Cé acu is fearr an ‘múchtóir tine’ nó an ‘fearas múchta tine’?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Cén fáth a mbainfeá úsáid as leagan simplí nuair atá leagan casta ar fáil…

Cé acu is fearr an ‘múchtóir tine’ nó an ‘fearas múchta tine’?

Fadó fadó, nuair a bhí mé fós ag obair go lánaimseartha mar iriseoir in Éirinn, d’fhreastail mé ar cheardlann lae a raibh sé mar aidhm aici barr feabhais a chur ar scileanna cumarsáide na n-iriseoirí a ghlac páirt ann. (Tabhair faoi deara nár dúirt mé ‘na rannpháirtithe’.)

Fuair an té a bhí i gceannas ar an gceardlann locht ar leagan a bhí in úsáid ag duine againn, ‘fearas múchta tine’. B’fhearr ‘múchtóir tine’ a rá, dar le stiúrthóir na ceardlainne – ní toisc go mbeadh aon ní míghramadúil ag baint leis an gcéad leagan, ach toisc go raibh an dara leagan níos simplí. Agus, dá bharr sin, níos sothuigthe.

Chuimhnigh mé ar an bhfearas múchta tine úd an lá cheana nuair a shiúil mé thar sheirbhís níocháin carr a raibh na húinéirí tar éis ‘stiúideo aeistéitice mótarfheithiclí’ a bhaisteadh uirthi. Creid é nó ná creid ach ní raibh mé ach timpeall an chúinne nuair a chuaigh carr ó scoil tiomána thar bráid a raibh an mana ‘institiúid oiliúna do thiománaithe gluaisteán’ priontáilte ar a thaobh i litreacha móra gáifeacha.

Ós rud é go bhfuil cónaí orm sa Bhrasaíl agus ós rud é go bhfuil Portaingéilis líofa agam, cuirtear ceist orm ó am go chéile cén fáth nach mbím ag scríobh do na meáin Bhrasaíleacha.

Tá dhá chúis leis sin. Ar an gcéad dul síos, ní fiú dom é ó thaobh an airgid de. Ach ar an dara dul síos – agus seo í an chúis is tábhachtaí – níl mé sásta páirt a ghlacadh i bhfeiniméan forleathan sna bólaí seo ar a dtugaim ‘boilsciú teanga’.

Tá an boilsciú airgid sách dona sa Bhrasaíl; tá an boilsciú teanga níos measa. Tá comharsa béal dorais agam a deir ‘mo chuid réadmhaoine’ uair ar bith a mbíonn sí ag tagairt dá hárasán. ‘Bím fíorchúramach faoin gcineál duine a ligim isteach i mo chuid réadmhaoine’ – an cineál sin ruda.

Ní sochtheangeolaí ná staraí mé. Níl ann ach buille faoi thuairim nuair a deirim go measaim gur anall as an bPortaingéil a tháinig an claonadh sin úsáid a bhaint as na leaganacha is casta agus is féidir sa teanga, agus gur iarracht atá sa mhéid sin – agus í ar siúl ó chéad laethanta an choilíneachais i leith – iad siúd ar bheagán oideachais a choinneáil faoi chois.

Ar ámharaí an tsaoil ní bhíonn mórán den éirí in airde céanna le brath ar iriseoireacht na Gaeilge, ná – na heagrais stáit fágtha as an áireamh, bail ó Dhia orthu – ar an nGaeilge i gcoitinne. Is fíor go mbeadh ‘múchtóir tine’ níos sothuigthe ná ‘fearas múchta tine’ ach bí cinnte go mbeadh ‘innealra smachtaithe dóiteáin’ nó a mhacasamhail ag iriseoirí sa Bhrasaíl. Cén fáth a mbainfeá úsáid as leagan simplí nuair atá leagan casta ar fáil a bpolasaí siúd, shílfeá; a mhalairt de chur chuige a theastaíonn, ar ndóigh, má bhíonn tú ag iarraidh go dtuigfidh daoine thú.

Fág freagra ar 'Cé acu is fearr an ‘múchtóir tine’ nó an ‘fearas múchta tine’?'