Cé atá á chaitheamh agat? Tá mé ag caitheamh Harry Clarke…

Cuairt ghearr ar an nGailearaí Náisiúnta a d’fhág i mbun marana mé ar ‘neamhspleáchas spioradálta’ ealaíontóirí an chéid seo caite

Cé atá á chaitheamh agat? Tá mé ag caitheamh Harry Clarke…

Bhí mé ar chuairt ghearr ar an nGailearaí Náisiúnta i mBaile Átha Cliath. Lá’l Pádraig a bhí ann agus gan mórán fonn mórshiúil orm.

Ar mo bhealach isteach, baineadh stangadh asam nuair a chonaic mé an leagan amach a bhí ar fhuinneog an tsiopa sa nGailearaí. Bhíodar ag cur saothar an ealaíontóra Harry Clarke chun cinn – an fear a bhfuil a lorg fágtha aige ar shéipéil agus ar áiteacha eile ar fud na tíre le fuinneoga áille, tarraingteacha gloine dhaite.

Agus iad ag cur Harry Clarke os comhair an phobail, bhí fallaing a bhí deartha le saothar Clarke agus é curtha ar mhainicín i bhfuinneog an tsiopa.

Ní raibh Bronnadh na nOscar i bhfad thart agus chuimhnigh mé ar an gceist a chuirtear go minic ar aisteoirí – ‘and who are you wearing?’ D’fhéadfadh an duine a mbeadh an fhallaing seo air, a rá le fírinne go raibh siad ‘ag caitheamh Harry Clarke’.

Tugadh thart ar sheomra amháin muid ina raibh saothair ghloine dhaite le Clarke agus James Healy, ar taispeáint go lonrach.

Ansin chonaic mé pictiúr péinteáilte crochta lena dtaobh sa seomra céanna. An t-ealaíontóir clúiteach Seán Keating a rinne é. Fear a bhí ina luí siar, agus cuma an smaointeora air agus é ag ligean a scíthe i bhfothracha Theampall Chaomháin in Inis Oírr, sa mbliain 1917, a bhí mar ábhar ag an ealaíontóir.

Cé a bhí sa bpictiúr ach fear na gloine daite é féin, Harry Clarke. Agus an teideal a thug Seán Keating ar a shaothar ná Thinking About Gobnait.

Níl mé cinnte cén ceangal a bhí idir an smaoineamh sin agus Teampall Chaomháin, seachas an seanchas faoi Ghobnait ar an oileán, ach thug sé comhthéacs suimiúil don phortráid. Tugadh le tuiscint go raibh Harry Clarke ag smaoineamh sa bpictiúr ar an saothar ‘Naomh Gobnait’ a dhéanfadh sé don ‘Honan Chapel,’ i gCorcaigh.

Go dtí le gairid ní bheadh a fhios agamsa céard a bhí i gceist le ‘Séipéal Uí Ónáin’ nó ‘The Honan Chapel’. Ach tharla sé gur tugadh cuireadh dom le gairid píosa cainte a dhéanamh le dream in Ollscoil Chorcaí, atá i mbun staidéir ar an iriseoireacht, i measc ábhair eile.

Agus beagáinín ama le spáráil agam roimh an seisiún leis na mic léinn, tugadh ar sciuird sciobtha mé chuig ‘The Honan Chapel’.

Tá sé tiomnaithe do Naomh Fionbarra ach toisc gurbh iad clann Honan a mhaoinigh an séipéal, tá sé ainmnithe in ómós dóibh. Agus cé go ndeirtear go bhfuil sé in Ollscoil Chorcaí, tá sé scoite amach píosa ón ollscoil féin sa gcaoi is nach bhféadfaí a rá go raibh séipéal de chuid creidimh ar leith ina dhlúthchuid den champas.

Ní mórán ama a bhí agam an mhaidin sin ach thug leagan amach agus dearadh an tséipéil ábhar machnaimh dom.

Ag tús an chéid seo caite bhí ealaíontóirí agus scríbhneoirí ag iarraidh bonn láidir nua a chur faoi chúrsaí ealaíne agus deartha in Éirinn. Bhí tionchar mór ag an ngluaiseacht ‘Ealaín agus Ceardaíocht’ sa mBreatain orthu. Ach sa tír seo chuireadar rompu ealaín agus ceardaíocht le blas láidir Éireannach a chur chun cinn.

