.

Cé aige atá an ceart nó an amhlaidh nach maith le fir áirithe sa pháirtí coimeádach seo bean a bheith i gceannas? Neosfaidh an aimsir.

Ach má tá Arlene Foster chun a ceannaireacht a chosaint agus an Feidhmeannas a choinneáil slán ón nguagacht san DUP níor mhór di a húdarás mar cheannaire an pháirtí a léiriú.

Fág freagra ar 'Cé chomh minic agus a thig le ceannaire an DUP an leiceann eile a iompú?'