Cé acu is faide a mhairfeas mar cheannaire, Kenny nó Martin?

Táthar ag caint arís faoi cheannaireacht Enda Kenny ar Fhine Gael, ach cad faoi Mhicheál Martin agus Fianna Fáil

Cé acu is faide a mhairfeas mar cheannaire, Kenny nó Martin?

Pictiúr: RollingNews.ie

Feicim go bhfuiltear ag caint arís faoi cheannaireacht Enda Kenny ar Fhine Gael is cathain an éireoidh sé as – sin má éiríonn sé as choíche.

Dúirt Enda féin go ndéanfaidh sé an beart á luaithe is a bheidh sé soiléir go gcuirfear na hinstitiúidí i bhfeidhm arís ó thuaidh agus a luaithe is atá soiléireacht ann faoin idirbheartaíocht le Sasana agus leis an Aontas Eorpach maidir leis an mBreatimeacht.

Cibé seans atá ann i dtaobh na hidirbheartaíochta sin, is dána an té a chuirfeadh geall ar bith ar shocrú ar bith a bheith déanta ó thuaidh roimh deireadh na bliana.  Agus is í an éiginnteacht sin atá ag cur as do naimhde Uí Chionnaith i bhFine Gael.

Tá Noel Rock ceaptha aige féin ina ghiolla  ag Leo Varadkar, is cosúil, agus é ag geonaíl gurb é seo an t-am is fearr do Kenny éirí as mar gheall ar an olltoghchán sa mBreatain! Níl aon loighic leis sin, ar ndóigh, ach thapaigh Rock an deis go fonnmhar le spéis i gceist na  ceannaireachta a mhúscailt in athuair.

Cinnte tá fadhb mhór ag an dá phríomhiomaitheoir don phost, Leo Varadkar agus Simon Coveney. Ba mhaith leo beirt go dtabharfaí dúshlán Uí Chionnaith ach creideann siad gurb é fear na scine a chaillfeas.  Tá siad ag faire ar a chéile.

Glacann na meáin leis, ar ndóigh, nach n-éireoidh le Fine Gael má fhanann Kenny mar cheannaire.  Níl aon fhianaise ann a thacaíonn leis an tuairim seo, agus ní léir go gcreideann gnáthbhaill Fhine Gael go mbeadh sé de chumas ag ceachtar den bheirt dul i bhfeidhm chomh mór sin ar na ceannairí Eorpacha agus a rinne Kenny – rud a chuir iontas orm féin, caithfidh mé a rá.

Ní fheicim féin go bhfuil aon bhrú mór ar Kenny éirí as, cé gur dócha go mbeidh práinn leis an scéal de réir mar a theannann muid le toghchán. Ní fheicim mar sin go mbeidh aon fhorbairt ar an scéal seo roimh an samhradh mura dtagann misneach éigin chuig a naimhde. Sa bhfómhar is túisce a thabharfar fogha faoi Kenny, creidim.

Níl fadhb den chineál céanna acu i bhFianna Fáil. Fad is atá an páirtí sin ag fás leo beagán ar bheagán agus ag coinneáil chun tosaigh ar Fhine Gael sna pobalbhreitheanna, ní baol do Mhicheál Martin.

Ach ní shin le rá go bhfuil chuile rud socair is ciúin sa bpáirtí. Tá Barry Cowen le ceangal, deirtear liom, mar gheall ar an gcaoi ar náirigh lucht ceannais a pháirtí os comhair an tsaoil é maidir le cúrsaí uisce.

Phléigh Cowen a straitéis uisce lena chomhghleacaithe roimh ré agus dar leis go raibh aontas ann faoina phlean. Mhaígh sé fiú nach dtacódh Fianna Fáil le ceapadh Taoiseach nua mura dtabharfadh an rialtas reachtaíocht isteach le feidhm a thabhairt do mholtaí an Choimisiúin.

Ach ghlac Ard-Rúnaí an pháirtí, Seán Dorgan, agus príomhchomhairleóir Martin, Deirdre Gillane, leis an argóint – a cuireadh ar aghaidh go láidir san Irish Times agus san Irish Independent – go gcaillfeadh Fianna Fáil tacaíocht an mheánaicme mura n-athróidís a ndearcadh.

Dúradh sna meáin go raibh Fianna Fáil faoi bhois an chait ag Sinn Féin agus acu siúd atá an-fhada amach ar an eite chlé, agus go mba chuma dá bharr cé mhéad vóta a mheallfadh a seasamh dá bharr.

Tuigeann muintir Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath, ach go háirithe, go gcaithfidh siad vótaí a mhealladh ar ais ón lucht más fúthu a bheith in ann rialtas láidir a bhunú iad féin (nó le tacaíocht cúpla neamhspleách).  Agus tuigeann siad freisin go bhfuil seans mór ann nach mbeidh tacaíocht do chomhrialtais ar fiú labhairt uirthi ar fáil dóibh go ceann i bhfad ó aon dream eile seachas Sinn Féin.

Níl aon phráinn leis na hargóintí seo, agus níl éinne chun dúshlán Martin a thabhairt. Ach táthar ag casaoid os íseal, agus b’fhiú do Martin aird a thabhairt air sin.

Óir seachas cúrsaí uisce, tá cuid mhaith de lucht tacaíochta Fhianna Fail faoin tuath buartha faoina bhfuil i ndán do Bhus Éireann agus an tseirbhís a chuireann sé ar fáil do bhailte beaga ar fud na tíre.

Mac fhear bhus is ea Martin féin, ach níl gíog cloiste uaidh maidir leis an scéal seo: tá sé chomh ciúin faoi is atá Shane Ross, Seán Canney agus Boxer Moran. Cén fáth an ciúnas? Tá an cheist sin á cur ag roinnt i bhFianna Fáil.

Mar sin féin, má leanann an borradh beag atá faoi Fhianna Fáil, tiocfaidh Martin slán.  Ach má thagann aon lagú ar an dul chun cinn sin, nó má náirítear urlabhraithe an pháirtí sách rialta, thiocfadh athrú pras ar an scéal sin.

Is fiú an cheist a cur mar sin: cé acu is faide a mhairfeas mar cheannaire, Kenny nó Martin?