Cé atá ar an scothfhoireann a roghnaigh John Allen as imreoirí na linne?

Roghnaigh ár gcolúnaí plúr na n-imreoirí idir 2010-2020 dá scothfhoireann

Cé atá ar an scothfhoireann a roghnaigh John Allen as imreoirí na linne?

Tá sé i gceist agam iarracht a dhéanamh ar chúpla foireann ‘deich mbliana’ a roghnú don chéad chúpla seachtain eile. An tseachtain seo tosóidh mé leis na deich mbliana deireanacha.

Ní dóigh go mbeidh mórán ag argóint faoi Eoin Murphy Chill Chainnigh a bheith ainmnithe sa chúl. Tá caighdeán na gcúl báire thar a bheith ard faoi láthair ach ó thosnaigh Murphy in 2013 bhí sé ar fheabhas i mbeagnach gach cluiche a d’imir sé leis na Cait.

Ní dóigh ach oiread go ndiúltófar do Paul Murphy Chill Chainnigh ag uimhir a dó.

Thar thréimhse fhada ba dhíol suntais é mar chúlaí teann dian. Don dá áit eile sa líne lánchúil ar mo ghearrliosta tá triúr san iomaíocht. Cé go bhfuil an-mheas go deo agam ar Noel Connors na nDéise agus admhaím gur beag droch-chluiche a bhí aige leis na Déise ach ní dóigh liom gur féidir an bheirt eile a fhágaint amach.

Tá Daithí Burke ainmnithe agam ag uimhir a trí agus JJ Delaney ag uimhir a ceathair. Sea, tá a fhios agam gur beag cluiche a d’imir JJ sa chúinne ach ní féidir liom fear a fhágaint amach a d’éirigh as in 2014 ach a bhuaigh 3 bhonn na hÉireann, trí ghradam All Star, agus trí bhonn sraithe idir 2010 agus 2014.

Sa líne leathchúil is beag machnamh a bhí le déanamh agam. Brendan Maher, Brick Walsh agus Paudie Maher a fhaigheann an nod. Is laochra amach is amach iad triúr.

I lár na páirce faigheann David Burke geansaí amháin agus Michael Fennelly an ceann eile. Leanúnachas atá ag teastáil agus leanúnachas thar thréimhse deich mbliana don fhoireann seo agus níl aon dabht ach go bhfuil sé seo tugtha ag an mbeirt laochra seo dá gclub agus dá gcontae.

Chuir an Rí Henry Shefflin deireadh lena shaol idirchontae i ndiaidh séasúr 2014 ach cosúil le JJ Delaney bhuaigh sé slám ollmhór bonn náisiúnta ó 2010 mar aon lena thríú gradam Texaco d’imreoir na bliana in 2012.

 

 

Faigheann sé geansaí uimhir a deich ar an bhfoireann seo agus in aice leis táim ag tabhairt an chéad geansaí eile dá chara agus a chomrádaí club TJ Reid.

Is iontach an tosaí, an scórálaí agus an t-imreoir foirne é TJ agus é fós ar cheann des na tosaithe is fearr sa tír.

Ag uimhir a dó dhéag bhí dianmhachnamh le déanamh mar d’fhéadfá cás láidir a dhéanamh do bhuíon imreoirí ach mheasas féin go raibh na cáilíochtaí is láidre ag Richie Hogan agus Noel McGrath. Nuair a tháinig an crú ar an tairne chuas leis dTiobraid Árannach McGrath.

Bhí an líne dheireanach éasca go leor. Sa chúinne ar dheis tá Séamus Callinan agus in éineacht leis Joe Canning agus sa chúinne eile faigheann Patrick Horgan geansaí uimhir a cúig déag.

Phiocfadh a lán daoine Noel Connors agus Richie Hogan agus dhéanfadh daoine cás do Tony Kelly, Austin Gleeson, Cian Lynch, Pauric Mahony, Pádraig Mannion, Jackie Tyrell agus imreoirí eile nach iad, ach níl ach cúig áit déag againn agus dar ndóigh is tuairimí suibiachtúla atá á dtabhairt agamsa.

Gearáin chuig an eagarthóir ag Tuairisc.ie.

Fág freagra ar 'Cé atá ar an scothfhoireann a roghnaigh John Allen as imreoirí na linne?'