Is sampla an-mhaith é an Honan Chapel den toradh a bhí ar an iarracht sin in aon áit amháin, in aon fhoirgneamh amháin, ón urlár aníos.

Déantar scéal mór d’fhuinneoga daite Harry Clarke ar ndóigh, ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist. Ealaíontóirí Éireannacha ar fad, den chuid is mó, a rinne na saothair ealaíne ansin.

Bhí baint ag roinnt mhaith ban leis an ngluaiseacht ealaíne seo ag tús an chéid. Ba í an t-ealaíontóir Sarah Purser a chuir tús leis an stiúideo ar tugadh ‘An Túr Gloine’ air agus bhí Harry Clarke ar dhuine den dream a d’oibrigh leo cé go raibh stiúideo ag a mhuintir féin.

Thinking about Gobnet (1917). Seán Keating

Agus bhí mná chun tosaigh sna hoibreacha a rinneadh go speisialta don séipéal, ag déanamh teicstílí, gloine, tíleanna, leabharcheangal agus bróidnéireacht ar na saothair éagsúla ann.

Dúradh faoin séipéal sin gur thug sé gach gné de ghluaiseacht na healaíne agus na ceardaíochta le chéile in aon iarraidh neamhghnách amháin. Tá sé suimiúil gur beannaíodh an séipéal i 1916 tráth a raibh imeachtaí mór le rá eile a raibh baint acu le spiorad an náisiúnachais agus na réabhlóide, ar siúl ar fud na tíre.

Is léir go raibh réabhlóid ealaíne ar siúl in Éirinn ag an am. ‘Gníomh Neamhspleáchais Spioradálta’ a tugadh ar thógáil Shéipéal Honan idir 1913 agus 1916.

Chuir séipéal Honan in Ollscoil Chorcaí, Cill Éinde sa Spidéal i gcuimhne dhom. Agus ar ndóigh is iad na fuinneoga daite ó stiúideo Sarah Purser is mó a théann i bhfeidhm ar an gcuairteoir. Tá Stáisiúin na Croise ansin atá an-chosúil leis na cinn i gCorcaigh agus iad déanta as mósáic agus iad curtha isteach sa bhalla. An t-ealaíontóir Ethel Rhind, a d’oibrigh leis an Túr Gloine, a dhear na cinn i gCill Éinde sa Spidéal.

In alt a scríobh Tiarna Chill Aithnín as an Spidéal in iris The Furrow i 1950, déanann sé an-chur síos ar dhearadh agus ar thógáil an tséipéil sa Spidéal. Bhronn an Tiarna Cill Ainnín suim mhaith airgid ar an gciste tógála agus tá roinnt de na fuinneoga sa séipéal tiomnaithe dá mhuintir.

Dar leis an Tiarna Cill Ainnín, rinneadh stáisiúin na Croise i stiúideo Sarah Purser (An Túr Gloine) agus chosain chaon cheann acu £20 – suim mhaith airgid ag tús an chéid seo caite. (Tá an t-alt ina iomláine ar shuíomh idirlín Chumann Forbartha Chois Fharraige.)

Chuir Sarah Purser tús lena stiúideo ‘An Túr Gloine’ agus an comharchumann ealaíontóirí a d’oibrigh ann i 1903 agus thug sí obair agus stádas ar leith d’ealaíontóirí Éireannacha a raibh baint acu leis ina dhiaidh sin.  Cé go mba ealaíontóir den scoth í féin, sheas sí siar agus rinne sí an obair a stiúradh go minic. Fuair sí bás sa mbliain 1943 agus tháinig deireadh leis an Túr Gloine thart ar an am sin.

Fuair Harry Clarke bás (leis an eitinn) i 1931 in aois a 41 bliain ach maireann a cháil fós sa tír seo agus thar lear. Agus anois, más maith leat, is féidir é a chasadh thart ar do mhuineál freisin.

Fág freagra ar 'Cé atá á chaitheamh agat? Tá mé ag caitheamh Harry Clarke…'