Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Mhichael Lally mar cheannasaí na nuachta Gaeilge?

Tá daoine atá ag obair i mBaile na hAbhann, i nDomhnach Broc agus i gCasla á lua leis an bhfolúntas do Phríomh-Eagarthóir Nuacht TG4/RTÉ

Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Mhichael Lally mar cheannasaí na nuachta Gaeilge?

Táthar ag súil le cuid mhaith iarratas ar an bhfolúntas do Phríomh-Eagarthóir Nuacht TG4/RTÉ a fógraíodh inné agus an chaint tosaithe anois faoi cé a cheapfar mar chomharba ar Mhichael Lally atá ag éirí as an bpost atá aige le 22 bliain anuas.

Ceapachán inmheánach a bheidh ann agus is é an Leasphríomh-Eagarthóir sa seomra nuachta i mBaile na hAbhann, Joe Reddington, is mó atá á lua leis an bpost.

D’fhéadfadh go mbeadh roinnt mhaith daoine in iomaíocht le Reddington, áfach. I measc na ndaoine eile i mBaile na hAbhann atá á lua leis an bhfolúntas tá na clár-eagarthóirí Beirní Ní Chuinn agus Breandán Delap, agus duine de phríomh-fho-eagarthóirí na seirbhíse Páidí Ó Lionáird.

Iarrthóir an-láidir chomh maith a bheadh i Rónán Mac Con Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ a bhfuil cúlra láidir nuachta aige.

Maidir leo siúd atá lonnaithe sa seomra nuachta i nDomhnach Broc, is é iar-chomhfhreagraí polaitíochta Nuacht TG4 Joe Mag Raollaigh is mó atá á lua leis an bhfolúntas.

Ar ndóigh, d’fhéadfadh go mbeadh suim ag roinnt daoine in RTÉ Raidió na Gaeltachta tabhairt faoi dhúshlán nua chomh maith. Is é an tEagarthóir Stiúrtha Nuachta Ciarán Ó Fátharta an duine is sinsearaí atá ag plé le cúrsaí nuachta i gCasla agus thug an t-iriseoir Cóilín Ó Neachtain tréimhse sa ról sin le déanaí chomh maith. Tá roinnt craoltóirí sinsearacha in RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhfuil taithí teilifíse acu chomh maith, ina measc leithéidí Mháirín Uí Ghadhra.

Pé duine a cheapfar mar an dara ceannasaí riamh ar Nuacht TG4/RTÉ, bheifí ag súil go ndéanfaidh sé nó sí roinnt athruithe ar an tseirbhís.

Níor bheag an dúshlán a bheadh ansin áfach agus deacrachtaí éagsúla ag an tseirbhís faoi láthair, ina measc easpa acmhainní foirne.

Mhaígh Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont le déanaí gur   “gearradh siar” ar acmhainní nuachta a bhí ar bun ag RTÉ. 

De réir na reachtaíochta, tá dualgas ar RTÉ 365 uair an chloig de chlár a sholáthar do TG4 in aghaidh na bliana agus cuirtear Nuacht TG4 ar fáil mar chuid den soláthar sin.

“An deacracht is mó, ná ní chuireann RTÉ a ndóthain acmhainní ar fáil don chraoltóireacht agus do na meáin Ghaeilge agus caithfidh mise leanacht, agus leanfaidh mé, le brú a chur ar RTÉ. 

“Ní dóigh liom go bhfuil siad ag cur ar fáil a ndóthain le haghaidh an uair an chloig sa lá atá ceaptha dóibh a chur ar fáil sa reachtaíocht,” a dúirt Ardstiúrthóir TG4 agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Luaigh Esslemont go sonrach cúrsaí nuachta. 

“Ní hin an bealach atá muid ag iarraidh a dhul. Tá daoine in easnamh i gCorcaigh, tá daoine atá imithe ar saoire. Bhuel, má tá siad ar saoire, caithfear clúdach a chur ar fáil. Ar bhealach, beidh teannas idir muidne agus RTÉ agus sílim gur teannas folláin a bheas ann agus teannas atá ar mhaithe leis an Ghaeilge,” a dúirt Esslemont.

Thángthas ar réiteach le déanaí ar an easaontas idir TG4 agus RTÉ faoi sholáthar nuachta Gaeilge an dá stáisiún.

Faoin socrú a rinneadh sna cainteanna idir an dá stáisiún, is é ‘Nuacht RTÉ le TG4’ an branda a bheidh in úsáid feasta ag an bhfeasachán nuachta Gaeilge a bhíonn ar RTÉ a hAon tráthnóna ach beidh na “luachanna” eagarthóireachta céanna is a bhí roimhe seo ag feasachán RTÉ. Léirigh an t-aighneas áfach nach rabhthas ar aon intinn faoin gcur chuige ó taobh cúrsaí eagarthóireachta a cheart a bheith ag na feasacháin nuachta Gaeilge, dúshlán eile a bheidh le sárú ag an bPríomh-Eagarthóir Nuachta nua.

Fág freagra ar 'Cé a thiocfaidh i gcomharbacht ar Mhichael Lally mar cheannasaí na nuachta Gaeilge?'